Treoir maidir le Tuilte Poiblí

Freagra Éigeandála Tuilte Chomhairle Contae Chorcaí

Tá clár leanúnach bainistíochta móréigeandála i bhfeidhm ag Comhairle Contae Chorcaí. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an gcéad leathanach eile 'Bainistíocht Móréigeandála agus Plean Móréigeandála'.

Is fo-phleananna dár bPlean Móréigeandála iad Plean Práinnfhreagartha Tuilte agus Pleananna Drochaimsire, dréachtaithe faoi threoir ó na doiciméid chreata ábhartha. Tá prótacail agus sonraí teagmhála ar leith iontu chun freagairt Chomhairle Contae Chorcaí ar Éigeandálaí Tuilte agus ar imeachtaí Drochaimsire eile a éascú, go háitiúil agus go réigiúnach. Tacaíonn Foireann Measúnaithe Aimsire Tromchúiseach (SWAT) Chomhairle Contae Chorcaí leis na pleananna – tagann an grúpa seo, atá comhdhéanta de phearsanra oibriúcháin shinsearacha ó ar fud na heagraíochta, le chéile chun ullmhacht d’imeacht aimsire ar leith a mheasúnú (rabhadh aimsire oráiste, nó os a chionn) agus gníomhartha cuí a chomhaontú.

Déantar gach plean agus aguisíní a nuashonrú ar bhonn leanúnach atá fós ag dul ar aghaidh.
 

Cur Síos Uimhir Ghutháin
Seirbhísí Éigeandála

999 or 112

 

Nuair a bheidh freagra faighte agat iarr an tseirbhís riachtanach Otharcharr/ Gardaí/ Bád Tarrthála/ Tarrtháil Sléibhe nó Cósta/ Briogáid Dóiteáin/ Garda Cósta na hÉireann/ Eile. Ansin tabhair eolas soiléir maidir leis an áit a bhfuil cúnamh ag teastáil. 

 

Comhairle Contae Chorcaí 021 427 6891
Uimhir éigeandála lasmuigh d’uaireanta oibre Chomhairle Contae Chorcaí  021 480 0048
Líne Éigeandála 24 uair BSL 1850 372 999 
Líne Éigeandála 24 uair Bord Gáis 1850 20 50 50 
Uisce Éireann 1890 278 278
Eircom  1901 
Esat/BT  1800 924 924 

Soláthraíonn láithreán gréasáin an OOP www.flooding.ie comhairle d’úinéirí réadmhaoine aonair ar ghníomhartha le déanamh:

  • Roimh thuile: lena n-áirítear comhairle maidir le tógáil foirgneamh athléimneach, plean tuile teaghlaigh a chruthú agus comhairle d’úinéirí gnó,
  • Le linn tuilte: lena n-áirítear comhairle sábháilteachta, bearta le déanamh taobh amuigh agus taobh istigh de do mhaoin, comhairle maidir le hainmhithe
  • Tar éis tuilte: lena n-áirítear comhairle maidir le glanadh, triomú agus deisiúcháin, agus taifid le coinneáil tar éis tuile

Reáchtálann an Oifig um Pleanáil Éigeandála feachtas bliantúil Bí Réidh don Gheimhreadh a thugann comhairle phraiticiúil chun déileáil le linn imeachtaí aimsire crua. Tá eolas ar fáil ag www.winterready.ie agus cuirfear nuashonruithe ar fáil ar Twitter @emergencyIE le linn imeachtaí aimsire crua.
Roinntear roinnt comhairle phraiticiúil sna hailt seo a leanas d’úinéirí réadmhaoine.
 

Miontuilte: Baol tuilte in áiteanna gar d’aibhneacha/dobharlaigh

Cad atá le déanamh

  • Éist le stáisiúin raidió áitiúla le haghaidh nuashonruithe tuilte / aimsire.
  • Seiceáil ardáin meán sóisialta Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh nuashonruithe agus fógraí
  • Bí ar an airdeall faoi na leibhéil uisce in aice leat (b’fhéidir go mbeidh eolas ar fáil ar www.waterlevel.ie)
  • Bí réidh le gníomhú ar do phlean tuile, má ardaítear an foláireamh tuile chuig foláireamh aimsire Oráiste nó Dearg (féach an treoir sa rannán Ceisteanna Coitianta maidir le conas plean tuile a chruthú)
  •  Seiceáil sábháilteacht seandaoine/daoine leochaileacha sa chrios tuilte.
  • Seachain limistéir bhruach abhann oscailte.

Tuilte Tromchúiseach: Baol tuilte ar na sráideanna. Baol tuilte ar réadmhaoin íseal. Gníomh de dhíth!

Cad atá le déanamh

  • Éist le stáisiúin raidió áitiúla le haghaidh nuashonruithe tuilte / aimsire.
  • Seiceáil ardáin meán sóisialta Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh nuashonruithe agus fógraí
  • Bog earraí luachmhara, gluaisteáin, doiciméadú, peataí agus nithe eile go háit shábháilte
  • Cuir trealamh cosanta tuilte in áit.
  • Múch leictreachas/gás/uisce más infheidhme & tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
  • D’fhéadfadh go mbeadh gá le réadmhaoin a aslonnú.
  • Cosain tú féin, do theaghlach & cuidigh le daoine eile.
  • Seiceáil sábháilteacht seandaoine sa chrios tuilte.
  • Gníomhaigh ar do phlean tuile.
  • Luchtaigh do ghuthán póca agus gléasanna eile, má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.

Tuile Throm / Foircneach: Táthar ag súil le tuile thromchúiseach. Ceantair fhairsing den bhaile i mbaol tuilte. Riosca do mhaoin agus do bheatha. Gníomhaigh Anois!

Cad atá le déanamh

  • D’fhéadfadh go mbeadh gá le réadmhaoin a aslonnú. Ullmhaigh le haghaidh aslonnaithe, cuir le chéile earraí riachtanacha e.g. cógais, éadaí, etc.
  • Éist le stáisiúin raidió áitiúla le haghaidh nuashonruithe tuilte / aimsire.
  • Seiceáil ardáin meán sóisialta Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh nuashonruithe agus fógraí
  • Gníomhaigh ar do phlean tuile.
  • Bog earraí luachmhara, gluaisteáin, doiciméadú, peataí agus nithe eile go háit shábháilte.
  • Cuir trealamh cosanta tuilte in áit.
  • Múch leictreachas/gás/uisce más infheidhme & tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
  • Cosain tú féin, do theaghlach & cuidigh le daoine eile.
  • Seiceáil sábháilteacht seandaoine sa chrios tuilte.
  • Luchtaigh do ghuthán póca agus gléasanna eile, má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
  • Ná cuir lasca solais ar siúl ná bain úsáid as soicéid chumhachta má thagann tuilte ar réadmhaoin.
  • Aslonnaigh roimh uiscí tuile má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
  • Comhoibriú leis na seirbhísí éigeandála.

Nóta:

Seachain siúl nó tiomáint trí uisce tuile. Is féidir le doimhneacht éadomhain uisce tuile a ghluaiseann go tapa tú a bhaint de do chosa. Chomh maith leis sin tarlaíonn cuid mhór de na básanna le linn tuilte do dhaoine i bhfeithiclí. Is féidir le huiscí tuile chlúdaigh dúnphoill & grátaí lintéir a ardú, rud a d’fhéadfadh guaiseacha contúirteacha dofheicthe a chruthú faoi na huiscí tuile.
D’fhéadfadh uisce tuile a bheith truaillithe le séarachas mar gheall ar fhormhuirear sa ghréasán píopaí.

Conas is féidir liom ullmhú le haghaidh tuile san fhadtéarma?

  • Má tá cónaí ort i limistéar atá i mbaol tuilte ba chóir duit a bheith ullmhaithe i gcónaí ar eagla go dtarlódh tuile. Is iad ullmhúcháin fhadtéarmacha an bealach is fearr chun a chinntiú go bhfuil do mhaoin cosanta ar dhamáiste tuilte.
  • Chun cosaint tuilte do bhallaí a fheabhsú is féidir leat úsáid a bhaint as táirgí cosúil le scannáin leachtacha, brait polaiméire/stroighne, asfalt maisteoige nó leatháin réamhdhéanta.
  • Chun friotaíocht tuilte do chuid fuinneoga agus doirse a fheabhsú, cinntigh go bhfuil an séala timpeall na bhfrámaí slán agus nach bhfuil aon scoilteanna ann. Chomh maith leis sin, déan aon fhráma adhmaid a chóireáil le ruaimeanna uiscedhíonacha ola-bhunaithe, péint nó vearnais.
  • Tá raon de chosaintí sealadacha is féidir a úsáid chun do theach a chosaint i gcás tuilte, mar mhálaí gainimh, cláir tuile agus cumhdach. Má tá tú ag smaoineamh ar na táirgí seo a cheannach, tá comhairle ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar a suíomh Gréasáin www.flooding.ie a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair.
  • Má tá aon síneadh nó obair thógála á déanamh agat ar do theach, b’fhiú machnamh a dhéanamh ar scannán uiscedhíonta a chur isteach sna bunsraitheanna. Déan machnamh freisin ar insliú cuasán cille dúnta ag leibhéal na talún agus cúrsa ardaithe taise-dhíonach. Ba chóir na soicéid leictreacha a chur os cionn an airde a shroich an t-uisce tuile sna blianta roimhe seo agus ba chóir go mbeadh aon aonaid aerchóirithe, teasa nó gáis suite ar an gcéad urlár nó san áiléar.
  • Cinntigh go mbeidh aon sruthanna, aibhneacha nó lochanna ar do mhaoin in ann sreabhadh go héasca. Seiceáil an bhfuil bacainní sa sruthán agus cinntigh nach bhfuil creimeadh ar na bruacha.
  • Cinntigh i gcónaí go bhfuil stoc ábhar agat atá úsáideach le linn tuile, mar shraithadhmad, leatháin phlaisteacha, málaí gainimh (gan líonadh), gaineamh, tairní, casúr, sluasaid, brící, bloic adhmaid agus sábha.
  • Bí ar an airdeall agus déan iniúchadh rialta ar do mhaoin le haghaidh scoilteanna nó bearnaí san obair bhrící agus sna hurláir nó timpeall fuinneoga, doirse agus píopaí.
  • Má tá tú i do chónaí i limistéar atá i mbaol tuilte is smaoineamh maith i gcónaí aon earraí pearsanta mothaitheacha a stóráil thuas staighre nó os cionn an leibhéil tuilte is airde mar nach féidir iad a athsholáthar. Tá an rud céanna fíor maidir le sonraí bainc agus árachais chomh maith le huimhreacha teagmhála riachtanacha.
  • Ba cheart earraí luachmhara, mar ríomhairí glúine, táibléad, teilifíseáin, etc., a stóráil os cionn leibhéal na talún más féidir. Ba chóir ríomhaire glúine, mar shampla, a choinneáil ar an mbord nó ar an deasc seachas faoi.

(Faisnéis le caoinchead ó shuíomh Gréasáin OOP www.flooding.ie)

Conas Plean Tuile a Chruthú

Má tá cónaí ort i gceantar atá i mbaol tuilte, is smaoineamh maith é plean tuile teaghlaigh a bheith i bhfeidhm ionas go mbeidh a fhios ag gach duine cad ba cheart a dhéanamh má tharlaíonn tuilte. Tá sé seo tábhachtach go háirithe má tá aon bhall teaghlaigh an-óg nó scothaosta ina gcónaí leat. Tugtar breac-chuntas thíos ar roinnt moltaí le haghaidh do phlean.

  • Coinnigh liosta d’uimhreacha éigeandála in aice leis an bhfón nó coinnigh iad i gcuimhne do ghutháin nó do ghutháin phóca.
  • Déan feiste tuilte agus cinntigh go bhfuil a fhios ag gach duine cá bhfaighidh siad é. Ba chóir go mbeadh tóirse, roinnt éadaí te agus uiscedhíonacha, cadhnra nó raidió foirceanta, lámhainní rubair, buataisí rubair, feiste gharchabhrach agus pluideanna i do threalamh tuilte.
  • Déan liosta de na bunghnéithe leanaí a chaithfidh tú a thabhairt leat má bhíonn ort imeacht. Mar shampla, bainne, bia linbh, buidéil aimridithe, clúidíní, an teidí nó bréagán is fearr leis an leanbh.
  • Smaoinigh ar cé acu de do chuid sealúchais is luachmhaire duit. Déan liosta de na míreanna agus cinntigh go bhfuil a fhios agat cá bhfuil na rudaí seo ionas gur féidir leat iad a aistriú go sábháilte go tapa.
  • An bhfuil cógas ag teastáil ó aon duine i do theaghlach? Ná déan dearmad é a thabhairt leat.
  • Gás agus leictreachas: déan cinnte go bhfuil a fhios agat cá bhfuil na pointí múchta. An bhféadfá iad a aimsiú sa dorchadas?
  • Má tá ort imeacht an bhfuil áit agat le dul? An mbeidh tú in ann teacht ann, ag cur san áireamh go bhféadfadh bóithre áirithe a bheith blocáilte ag an tuile?
  • Má tá baill teaghlaigh sean nó daoine faoi mhíchumas agat sa teach, conas a d’fhéadfá iad a fháil amach go sábháilte?
  • Ná déan dearmad ar do pheataí. Cinntigh go bhfuil áit shábháilte éigin agat le dul ann. Má tá ort do theach a fhágáil, an féidir leat iad a choinneáil leat, nó an gá iad a choinneáil in áit eile?

Comhairle speisialta do Sheandaoine

Más seanduine thú a bhfuil cónaí ort i d’aonar, déan iarracht smaoineamh ar cá rachfá i gcás tuilte. An bhfuil teaghlach nó cairde agat a bhféadfá fanacht leo? Mura bhfuil, d’fhéadfadh d’údarás sláinte áitiúil lóistín a shocrú. Seo roinnt réamhchúraimí ba chóir duit a ghlacadh i gcás go dtarlóidh tuile:

  • Pleanáil bealach éalaithe, go háirithe má tá tú i mbungaló nó in íoslach.
  • Má tá cónaí ort i dteach agus má tá glais fhuinneoige agat, coinnigh eochair thuas staighre i gcónaí ionas go mbeidh tú in ann lucht tarrthála a ligean isteach más gá.
  • Déan liosta d’uimhreacha úsáideacha agus coinnigh in áit shábháilte iad. Ba chóir go n-áireofaí sa liosta;
    • Teaghlaigh agus comharsana ar féidir leo cabhrú,
    • D’Údarás Áitiúil agus stáisiún na nGardaí,
    • Do Sheirbhísí Sláinte Áitiúla,
    • Do chuideachta árachais agus uimhreacha éigeandála.

Cad ba cheart dom a dhéanamh i gCás Tuile?

Má tá tuilte i mbaol do cheantar tá roinnt céimeanna is féidir leat a ghlacadh chun an damáiste do mhaoin a íoslaghdú ach cuimhnigh gur chóir go mbeadh sábháilteacht mar phríomhábhar imní duit i gcónaí.
Sábháilteacht Ghinearálta

  • Ná déan iarracht siúl nó tiomáint trí uisce tuile.
  • Seachain teagmháil le huisce tuile más féidir mar go bhféadfadh sé a bheith truaillithe nó éillithe.
  • Bí cúramach agus tú ag siúl trí uisce éadomhain – d’fhéadfadh clúdaigh dhúnphoill a bheith imithe as agus d’fhéadfadh guaiseacha eile faoi uisce a bheith ann nach bhfeiceann tú.
  • Ná déan iarracht riamh dul ag snámh trí uisce atá ag sileadh go tapa – d’fhéadfá a bheith scuabtha chun bealaí nó buailte ag rud san uisce.
  • Caith éadaí oiriúnacha i gcónaí agus tú ag obair in uisce tuile nó in aice leis.

Laistigh de do theach

  • Bog earraí luachmhara agus nithe eile go sábháilte. Cuir iad os cionn leibhéal na tuile nó thuas staighre.
  • Folmhaigh a bhfuil sa troscán nach féidir a bhogadh agus cuir suas staighre iad.
  • Bain na cuirtíní má bhíonn am – mura bhfuil, ceangail iad thar ráille na cuirtíní.
  • Cuir málaí gainimh in aon oscailtí a bhféadfadh an t-uisce rochtain a fháil orthu.
  • Múch an gás agus an leictreachas.
  • Déan cócairí, meaisíní níocháin, miasniteoirí, srl. a dhícheangal atá nasctha le píopaí iomaire chun damáiste a chosc don mheaisín agus do na píopaí.
  • Stóráil aon earraí leictreacha thuas staighre nó os cionn leibhéal na tuile.
  • Bíodh cógais agat (más gá).

Lasmuigh de do theach

  • Bog do charr go talamh ard más féidir.
  • Bog aon earraí a choinnítear lasmuigh, mar throscán gairdín, go talamh níos airde. Cuimhnigh go bhféadfadh uisce tuile dul isteach i do gharáiste mar sin bog aon cheimiceáin nó breosla lena chinntiú nach ndoirteann siad isteach san uisce tuile agus damáiste a dhéanamh.
  • Díphlugáil naisc leictreacha ar bith ón taobh amuigh amhail soilsiú lasmuigh, caidéil linnte agus scagairí.

(Faisnéis le caoinchead ó shuíomh Gréasáin OOP www.flooding.ie)  

Cad ba cheart dom a dhéanamh tar éis Tuile?

Bí cúramach i gcónaí agus tú ag dul isteach arís i réadmhaoin tar éis tuile. Is féidir le tuilte bunsraitheanna a lagú agus rudaí troma a bhogadh go suíomhanna éagobhsaí. Bíodh aon seirbhís leictreach, gáis nó breosla-bhunaithe seiceáilte ag gairmí sula gcuirtear ar siúl iad agus déan na réamhchúraimí seo a leanas.

  • Glac leis go bhfuil na línte cumhachta go léir beo – seiceáil go bhfuil an chumhacht san áitreabh múchta sula ndéanann tú aon rud.
  • Seiceáil an bhfuil boladh an gháis ann agus cinntigh go bhfuil an príomhlíonra múchta.
  • Agus tú ag dul isteach i seomra féach ar an tsíleáil le haghaidh aon chomharthaí de scoilteanna nó boilg. Tá plástar fliuch an-trom agus is féidir leis a bheith ina bhagairt ar struchtúr an áitribh.
  • Má tá do íoslach faoi uisce ná bí ag brostú chun é a phumpáil amach. Má tá an talamh taobh amuigh sáithithe d’fhéadfadh sé brú míchothrom a chruthú ar bhallaí an íoslaigh, rud a d’fhéadfadh fadhbanna struchtúracha a chruthú.
  • Bí cúramach agus aon bhruscar á mbogadh agat agus lorg cabhair le rudaí troma nó éagobhsaí a bhogadh a d’fhéadfadh tú a bhualadh nó a bhrú.
  • Ná téigh isteach in aon fhoirgneamh a bhfuil méid mór dríodar istigh ann nó atá suite ina choinne, mar go bhféadfadh an struchtúr a bheith éagobhsaí.
  • Bí cúramach agus tú ag bogadh timpeall laistigh den réadmhaoin: is féidir le huisce seasta go leor guaiseacha a cheilt.
  • Is féidir le huisce seasta a bheith ina áit phóraithe do mhiocrorgánaigh ar féidir iad a scaoileadh isteach san aer nuair a bhíonn an t-uisce suaite. Is féidir leo seo a bheith ina mbaol don tsláinte má ionanálaítear iad. Bain gach rud as an uisce chomh luath agus is féidir agus caith masc cosanta má tá asma nó má tá fadhbanna cliabhraigh agat.
  • Cuimhnigh gur féidir le huisce a bheith éillithe - nigh do lámha le dífhabhtán má thagann siad i dteagmháil le huisce tuile nó le smionagar siolta.

Nuair a bhíonn tú sásta go bhfuil sé sábháilte dul isteach i do mhaoin tá roinnt rudaí nach mór duit a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag glanadh:

  • Taifead an damáiste a rinne an tuile ar cheamara nó ar fhístaifeadán.
  • Marcáil na leibhéil uisce ar na ballaí le haghaidh tagartha.
  • Seiceáil le do chuideachta árachais. De ghnáth íocfaidh siad as aon ghlanadh suas, glanadh agus sláintíocht tar éis tuile.
  • Déan cinnte i gcónaí go bhfuil faomhadh tugtha ag do chuideachta árachais sula ndéantar aon obair.

(Faisnéis le caoinchead ó shuíomh Gréasáin OOP  www.flooding.ie)  

Tuilte agus Úinéirí Gnó – cad is féidir liom a dhéanamh? 

Má tá do ghnó i limistéar riosca tuilte ba chóir go mbeadh plean tuilte i bhfeidhm agat. Déan cinnte go bhfuil a fhios ag gach ball foirne cad ba cheart a dhéanamh i gcás tuilte.

Bí ullamh

  • Polasaithe árachais – an bhfuil árachas agat maidir le damáiste ó thuilte, briseadh gnó agus ioncam caillte?
  • Déan liosta d’uimhreacha tábhachtacha gutháin, lena n-áirítear teagmhálaithe do sholáthraithe gáis, leictreachais, uisce agus ghutháin.
  • Déan liosta de shonraí teagmhála na bhfostaithe i gcás aslonnaithe. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo uimhreacha gutháin phóca, nó uimhreacha dá dteach féin nó do theach cara nó gaolta.
  • Smaoinigh ar bhaill fhoirne a bhféadfadh cúnamh speisialta a bheith ag teastáil uathu i gcás tuilte (m.sh. seandaoine, bodhar, dall, etc.).
  • Cuir plean tuile isteach i do phlean sláinte agus sábháilteachta. Sainaithin bealaí aslonnaithe don fhoireann. Eagraigh druil éigeandála (de réir an druil dóiteáin).
  • Bíodh suíomh na scoithphointí do ghás, leictreachas agus uisce ar eolas agat. Go hidéalach, ba chóir iad seo a mharcáil ar léarscáil atá stóráilte le do phlean tuile.
  • Bí ar an eolas faoi láthair ceimiceán, olaí nó ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó éillitheach a dhéanamh ar thuilte. Ba chóir iad seo a stóráil go sábháilte ó thuilte agus ó ghuaiseacha eile.
    Gníomhartha cosanta
  • Tabhair faoi deara príomhstoc, trealamh agus sealúchais a bhféadfadh cosaint speisialta a bheith ag teastáil uathu ó uiscí tuile.
  • Smaoinigh ar na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait le linn nó tar éis tuile (m.sh. málaí gainimh, leatháin phlaisteacha, callaire, etc.).
  • Féach an féidir príomhoibríochtaí a aistriú, mar shampla seoladh agus fáil nó seirbhísí custaiméara, go foirgneamh eile.
    Soláthraithe agus naisc sheachtracha
  • Sainaithin táirgí agus seirbhísí a bheidh ag teastáil uait i gcás tuilte. Déan pleananna cúltaca nó socruithe seachadtaí a chealú ar ghearrfhógra.
  • Smaoinigh ar chonradh a chruthú roimh ré le cuideachtaí a bhféadfadh go mbeadh a gcabhair uait tar éis tuile. Seachnaíonn sé seo an frustrachas a bhaineann le cúnamh a fháil i gcás éigeandála, agus cuireann sé i riocht níos fearr tú chun costais a chaibidil.
  • Sainaithin daoine ar féidir leo cabhrú leat roimh, le linn agus tar éis tuile.

(Faisnéis le caoinchead ó shuíomh Gréasáin OOP www.flooding.ie)  

Conas is féidir liom mo theach a dhéanamh frithsheasmhach in aghaidh tuilte? 

Má tá cónaí ort i limistéar atá i mbaol tuilte ba chóir go mbeadh tú ullmhaithe i gcónaí i gcás tuilte. Is fiú go mór an t-am a ghlacadh, a thógann sé chun plean a ullmhú le haghaidh cad ba cheart duit a dhéanamh i gcás tuilte – d’fhéadfadh sé go leor airgid, míchaoithiúlacht agus strus a shábháil duit, agus fiú do shaol a shábháil.

Málaí gainimh

  • Is maith an smaoineamh é soláthar málaí gainimh a bheith agat i gcónaí má tá cónaí ort i limistéar atá i mbaol tuilte. Mura bhfuil málaí gainimh agat is féidir leat roghanna eile a úsáid mar clúdaigh philiúir nó málaí bruscair atá líonta le hithir ghairdín. Ná déan dearmad iad a líonadh róluath nó i bhfad ar shiúl ón suíomh a bhféadfadh go mbeidís ag teastáil uait mar go n-éireoidh siad an-trom, go han-tapa.
  • Nuair a bhíonn mála gainimh á líonadh agat caith lámhainní cosanta mar go bhfuil gaineamh scríobach.
  • Ná líon na málaí níos mó ná leath lán. Ní gá foircinn na málaí a cheangal, ach na foircinn oscailte a ghreamú thíos nuair a bhíonn tú á gcruachadh.
  • Bain aon smionagar as an áit ina bhfuil na málaí le cur.
  • Cuir na málaí leathlíonta ar a bhfad agus comhthreomhar le treo an tsreafa uisce.
  • Cuir málaí i sraitheanna cosúil le balla brící, déan cinnte go sáraíonn gach mála an ceann thíos faoi leath sa chéad sraith eile.
  • Satail ar na málaí isteach go daingean chun bearnaí a dhíchur agus séala daingean a chruthú.
  • Má theastaíonn cosaint mála gainimh uait atá níos mó ná trí shraith ar airde, tóg suas iad i stíl pirimide: tosaigh le bonn níos mó ná ceithre mhála gainimh thiubh agus ansin tóg suas, barrchaolú i dtreo na barra.
  • Le haghaidh uiscedhíonta breise clúdaigh balla do mhála gainimh le leatháin phlaisteacha, déan cinnte é a mheá síos le málaí gainimh bhreise ar an talamh.

Cé gur cosaint choitianta iad málaí gainimh in aghaidh tuilte, tá a míbhuntáistí féin ag baint leo:

  • Le linn éigeandála, d’fhéadfadh sé a bheith deacair cainníochtaí leordhóthanacha a fháil.
  • Bíonn siad fadálach agus teastaíonn beirt chun iad a líonadh.
  • Is féidir iad a bheith deacair le láimhseáil, go háirithe do dhaoine scothaosta nó lag.
  • Nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce tuile, is gnách go gcoimeádann siad ábhar salaithe cosúil le séarachas.

Tá an t-ábhar sacéadach in-bhithmhillte agus féadann sé meathlú má fhágtar é in áit ar feadh tréimhsí fada ama.

Cláir tuile

Is bacainní inbhainte iad cláir tuile (nó bacainní tuilte) is féidir a chur trasna oscailtí, mar dhoirse, i gcás tuile. Tá roinnt táirgí atá deartha go sonrach agus atá ar fáil ar bhonn tráchtála, gur féidir a cheannach agus a fheistiú. Má cheannaíonn tú cláir tuilte, ba cheart duit táirge a lorg a bhfuil marc dearbhaithe cáilíochta air (amhail an marc ‘eitleog’).
Is féidir do chláir tuilte féin a dhéanamh freisin. Mar sin féin, ba chóir a bheith cúramach chun a chinntiú go bhfuil siad láidir go leor agus go n-oireann siad i gceart don oscailt dá bhfuil siad ceaptha chun séala ceart a dhéanamh.

Is é an bealach is éasca chun cláir tuilte a dhéanamh ná bacainn adhmaid nó miotail a thógáil atá daingnithe cothrom le balla, doras nó trasna geataí nó cosáin trí fhráma. Cabhróidh brú an uisce tuile féin leis an mbacainn a shéalú. Cinnfear éifeachtacht na mbord ag neart na mballaí agus marthanacht an bhfeisteas fráma. Is é an cineál clár tuile is coitianta ná ceann ar féidir sleamhnú síos isteach sa fhráma, mar is féidir é seo a bhaint go héasca nuair nach bhfuil sé ag teastáil. Ach is féidir leat éagsúlacht insí a dhéanamh freisin a fhéadfaidh luascadh dúnta thar aon bhearnaí. Tá sé tábhachtach go n-oireann cláir tuilte go beacht. Má tá amhras ort b’fhéidir gurbh fhearr earraí speisialtóra a cheannach.
Timfhilleadh

Is modh sárfhorbartha é an timfhilleadh chun éifeachtaí uisce tuile a laghdú trí íochtair 600 – 900 mm de mhaoin a iamh le leatháin phlaisteacha. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas ná trinse a thochailt os comhair an bhalla is mian leat a chosaint. Tá an leathán plaisteach ceangailte den bhalla os cionn airde ionchais an uisce tuile. Ritear síos an balla é agus cuirtear thar phíobán draenála é ag an mbonn, sula ritear tríd an trinse é agus daingnítear ar an taobh eile é le meáchain nó málaí gainimh. Bíonn roinnt cur amach ar DFÉ ag baint le foirgneamh a thimfhilleadh agus ní mór é a thosú i bhfad sula dtagann aon uisce tuile mar go dtógann sé roinnt ama. Tá táirgí eile ar fáil ar bhonn tráchtála ar féidir iad a cheannach agus a fheistiú ar do mhaoin.

Rabhadh

Is féidir le táirgí cosanta tuilte a bheith éifeachtach chun na hiarmhairtí díobhálacha do réadmhaoin atá i mbaol tuilte a mhaolú. Is féidir leo an damáiste a dhéantar d’inneachar, troscán agus feistis i dteach nó i ngnó a laghdú, ach níl siad infheidhme i ngach cás. I gcásanna tuilte tromchúiseacha (nuair a ardaíonn uisce tuilte os cionn 1 mhéadar) d’fhéadfadh sé a bheith níos díobhálaí uisce a choinneáil amach as do mhaoin ná é a ligean isteach. Is féidir leis an strus ar an bhfoirgneamh de bharr an méid sin uisce damáiste a dhéanamh do struchtúr agus do bhunsraitheanna an fhoirgnimh. Mar sin níor cheart duit doirse, fuinneoga nó gaothairí aeir os cionn 1 mhéadar ar airde a bhlocáil.
Ba cheart d’úinéirí réadmhaoine atá ag smaoineamh ar úsáid modhanna den sórt sin comhairle a lorg ó shaineolaí atá cáilithe go cuí maidir le hoiriúnacht beart dá réadmhaoin, agus breithniú a dhéanamh ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le measúnú comhshaoil.
Tá táirgí réamhdhéanta um chosaint tuilte ar fáil le ceannach ó chuideachtaí éagsúla.

Geataí Tuile

Sleamhnaíonn siad seo os comhair bealaí isteach ar nós cabhsáin agus doirse, chun stop a chur le huisce tuile dul isteach i do réadmhaoin.
Málaí tuilte

Is féidir na málaí seo a úsáid in ionad málaí gainimh. Súnn siad an t-uisce tuile agus cruthaíonn siad bacainn chun an t-uisce a chosc ó dhul níos faide.

Clúdaigh ar Ghaothairí Aeir

Ní mór gaothairí aeir nó brící aeir a shéalú le linn Tréimhse Riosca Tuile. Tá roinnt cineálacha clúdaigh shealadacha ar fáil chun na hoscailtí seo a shéalú.

Cad iad na contúirtí a bhaineann le hUiscí Tuilte?

Tá go leor contúirtí ag baint le huiscí tuile. Is rud é bá a thagann chun cuimhne i gcónaí agus tú ag smaoineamh ar thuilte ach tá contúirtí eile ann. Ba chóir go seachnódh daoine siúl nó tiomáint trí uisce tuile i gcónaí. Is féidir le doimhneacht éadomhain uisce tuile a ghluaiseann go tapa tú a bhaint de do chosa. Chomh maith leis sin tarlaíonn cuid mhór de na básanna le linn tuilte do dhaoine i bhfeithiclí. Is féidir le huiscí tuile chlúdaigh dúnphoill & grátaí lintéir a ardú, rud a d’fhéadfadh guaiseacha contúirteacha dofheicthe a chruthú faoi na huiscí tuile.

D’fhéadfadh uisce tuile a bheith truaillithe le séarachas mar gheall ar fhormhuirear sa ghréasán píopaí.