
Rátaí Tráchtála
Is cáin mhaoine tráchtála áitiúil é Rátaí Tráchtála a chuireann maoiniú ar fáil i bpáirt do chláir chaiteachais Chomhairle Contae Chorcaí. Gearrtar rátaí ar réadmhaoine tráchtála amhail siopaí, oifigí, monarchana, trádstórais, óstáin, áitribh cheadúnaithe etc.
Cabhraíonn an t-ioncam ó na Rátaí le roinnt de na seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Chorcaí ar fáil a chur ar fáil. Orthu sin tá:
Forbairt Gheilleagrach – Tá 1% de na Rátaí a bhailítear imfhálaithe le haghaigh Chiste Forbartha Geilleagraí na Comhairle
Seirbhísí a Sholáthar do chuideachtaí 'Nuathionscanta' lena n-áirítear aonaid chothaithe agus tacaíocht ó Oifigí Fiontair Áitiúil
Ciste Forbartha Bailte - Cuirtear €1 milliún i leataobh gach bliain
Forbairt Áitiúil agus Pobail
Bóithre an chontae a chothabháil agus a fheabhsú
Briogáidí Dóiteáin agus seirbhísí gaolmhara
Rialú pleanála
Páirceanna, limistéir taitneamhacha agus clóis shúgartha
Leabharlanna agus leabharlanna taistil
Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte
Gardaí Tarrthála Trá
Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thíos, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.