Plean Corparáideach
Ghlac Comhairle Contae Chorcaí lena Plean Corparáideach 2025-2029 le déanaí. Is ráiteas straitéise é an Plean Corparáideach seo, rud a éilítear faoi Alt 134(2) den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Sa phlean leagtar amach ár bhfís don chontae, na bunluachanna agus na tosaíochtaí atá mar bhonn agus taca leis, agus na seirbhísí trína seachadfar é. Soláthraíonn sé tosaíochtaí, spriocanna agus cuspóirí soiléire do na cúig bliana atá le teacht, le díriú orthu inár dtiomantas chun na coinníollacha a bhaint amach do phobail fhorásacha, bheoga, athléimneach ó thaobh aeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de.
Forbraíodh an Plean Corparáideach trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, trí suirbhéanna agus trí aighneachta. Lorgaíodh aighneachtaí tríd an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, Cumann Tráchtála Chorcaí, Comhpháirtíocht Spóirt Chorcaí, trí fógraí poiblí i nuachtáin agus ar an raidió agus ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí agus trí fógraí meán sóisialta.
Soláthróidh an plean an creat uileghabhálach do Bhuiséid Bhliantúla, do Chláir Oibre Chaipitil, do Phleananna Bliantúla Seachadta Seirbhíse agus do Thuarascálacha Bliantúla na Comhairle, ag cinntiú go ndíreofar i gcónaí ar chuspóirí uaillmhianacha an phlean a sheachadadh. Feidhmíonn sé freisin mar chreat chun príomhbheartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chomhtháthú le seachadadh straitéiseach ár gcláir oibre.
Athbhreithniú ar an bPlean Corparáideach
Tá cáipéis athbhreithnithe seolta ag Comhairle Contae Chorcaí a thaispeánann ár bpríomhéachtaí le 5 bliana anuas. Leagann an t-athbhreithniú seo béim ar an dul chun cinn atá déanta faoi na 9 dTéama Straitéiseacha dár bPlean Corparáideach 2019-2024, ag ullmhú dár bPlean Corparáideach nua 2025-2029.
Athbhreithniú ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Chorcaí 2019-2024