Seomra Cuimhneacháin an Chéad Chogadh Domhanda

Tá neart nithe is díol spéise i nDún Camden Uí Mheachair agus tá taispeántais le feiceáil sa cheantar ina mbíodh pearsana míleata lonnaithe thar na haoiseanna. Taispeántas amháin dá leithéid é Seomra Cuimhneacháin an Chéad Chogadh Domhanda ina n-insítear scéal 18 Reisimint Éireannacha a bhí i mbun feidhme thar na haoiseanna. Tugadh aitheantas sa dún don phointe go raibh scéal na hÉireann i rith an chogaidh fágtha ar lár as ár leabhair staire i bPoblacht na hÉireann agus cinneadh gurb áit oiriúnach ba ea an dún chun deis bhuan a thabhairt do na Reisimintí Éireannacha a scéal a insint. Sa seomra cuimhneacháin dírítear ar an tréimhse idir bhunú na reisimintí thar na haoiseanna agus an uair ar scoireadh iad nó ar glacadh leo mar chuid de reisimintí eile. Ainneoin gur ann do neart ionad staire ina n-insítear scéal na Reisimintí Éireannacha aonair, is é an seomra cuimhneacháin i nDún Camden Uí Mheachair an t-aon cheann ar Oileán na hÉireann nó sa Bhreatain Mhór a thaifeadann stair gach Reisimint Éireannach in aon suíomh amháin. Gné an-tábhachtach den seomra é 18 ‘mBratach Chuimhneacháin Reisiminte’ a dearadh go speisialta mar aon le trí bhratach eile a dhéanann ionadaíocht do na Rannóga Éireannach, a iompraítear i rith paráidí do shearmanais speisialta laistigh den dún agus atá ar fáil ar iarratas d’aon chumann ar mian leo iad a úsáid dá bparáidí mar chuid de shearmanais a bhaineann leis an gCéad Chogadh Domhanda. Glacadh go buíoch le cúnamh ón Léigiún Ríoga Briotanach leis an ngné seo den tionscadal, a chuir maoiniú ar fáil chun an ghné seo den seomra cuimhneacháin a thabhairt chun beochta.

Gné an-tábhachtach eile den Seomra Cuimhneacháin í an áis taighde atá ar fáil anois do dhaoine ar mian leo taighde a dhéanamh ar scéal duine muinteartha. Sa chás seo, is cuma má bhí an duine muinteartha ag troid ar talamh, ar muir nó san aer, nó leis an Loingeas Tráchtála. Áirítear leis seo daoine a bhí ag troid i rith an chogaidh agus a tháinig slán, gné a ndéantar dearmad uirthi go minic, agus cuirtear tús le gach scéal le háit bhreithe an duine agus leantar le gach scéal go dtí go gcailltear an duine. I gcásanna áirithe, baineann foireann an ionaid taighde tairbhe as cúnamh ó thaighdeoir atá lonnaithe i Sasana agus tugann Richard Moles neart cúnaimh d’fhoireann an ionaid agus do theaghlaigh scéalta daoine muinteartha a insint. Ansin scríobhtar an scéal sa Leabhar Cuimhneacháin, atá le fáil sa seomra cuimhneacháin, agus tugtar Teastas Cuimhneacháin speisialta don teaghlach mar aon le cóip de scéal a dhuine muinteartha.

Is í an ghné deiridh den seomra cuimhneacháin agus ionad taighde an ‘Gairdín Cuimhneacháin’ atá lonnaithe faoi scáth an ‘Crann Criméach’. Le fáil sa ghairdín tá 400 mionchros chuimhneacháin agus áit a ndéantar daoine muinteartha a bhfuil taighde déanta ar a scéalta a ionduchtú ag searmanais speisialta a reáchtáiltear i mí Mheán Fómhair gach bliain. Chomh maith leis, ar taispeáint taobh leis an ngairdín tá Leabhar Cuimhneacháin agus tá Teastas Cuimhneacháin le fáil ann freisin chun deis a thabhairt don phobal a scéalta a thuiscint agus moltar do dhaoine cuairt a thabhairt ar an seomra cuimhneacháin chun a scéalta iomlána a léamh sa Leabhar Cuimhneacháin.

Memorial World War 1