Rialachas agus Riarachán

Conas is féidir liom Vótáil?

Caithfidh tú trí riachtanas a chomhlíonadh chun clárú i gcomhair toghcháin in Éirinn

Aois:

Caithfidh duine a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad ar an lá a dtagann an clár i bhfeidhm (15 Feabhra). Tá gach cónaitheoir atá 18 mbliana d'aois nó níos sine i dteideal a bheith ar an gclár.

Saoránacht:

Cé go bhfuil gach cónaitheoir atá ina dhuine fásta i dteideal a bheith cláraithe, bíonn gá ag an údarás clárúcháin a bheith ar an eolas faoi shaoránacht an duine, mar sin é a dheimhníonn cé na toghcháin inar féidir le duine vóta a chaitheamh. Is é an dáta cáilithe saoránachta ná an 1 Meán Fómhair, sula dtagann an clár i bhfeidhm. Tá an ceart vótála mar seo a leanas:

  • Is féidir le saoránaigh Éireannacha vótáil i ngach toghchán agus reifreann
  • Is féidir le saoránaigh na Breataine vótáil i ngach toghchán Dála, Eorpach agus áitiúil
  • Is féidir le saoránaigh eile de chuid an AE vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla
  • Ní féidir le saoránaigh ó lasmuigh den AE vótáil ach i dtoghcháin áitiúla.

Cónaí:

Caithfidh duine a bheith "ina chónaí de ghnáth" ag an seoladh cui ar an 1 Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm. Ní féidir le duine a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin. Má tá breis is seoladh amháin ag duine - mar shampla, má tá duine ina chónaí as baile ag freastal ar choláiste - ba chóir an t-údarás clárúcháin a chur ar an eolas faoin seoladh ar mian leis an duine a bheith cláraithe ann.

Is féidir le duine a fhágann a ghnáthsheoladh, agus é ar intinn aige nó aici filleadh ansin laistigh de 18 mí, a bheith cláraithe ag an seoladh sin i gcónaí, chomh fada is nach mbeidh sé nó sí cláraithe ach ag aon seoladh amháin.

Duine atá as láthair go sealadach óna ghnáthsheoladh; amhail duine atá ar laethanta saoire, san ospidéal nó as láthair de bharr cúraimí oibre, ba chóir dó a bheith cláraithe ag an seoladh sin. Níor cheart go mbeadh cuairteoir nó duine nach mbíonn ag an seoladh ach go sealadach a bheith cláraithe ag an seoladh sin.

is absent temporarily from his or her ordinary address; such as a person on holiday, in hospital or absent for employment purposes, should be registered for that address. A visitor or person staying temporarily at the address should not be registered.

B'fhéidir go n-iarrfadh an t-údarás clárúcháin fianaise ar dhuine chun tacú lena theideal vótála, le clárú i gcomhair vótála i dtoghcháin in Éirinn. D'fhéadfadh siad seo a bheith ináirithe orthu sin:

  • Teastas Breithe
  • Teastas Eadóirseachta.

Foilsítear an dréachtchlár ar an gcéad lá de Shamhain, agus bíonn sé ar fáil chun é a scrúdú ag oifigí poist, leabharlanna poiblí, stáisiúin Gardaí, tithe cúirte agus oifigí Údaráis Áitiúla go dtí an 25 Samhain. Iarrtar ar an bpobal é a sheiceáil i rith na tréimhse sin, lena chinntiú go bhfuil na clárúcháin i gceart.

Ba chóir aon earráid nó aon easnamh sa dréacht a chur in iúl láithreach don údarás clárúcháin. Is é an Cláraitheoir Contae, ar oifigeach cáilithe cúirte é, a shocraíonn éilimh maidir le hainmneacha a chur leis nó a bhaint den chlár.

Déantar an rialú go poiblí, agus is féidir le haon duine teacht i láthair agus fianaise a thabhairt. Cuirtear na daoine ar suim leo é ar an eolas maidir le cinneadh Chláraitheoir an Chontae. Is féidir achomharc a dhéanamh sa chúirt chuarda i gcoinne chinneadh an Chláraitheora.

Foilsítear an Clár deireanach ar an gcéad lá de mhí Feabhra, agus tagann sé i bhfeidhm ar feadh bliana ar an 15 Feabhra. 

Is féidir leat d'ainm a seiceáil ar líne anois ag www.checktheregister.ie

Is é an dáta dúnta le gur féidir postvótálaithe a bheith ináirithe ar an fhorlíonadh ná dhá lá tar éis den ordú faoi choinne toghchán nó reifreann a bheith sínithe. Is féidir le toghthóir a bhfuil a ainm ar Liosta na bPostvótálaithe vótáil tríd an bpost amháin i dtoghchán nó i reifreann agus ní féidir leis vótáil ag stáisiún vótála.

Is féidir leis na catagóirí daoine seo a leanas a bheith cláraithe mar phostvótálaithe:

  • Toghthóirí a bhfuil tinneas fisiceach orthu agus atá ina gcónaí sa bhaile
  • Toghthóirí nach bhfuil ar a gcumas vótáil ag a stáisiún vótála de bharr cúinsí oibre
  • Baill lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta. Is féidir le baill atá ina gcónaí ag dún míleata a bheith cláraithe ag an dún nó ag a seoladh baile
  • Taidhleoirí Éireannacha atá ar dualgas thar lear, agus a gcéilí nuair atá siad cláraithe ag a seoladh baile in Éirinn
  • Tá an rogha ag baill den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann) a bheith cláraithe mar ghnáth-thoghthóirí nó mar phostvótálaithe. Bíonn siad cláraithe ag a seoladh baile ar aon chor
  • Daoine nach féidir leo féin vótáil de bharr cúinsí áirithe, amhail iad a bheith á gcoinneáil i bpríosún, de bhun Ordú Cúirte.

Caithfear iarratas nua a chur isteach i gcomhair gach catagóire thuas, gach uile bhliain.

Is tríd an bpost amháin is féidir le toghthóir atá cláraithe mar phostvótálaí vótáil agus ní féidir leis vótáil ag stáisiún vótála.

Má tá tú i do chónaí in ospidéal nó i dTeach Altranais agus tinneas nó míchumas fisiciúil ort a chuireann bac ort dul go dtí Stáisiún Vótála, is féidir leat iarratas a chur isteach le bheith ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.

Chun go mbeadh toghthóir cáilithe le bheith ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, chaithfeadh go mbeadh gach seans ann go leanfadh míchumas fisiciúil an té sin le linn den chlár a bheith i bhfeidhm agus go gcuirfeadh sé cosc ar an té sin dul go dtí an stáisiún vótála. Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais le bheith ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.

Ní mór iarratais le bheith ar Liosta na Vótálaithe Speisialta a chur isteach roimh an 25 Samhain, agus más é gurb é an chéad iarratas é, caithfear teastas dochtúra a chur leis.

Caitheann toghthóirí atá ar Liosta na Vótálaithe Speisialta vóta tríd an bpáipéar ballóide a mharcáil a thugann oifigeach ceannais speisialta dóibh, a mbíonn ball den Gharda Síochána á thionlacan.

Caithfear iarratas nua a dhéanamh gach bliain.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil do vótálaithe atá faoi mhíchumas ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta.

Chun go mbeidh tú cáilithe don Fhorlíonadh do Chlár na dToghthóirí, ní mór duit na riachtanais shaoránachta, chónaithe agus aoise a bhaineann leis an gclár a chomhlíonadh.

Caithfidh an tÚdarás Clárúcháin an t-iarratas le bheith ar an bhforlíonadh a fháil 15 lá oibre ar a laghad roimh an lá vótála chun do chás a mheas maidir leis an toghchán nó an reifreann sin.

Is é an dáta dúnta le gur féidir postvótálaithe a bheith ináirithe ar an bhforlíonadh ná dhá lá tar éis den ordú faoi choinne toghcháin nó reifrinn a bheith sínithe. Is féidir le daoine atá ar an bhforlíonadh vótáil i dtoghcháin nó i reifrinn le linn den chlár a bheith i bhfeidhm.

Is féidir leat an clár a scrúdú le linn uaireanta oibre ag oifigí an Údaráis Chlárúcháin nó oifigí Chláraitheoir an Chontae, agus ag leabharlanna poiblí, oifigí poist nó stáisiúin Gardaí.

Is féidir leat cóip, nó sleachta as an gclár a cheannach ón Údarás Clárúcháin ar tháille 65c do na céad ainm tosaigh, agus 15c ar gach céad ainm ina dhiaidh sin. Cuirtear cóipeanna den chlár ar fáil saor in aisce d'ionadaithe poiblí tofa agus d'iarrthóirí toghcháin.

Is féidir leat an clár a scrúdú ar líne trí úsáid a bhaint as an gCóras Ríomhchlárúcháin. Déantar nuashonrú ar an gclár seo ar an gcéad lá de Shamhain agus ar an gcéad lá de mhí Feabhra gach bliain.

Má tá tú ar Chlár na dToghthóirí agus má athraíonn tú ó thoghcheantar amháin chuig toghcheantar eile, nó chuig toghcheantar áitiúil eile, is féidir leat cur isteach le bheith ar an bhforlíonadh ag do sheoladh nua. Ní mór duit a chur in iúl i dtús báire don údarás clárúcháin gur athraigh tú ó thoghcheantar amháin chuig toghcheantar eile, ionas gur féidir leis d'ainm a scriosadh ón limistéar ina mbíodh tú i do chónaí roimhe sin.

Chun go mbeith tú ináirithe ar an bhforlíonadh tar éis duit seoladh a athrú, ní mór duit:

  • A bheith ar an gclár cheana ag an seoladh a raibh tú i do chónaí ann roimhe seo
  • A bheith i do chónaí de ghnáth ag an seoladh ar mian leat a bheith cláraithe ann.

Is feidhm fhorchoimeádta de chuid na Comhairle é Scéim Vótaíochta a dhéanamh agus ní mór scéimeanna a nuashonrú gach 10 mbliana ar a laghad nó i gcás aon athruithe ar theorainneacha toghcháin. Cuirtear Clár na dToghthóirí ar fáil ansin de réir na gceantar atá sainithe sa Scéim. Rinne Comhairle Contae Chorcaí an Scéim Vótaíochta le rún an 22 Feabhra, 2021. Tá an Scéim seo i bhfeidhm ón 01 Aibreán 2021

Is féidir an Scéim Vótaíochta a fheiceáil le linn gnáthuaireanta oifige ag oifig:

  • Ceanncheathrú Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin T12R2NC, Teil: 021-4276891

nó le híoslódáil ón nasc seo a leanas: Scéim Vótaíochta do Chontae Chorcaighe.

Is é an tAcht Toghcháin 1992 a rialaíonn an clárú i gcomhair vótála agus tá sé ar fáil i Leabhar Reachtaíochta na hÉireann, nó is féidir cóip chrua a fháil ón Oifig Díolacháin Foilseacháin Rialtais, i mBaile Átha Cliath. Is é seo leanas seoladh na hoifige:

Oifig Díolacháin Foilseacháin Rialtais,

Teach Sun Alliance,

Sráid Theach Laighean

Baile Átha Cliath 2. D02 RF29

Teileafón: (01) 647 6879

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi vótáil in Éirinn a fháil ar an Rannóg Vótála ar shuíomh Gréasáin Gov.ie.

Féadfaidh tú ceist a chur faoi Chlár na dToghthóirí trí fhoirm ar líne an Fhiosrúcháin um Chlár Toghcháin a úsáid.

Leabhráin Faisnéise Úsáideacha

An chaoi a dtoghtar Údaráis Áitiúla Leabhrán Faisnéise i mBéarla agus nGaeilge.

Leabhrán Faisnéise Chlár na dToghthóirí i mBéarla agus nGaeilge.

Déan Teagmháil Linn:

Rannóg Toghchóras ,

Chomhairle Contae Chorcaí,

Halla an Chontae,

Bóthar Charraig Ruacháin,

Corcaigh, Éire. Eirchód: T12 R2NC.

Ríomhphost: franchise@corkcoco.ie

Teil: 021-4285586