Nithe is Díol Spéise sa Cheantar Áitiúil

Nithe is Díol Spéise i gCorcaigh

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Dhún Camden Uí Mheachair, atá suite ar imeall Bhun an Tábhairne, Cuan Chorcaí, Éire, áit óna bhfuil radhairc iontacha ar Chuan Chorcaí agus ar an gCóbh, an áit deiridh ar stop an long mhí-ámharach, an Titanic. 

Mórthimpeall ar shráidbhaile Bhun an Tábhairne tá tránna gainimh agus cuasa faoi cheilt, áit bhreá chun tamall a chaitheamh ag snámh sa tráthnóna nó chun tamall a chaitheamh ag siúl, tránna agus cuasa atá in achar siúil ón sráidbhaile, nó turas gearr sa charr. I measc na ngníomhaíochtaí amuigh faoin aer is féidir a dhéanamh sa cheantar seo tá siúlóidí coillearnaí, marcaíocht ar chapall, rothaíocht, galf, iascaireacht, seoltóireacht agus leadóg. 

Más mian leat dul chomh fada le Club Luamhaireachta Ríoga Chorcaí, an Club luamhaireachta is sine ar domhan, ní gá duit ach tamall gearr a chaitheamh ag siúl cois abhann. Is ní is díol spéise nach mór dul chomh fada leis é Dún Camden Uí Mheachair má tá tú ag taisteal mórthimpeall ar cheantar Chorcaí/Chiarraí – an réigiún turasóireachta is fearr in Éirinn. 

Cuireann an tírdhreach éagsúil, lena n-áirítear tírdhreach creagach álainn neamh-mhillte chósta Iarthar Chorcaí agus sléibhte Chill Airne, gliondar ar an turasóir is géarchúisí fiú. 
I measc na n-áiteanna eile in aice láimhe ar fiú cuairt a thabhairt orthu tá Cionn tSáile, Caisleán na Blarnan, Páirc Fhiadhúlra Fhóite, Ionad Oidhreachta an Chóibh agus Ionad Oidhreachta Fhuisce Jameson. 

Táimid suite ag an mbealach isteach chuig Iarthar Chorcaí, atá taobh le turas 15 nóiméad sa charr ó Aerfort agus Cuan Bád Farantóireachta Chorcaí. 
 

Nithe eile is díol spéise

Crosshaven Village

Is sráidbhaile é Bun an Tábhairne atá suite i nDeisceart Chontae Chorcaí, in aice le béal Chuan Chorcaí, Éire, thart ar 23 km ó dheas de Chathair Chorcaí, 18 km ó Chathair Chorcaí agus díreach 12 km ó Rinn an Scídigh. Tá cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Bhun an Tábhairne mar mhórionad seoltóireachta agus slatiascaireachta. Tá traidisiún seanbhunaithe agus suimiúil loingseoireachta agus saoirseachta bád ag Bun an Tábhairne. Tá a chúlra ag teacht lena shuíomh gleoite ar inbhear Abhainn na Baoi laistigh de Chuan Chorcaí. Má thugann tú cuairt ar Bhun an Tábhairne beidh deis agat do scíth a ligean i gceann de na caiféanna nó beáir nó taitneamh a bhaint as siúlóid agus lán do shúl a bhaint as na radhairc ar an talamh, ar an abhainn agus ar an bhfarraige. Anseo is féidir leat taitneamh a bhaint as siúlóidí áille, an lá a chaitheamh ag iascaireacht ar do sháimhín só, bia blasta, spóirt éagsúla agus sa tráthnóna féadfaidh tú do scíth a ligean i gceann de na tithe tábhairne agus taitneamh a bhaint as an gceol agus craic. Tá níos mó agus níos mó seirbhísí á gcur ar fáil i mBun an Tábhairne de réir a chéile mar aon le rogha leathan gníomhaíochtaí fóillíochta agus spóirt e.g., Siúlóidí & Fálróid, Rothaíocht, Galf, Leadóg, Iascaireacht, Fámaireacht, Siopadóireacht, Ceol, Ealaíon & Cultúr, Stair & Oidhreacht, ionaid itheacháin agus neart eile. I rith do chuairte, tapaigh do dheis chun cúpla rud a fhoghlaim faoi stair, ailtireacht agus bhéaloideas Bhun an Tábhairne ach na siúlóidí a bhfuil cur síos déanta orthu ar an suíomh gréasáin seo a leanúint: siúlóidí a thugann deis duit taitneamh a bhaint as suaimhneas na nGairdíní Cois Abhann agus airdí Dhún Camden Uí Mheachair, mar aon le radhairc den chéad scoth den taobh amuigh agus den taobh istigh den Chuan, bánna lúbacha agus féarach agus coillearnach dheas chiúin.

Historic Building

Áit chónaithe dhúchais theaghlach Hayes tráth dá raibh ach teach atá faoi úinéireacht phríobháideach anois. Ba sa bhliain 1769 a thóg William Hayes an teach ar an suíomh seo óna bhfuil radhairc iontacha ar Chuan Chorcaí agus arb ionann é agus ceann de na samplaí is fearr d’ailtireacht Sheoirseach in Éirinn. Is foirgneamh trí stór atá ann a bhfuil íoslach ann freisin, dhá haghaidh atá beagnach mar an gcéanna déanta d’eisléir liath, agus is sainchomhartha i mBun an Tábhairne é an teach seo i gcomhair breis is 200 bliain. Tugtar chun cuimhne scéalta tábhachtacha a bhaineann le cúlra an bhaile i gcomhthéacs eachtraí éagsúla cosúil le bunú an Tí Anraith i rith an Ghorta Mhóir. I ndiaidh an teach a athchóiriú go slachtmhar arís, tá sé ar fáil le ligean ar cíos ar bhonn príobháideach, mar ionad cóiríochta, do bhainiseacha agus d’ócáidí eile. Is féidir turais phoiblí a eagrú i rith an tséasúir turasóireachta freisin.
 

Yacth on the Sea

Bunaíodh Club Luamhaireachta Ríoga Chorcaí sa bhliain 1720 agus tá sé suite ag an mbealach isteach chuig an sráidbhaile. Is é seo an club luamhaireachta is sine ar domhan agus tá neart ball páirteach sa chlub agus san áireamh sa fhlít tá na báidíní seoltóireachta is lú is féidir a cheannach agus luaimh rásaíochta aigéin agus chrúsála ar mór an spórt iad. I measc na n-imeachtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a eagraíonn baill an chlub tá an t-imeacht luamhaireachta is cáiliúla in Éirinn dar teideal ‘Seachtain Chorcaí’ – imeacht débhliantúil de chomórtais agus féilte seoltóireachta idirnáisiúnta. Bíonn an cladach dubh le Muiríní nua-aimseartha agus bádchlóis, a thairgeann seirbhísí den chéad scoth don líon mór daoine ar spéis leo spóirt uisce a bhíonn ag triall ar Bhun an Tábhairne. Is é Cé Hugh Coveney, an t-ionad fágála agus stad do thurais mórthimpeall ar an gcuan, Ceanncheathrú bhád tarrthála áitiúil an INRBT agus suíomh Chlub Slatiascairí Farraige Bhun an Tábhairne. Tá cáil ar an áit seo mar cheann de na hionaid domhainiascaireachta is fearr sa tír, agus tagann slatiascairí ó fud an domhain chun cuairte ar Bhun an Tábhairne chun taitneamh a bhaint as na meánna méithe seo.

Woods

Tá neart siúlbhealaí iontacha le fáil i mBun an Tábhairne, agus tá eolas faoi chuid acu le fáil thíos:

Siúlóid Iarnróid Bhun an Tábhairne agus Lána Rothaíochta a hAon, agus i measc ceann de na siúlóidí is mó tóir tá an tsiúlóid dheas ó Chill na gCléireach, in aice le Carraig Uí Leighin, chomh fada le Bun an Tábhairne, agus beidh Abhainn na Baoi le do thaobh an bealach ar fad go dtí an cuan. Feadh an bhealaigh beidh deis agat súil a chaitheamh ar speicis éin éagsúla agus ar an bhfiadhúlra nó do scíth a ligean más mian leat agus picnic a bheith agat ag ceann de na limistéir chonláiste. Tá cúlra iontach ag an tsiúlóid seo de bhrí go ritheann a bhformhór feadh na seanlíne iarnróid idir Corcaigh agus Bun an Tábhairne, líne iarnróid a bhí in úsáid idir 1904 agus 1932.

An tSiúlóid Fhéarúil agus Aille Má thugann tú faoin tsiúlóid atá marcáilte i ndath gorm beidh deis agat taisteal ón sráidbhaile feadh Bhóthar an Phointe, thar pháirc shiamsaíochta “The Merries”, Bádchlós Bhun an Tábhairne, Gairdín agus fánán an Phointe chomh fada le deireadh Bhóthar an Phointe, áit a bhfuil “An tSiúlóid Fhéarúil”. Is féidir leat an cosán a dhreapadh chomh fada leis an ionad amhairc agus taitneamh a bhaint as na radhairc iontacha den taobh istigh den chuan: Inis Píc, Inis Sionnach agus baile stairiúil an Chóibh. Is é Cuan Chorcaí an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan. Is é Cuan Sydney an cuan nádúrtha is mó ar domhan. Is é seo an bealach isteach chuig Dún Camden Uí Mheachair freisin. Ón gcarrchlós in aice láimhe is féidir leat an taobh amuigh den chuan a fheiceáil mar aon le Rinn an Róistigh. Tá Bá Graball le feiceáil thíos faoi. Is anseo atá Cairéal na nDaoránach, a chuir an chloch ar fáil chun an Dún a fhorbairt, ar a tugadh Dún Camden an t-am sin. Is féidir leat an tsiúlóid seo a chríochnú trí fhilleadh ar an sráidbhaile feadh Bhóthar Camden nó an siúlbhealach atá marcáilte i ndath buí a leanúint, a thabharfaidh chomh fada le Bá Graball thú. Má leanann tú ar aghaidh ag siúl, beidh an rogha agat fanacht thuas ar na haillte nó siúl feadh an chladaigh. Arís, beidh an rogha agat filleadh trí Bhóthar Graball nó leanúint ar aghaidh chomh fada le Poll na Caillí, láthair shnámha eile. Ní féidir codanna den tsiúlóid seo a chríochnú ach ar an gcladach agus ní féidir codanna eile a chríochnú ach ar na cosáin a mbíonn neart daoine ag siúl orthu ar bharr na haille. Mar gheall ar chreimeadh cósta ní mór a bheith cúramach ar na cosáin seo i gcónaí.

Siúlóid Theampall Bríde Anseo is féidir leat an siúlbhealach atá marcáilte i ndath dearg a leanúint agus filleadh ar an sráidbhaile trí Bhóthar na hEaglaise nó bealach na radharc a leanúint trí chasadh ar chlé agus cosán an chnoic aird a leanúint agus ansin, an siúlbhealach poiblí tríd an ngarraí in aice láimhe a leanúint, agus sroichfidh tú mullach Theampall Bríde. Sa bhliain 1779 a tógadh Séipéal Mhatha, nach bhfuil ann ach fothrach anois. Go dtí sin, bhí ballaí Sheanteampall Bríde fós ina seasamh, ach leagadh go talamh iad ionas go bhféadfaí an séipéal nua a thógáil. Tá na hinscríbhinní ar na clocha cinn a bhaineann leis an 18ú hAois an-spéisiúil, tá thart ar dhaichead cloch cinn ann ar fad agus is ó thuaidh den séipéal atá a bhformhór. Siúil síos an cnoc ó Theampall Bríde, dreap an stíl ar thaobh na láimhe deise agus lean an cosán chomh fada le Coill an Chruacháin. Is ag an teorainn thoir atá Tobar Muire. Níos faide soir tá Tobar Bríde, agus gach seans gur roghnaíodh an t-ainm áirithe seo de bhrí go raibh an tobar seo in úsáid chun uisce a chur ar fáil do Sheanteampall Bríde. Lean ar aghaidh ar an gcosán seo, trí na garraithe agus eastát Brightwater, agus fill ar lár an tsráidbhaile. Nuair a shroicheann tú an stíl sin arís i ndiaidh Theampall Bríde a bhaint amach, d’fhéadfá casadh ar chlé feadh Bhóthar Bhá Fennell agus siúl feadh an chladaigh, má tá an taoide oiriúnach, nó ceann de na cosáin chomh fada le Baile an Chuainín a leanúint, trá ghainimh álainn agus láthair shnámha a mbíonn an-tóir uirthi. Níos faide ar aghaidh, ar bhóthar cósta na radharc, óna bhfuil leathanradhairc ar an taobh amuigh den chuan, sroichfidh tú Baile Mhontáin, láthair shnámha a mbíonn go leor daoine ag triall uirthi.

Siúlóid an tSráidbhaile Is siúlbhealach gearr é seo a dhíríonn ar nithe is díol spéise atá gar don sráidbhaile. Beidh deis agat súil a chaitheamh ar Theach Seoirseach Bhun an Tábhairne, atá athchóirithe agus a bhfuil cuma mhaorga air arís, agus ar na tailte ar chúl áit a bhfuil an club áitiúil galf dhá mhaide. Lean an cosán ó dheas den teach agus téigh thar na tailte Galf Dhá Mhaide agus Leadóige, téigh chomh fada leis an gcosán, cas ar dheis agus lean ar aghaidh chomh fada le Bóthar na hEaglaise áit a bhfeicfidh tú Eaglais na Tríonóide Naofa. Is bunaithe ar dhearadh de chuid William Burgess atá an struchtúr a tógadh agus tá samplaí breátha d’fhuinneoga daite le fáil ann. Leagadh an bhunchloch sa bhliain 1886. Níos faide ar aghaidh feicfidh tú Séipéal Bríde agus Clochar na Toirbhirte. Leagadh bunchloch Shéipéal Bríde sa bhliain 1869. Aolchloch ón An tOileán Beag a úsáideadh chun an struchtúr seo a dhear Edward Pugin a thógáil. Cuireadh an obair thógála ar Chlochar na Toirbhirte i gcrích sa bhliain 1879. Ó shin i leith, cuireadh síneadh suntasach leis an gClochar agus ní hamháin go bhfuil bunscoil do chailíní ann anois, tá meánscoil chomhoideachais ann freisin. Tá Scoil Náisiúnta Buachaillí Bhun an Tábhairne, a tógadh sa bhliain 1943, suite ar shuíomh an tSeanstáisiúin Iarnróid, an Líne Iarnróid idir Corcaigh agus An Pasáiste a osclaíodh den chéad uair sa bhliain 1850. Ar an 30 Bealtaine, 1904, osclaíodh síneadh Bhun an Tábhairne go hoifigiúil, agus go híorónta, chuaigh Bun an Tábhairne ó neart go neart, ach ní raibh mórán ratha ar an iarnród. Ar an 31 Bealtaine 1932, díreach 28 bliain i ndiaidh na líne iarnróid a oscailt, ainneoin neart agóidí, dúnadh Líne Iarnróid Bhun an Tábhairne. Is ag an acomhal idir An Bóthar Uachtarach agus An Bóthar Íochtarach, ag an éadan le huisce, atá Club Luamhaireachta Ríoga Chorcaí agus an mhuiríne suite. Bunaithe in Inis Sionnach ar dtús, sa bhliain 1720, is é seo an club luamhaireachta is sine ar domhan. Díreach trasna uaidh, tá Seanstáisiún an Gharda Cósta, a tógadh chun cur i gcoinne smuigléireachta sna haoiseanna atá caite. Tá ceanncheathrú an Gharda Síochána i gceann de na foirgnimh seo faoi láthair. Nuair a fhilleann tú ar lár an tsráidbhaile, rachaidh tú thar an Oifig Eolais do Thurasóirí, an Ché agus Gairdín Quaterdeck, forbairt de chuid Thurasóireacht Bhun an Tábhairne a cuireadh i gcrích in 1989 agus atá tiomnaithe do gach mairnéalach.