Tarrtháil Camden

Is foireann iontach d’oibrithe deonacha, ball foirne, oibrithe scéime agus printíseach a bhfuil an pobal agus comhpháirtithe tionscadail ag tacú léi, í Tarrtháil Camden. Ba sa bhliain 2010 a bunaíodh Tarrtháil Camden chun cabhrú le, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chorcaí agus le tiomantas ollmhór ó FÁS, ‘Mórghlantachán’ Dún Camden Uí Mheachair, Bun an Tábhairne, Cuan Chorcaí. Ba é an aidhm thosaigh a bhí ann an Dún a fhorbairt ar bhealach a chiallódh go bhféadfaí úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil ann chun tairbhe an phobail agus daoine níos faide i gcéin agus tá an aidhm sin curtha i gcrích go slachtmhar. Ainneoin go raibh an áit ligthe i ndearmad i gcomhair 21 bliain, tá thart ar 1,000 cuairteoir ag triall ar an áit anois gach deireadh seachtaine a mbíonn sí oscailte.

Tá obair mhór déanta ag an bhfoireann le blianta beaga anuas chun an tionscadal seo a fhorbairt. Tá dul chun cinn dochreidte déanta i réimsí éagsúla mar gheall ar an tacaíocht iontach airgeadais agus lóistíochtúil atá curtha ar fáil ag Comhairle Contae Chorcaí, Tiomantas FÁS mar chuid de scéimeanna éagsúla agus le déanaí chuir SECAD oibrithe TÚS ar fáil.

Tá 45 acra, 65% de limistéar faoi thalamh an dúin, aitheanta go hidirnáisiúnta mar seo a leanas, “Ceann de na samplaí is fearr atá fágtha ar domhan de Dhún airtléire cósta”. Tá leathanradhairc ón áit seo ar an taobh isteach agus ar an taobh amuigh de Chuan Chorcaí. Sa lá inniu ann eagraítear athléirithe, taispeáintí agus taispeántais ann, mar aon leis an aon taispeántas cónaithe amháin faoi 9-11 ar domhan lasmuigh de Manhattan, Nua-Eabhrac.