Rialachas agus Riarachán

Plean Corparáideach 2024-2029 Comhairliúchán

Tabhair do thuairim agus cabhraigh le todhchaí Chomhairle Contae Chorcaí a mhúnlú

Gach cúig bliana, ceanglaítear ar Chomhairle Contae Chorcaí Plean Corparáideach nua a ullmhú chun treoir straitéiseach a thabhairt dár gcuid oibre thar shaolré na Comhairle nua-thofa. Teastaíonn cur chuige cuimsitheach chun an Plean Corparáideach a ullmhú trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha, comhaltaí tofa, baill foirne agus coistí éagsúla.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo, tá suirbhé forbartha againn a bhfuil sé mar aidhm aige tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir a fháil. Cabhróidh an suirbhé seo le sainaithint a dhéanamh ar na rudaí atá tábhachtach duitse, dár bpobail, dár ngnóthaí, agus dár bpáirtithe leasmhara ar fud an chontae.

Táimid ag tnúth le cloisteáil uait. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5in Dé hAoine 13 Nollaig 2024.

Is féidir an plean a bhí ag Comhairle Contae Chorcaí roimhe seo a fháil ar an nasc seo a leanas: Plean Corparáideach Chomhairle Contae Chorcaí 2019-2024.

Review of 2019-2024 plan can be viewed on the following link: Athbhreithniú ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Chorcaí 2019-2024.

Cliceáil ar an gcnaipe seo a leanas le do thoil chun páirt a ghlacadh sa suirbhé.