Toirpéad Uí Bhraonáin

Aireagóir Astrálach a rugadh in Éirinn, Louis Ó Braonáin, a phaitinnigh Toirpéad Uí Bhraonáin in 1877. Bhí sé á thiomáint ag dhá lián fhrithrothlacha a bhí á gcasadh trí shreanga a tharraingt amach go tapa as drumaí a bhí le fáil taobh istigh den toirpéad. Cheadaigh luas éagsúil na sreang a bhí nasctha leis an stáisiún cladaigh an toirpéad a threorú i dtreo a sprice, suas le 2,000 slat (1,800 m) uaidh, ag luasanna de suas le 27 muirmhíle san uair (31 msu).

Deirtear go minic gurb é toirpéad Uí Bhraonáin an chéad diúracán treoraithe ar domhan, ach forbraíodh toirpéid threoraithe John Ericsson, John Louis Lay agus Victor von Scheliha roimhe; bhí coincheap thoirpéad Uí Bhraonáin i bhfad níos simplí, áfach, agus d’oibrigh sé ag raon inghlactha ag luas sásúil agus seans go bhfuil sé níos cruinne “an chéad diúracán treoraithe praiticiúil ar domhan” a thabhairt air.

Brennan Torpedo

Louis Brennan

Ba i gCaisleán an Bharraigh in Éirinn a rugadh Ó Braonáin, agus bhog sé go Melbourne san Astráil lena thuismitheoirí sa bhliain 1861. Chuir sé tús lena shaol oibre ag obair mar uaireadóirí agus cúpla bliain ina dhiaidh sin cheap Alexander Kennedy Smith é, innealtóir sibhialta agus meicniúil cáiliúil sa tréimhse sin. Bhí Ó Braonáin i ndiaidh toirpéad instiúrtha a dhearadh sa bhliain 1874, i ndiaidh dó an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara - má tharraingítear roithleán ag uillinn ag a bhfuil cumas luamháin oiriúnach, gluaisfidh an roithleán ó thaobh an tsnáithe. Chaith Ó Braonáin roinnt blianta ag obair ar an aireagán seo agus fuair sé deontas luach £700 ón rialtas Victeoiriach chun cabhrú leis a chuid costas a íoc. Phaitinnigh sé Toirpéad Uí Bhraonáin in 1877. Baineadh triail as an dearadh anseo i nDún Camden Uí Mheachair.

Louis Brennan

Thug Ó Braonáin aghaidh ar Shasana sa bhliain 1880 agus thaispeáin sé a aireagán don Oifig Cogaidh. Tharraing Sior Andrew Clarke aird na n-údarás ar na féidearthachtaí a bhain leis an toirpéad má úsáideadh é chun cuanta agus cainéil a chosaint, agus i ndeireadh na dála creideadh gur ceannaíodh an phaitinn ar níos mó ná £100,000. Sa bhliain 1887 ceapadh Ó Braonáin mar fheitheoir mhonarcha toirpéid Uí Bhraonáin agus bhí sé ag feidhmiú mar innealtóir comhairleach idir 1896–1907. Chaith sé go leor ama ag obair ar inneall féinghluaiste aonráille a bhí á choinneáil ingearach ag gíreastat. In 1903 phaitinnigh sé córas aonráille cothromaithe go gíreascópach a dhear sé d’úsáid mhíleata; d’éirigh leis an córas a léiriú i mí na Samhna 1909, in Gillingham, Sasana, ach mar gheall ar imní go dteipfeadh ar na gíreascóip, cinneadh gan úsáid fhorleathan a bhaint as an gcóras.

Idir 1916 agus 1919 bhí Ó Braonáin ag obair sa roinn aireagáin muinisean. Idir 1919 agus 1926 bhí sé ag obair don aireacht aeir i mbun taighde ar aerárthaí ag an mBunaíocht Aerárthaí Ríoga, Farnborough, agus chaith sé go leor ama ar obair ar héileacaptar a fhorbairt. Chaith an rialtas go leor airgid air, ach sa bhliain 1926 chuir an aireacht aeir deireadh leis an obair seo, cúis díomá do Ó Braonáin. I mí Eanáir 1932 leag carr go talamh é in Montreux san Eilvéis agus cailleadh é ar an 17 Eanáir 1932. Phós é Anna Quinn (a cailleadh in 1931) ar an 10 Meán Fómhair 1892. D’fhág sé mac agus iníon ina dhiaidh. Ainmníodh Ó Braonáin mar Chompánach Ord Bath in 1892 agus bhí sé i measc duine de bhunaitheoirí Acadamh Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1922. Cuireadh Ó Braonáin i Reilig Chaitliceach Rómhánach Naomh Muire in Kensal Green i Londain i bplota neamh-mharcáilte, uimhir 2454, trasna ó Oifig taifead an tséipéil.

Seicheamh lainseála Uí Bhraonáin:

1.  Brúitear an toirpéad, atá ina chliabhán lainseála, ionas go bhfuil sé ar aon dul leis an bhfánán, agus tá an ulóg taistil agus an ulóg tarraingthe comhghreamaithe.
2.  Bogtar an toirpéad agus an cliabhán go dtí an suíomh lainseála, nasctar na sreanga
3.  Tosaítear an t-inneall tochráin, scaoiltear an bolta scaoilteach agus ceadaítear don toirpéad a bhealach a dhéanamh síos an fánán
4.  Téann an toirpéad isteach san uisce, agus sroichtear deireadh na hulóige taistil ag deireadh na cearchaille.
5.  Sroicheann an ulóg taistil deireadh an ghiarsa, agus dí-chomhghreamaítear an ulóg tarraingthe. Tá an toirpéad ar a bhealach chomh fada leis an sprioc á threorú ag an bhfearas stiúrtha.