Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Fógraí Tosaithe

Teastaíonn Fógra Tosaithe le fógra a thabhairt d'Údaráis Rialú Foirgníochta maidir le foirgnimh den chineál sin, nó aicmí d'fhoirgneamh mar sin a thógáil, nó obair den chineál sin, no aicmí d'obair mar a d'fhéadfadh a bheith sonraithe sna rialacháin a dhéanamh.  Molann na Rialacháin (Leasaithe) um Rialú Foirgníochta SI 9 de 2014 suíomh Chórais Bainistíochta Rialú Foirgníochta (CBRF) mar an bealach roghnaithe ar riarachán rialú foirgníochta leictreonach.

Déanann na Rialacháin um Rialú Foirgníochta soláthar ar cheisteanna nósanna imeachta, riaracháin agus rialaithe chun na críche riachtanais Rialú Foirgníochta a chur i bhfeidhm agus a léiriú cén chaoi ar baineadh amach chomhlíonadh na riachtanais sin maidir le foirgnimh nó oibreacha atá i gceist.

Caithfidh gach páirtí a mbaineann an fógra leo (úinéir, dearthóir, tógálaí agus deimhnitheoir) clárú ar dtús leis an CBRF le cur isteach ar Fhógra Tosaithe.

Beidh na treoracha seo a leanas úsáideach freisin:

Treoir bhunúsach, cén fógra tosaithe ar chóir dom a chur isteach? (pdf)
Sreabhchairt chun fáil amach an bhfuil Fógra Tosaithe ag teastáil (pdf)
An Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta Cainéal YouTube

An Chaoi le Cóip de Fhógra Tosaithe a cuireadh isteach roimh Márta 2014 a iarraidh

  1. Níl cóipeanna d’fhógraí tosaithe roimh Márta 2014 ar fáil, ach is féidir sonraí faoi na fógraí tosaithe seo a sholáthar ach iad a iarraidh.
  2. Chun iarratas a chur isteach, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected] agus cuir isteach an uimhir thagartha pleanála, ainm agus seoladh an áitribh. 
    Nóta: Ní féidir cuardach a dhéanamh ar shonraí an fhógra tosaithe gan an uimhir thagartha Pleanála ábhartha.

An Chaoi le Cóip de Fhógra Tosaithe a cuireadh isteach roimh Márta 2014 a iarraidh

  • Is féidir teacht ar fhógraí tosaithe a cuireadh isteach ó mhí an Mhárta 2014 ar aghaidh ar an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (BCMS).
  •  Is féidir cuardaigh a dhéanamh trí úsáid a bhaint as paraiméadair amhail uimhir an fhógra tosaithe, uimhir thagartha pleanála, seoladh an áitribh, ainm an iarratasóra, ainm an úinéara, ainm an tógálaí.

Nóta 1: Ceadaigh 1-3 seachtaine le do thoil do gach iarratas ar dhoiciméid.