Cibé duine áitiúil thú, ag nochtadh seoid atá i bhfolach den chéad uair, nó cuairteoir ag pleanáil turais go Corcaigh, tá sé ar fad ar fáil ar ‘Explore Cork’ ach cnaipe a bhrú.
Bain triail as ár n-aip Explore Cork
D’fhorbair Comhairle Contae Chorcaí an aip ‘Explore Cork’, aip uathúil turasóireachta ilfhreastail, ina bhfuil níos mó ná 850 áit le feiscint agus rudaí le déanamh ar fud Chorcaí.
Nithe is díol spéise do Chomhairle Contae Chorcaí agus a bhfuil tacaíocht acu
Dún Camden Uí Mheachair
Tá aithne ar Dhún Camden Uí Mheachair go hidirnáisiúnta mar “Ceann de na samplaí is fearr atá fágtha ar domhan de Dhún Airtléire Cósta clasaiceach”. Le níos mó ná 400 bliain, bhí ról lárnach ag an dún mar phointe straitéiseach láidir i gcosaint na hÉireann agus chósta thiar Shasana agus na Breataine Bige.
Féilte
Cuireann Comhairle Contae Chorcaí go mór le go leor féilte a reáchtáiltear ar fud Chontae Chorcaí gach bliain, a bhfuil cáil ar fud an domhain ar go leor acu.
Léarscáileanna de Bhailte Stairiúla Chontae Chorcaí
D'fhorbair Rannóg Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí sraith Léarscáileanna Baile Stairiúla do 13 mbaile agus sráidbhaile i gContae Chorcaí.
Tránna
Roghnaigh trá foirfe Chorcaí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin nó ar Oirthear Ársa na hÉireann.