Contae Chorcaí spreagtha ag Oíche Chultúir 2024, agus na mílte duine ag freastal ar 160 imeacht faoi sholas na gréine

Mayor of the County of Cork, Cllr. Joe Carroll with Dermot Harrington and Claire Dix who have made a documentary celebrating Bantry Library’s 50th birthday, Architect Harry Wallace who designed the building and John O’Neill who was one of the construction team.

Dé hAoine 20 Meán Fómhair, tháinig pobail ar fud Chontae Chorcaí le chéile chun freastal ar 160 imeacht a bhí á reáchtáil ina gceantair áitiúla d’Oíche Chultúir 2024. D’éirigh go hiontach leis an ócáid bhliantúil seo, agus d’fhreastail na mílte duine ó gach cearn den chontae ar na cláir áitiúla. Idir seiteanna spreagúla DJ Tigh Connolly ar an Léim, taispeántas ilchultúrtha lán fuinnimh i gCarraig Uí Leighin, agus go leor eile, bhí an contae lán le cruthaitheacht, spraoi agus fiosracht. Chuir an aimsir bhreá go mór leis an bhféile, agus daoine amuigh ag ceiliúradh ar shráideanna na mbailte ó Bhaile Mhistéala siar go Beanntraí.

Thug Méara Chontae Chorcaí, an Clr Joe Carroll, cuairt ar na himeachtaí i mBeanntraí, lena n-áirítear ceiliúradh 50 bliain Leabharlann Bheanntraí, agus dúirt: 

Chuir rannpháirtíocht láidir an phobail go mór le ceiliúradh Oíche Chultúir 2024. Chonacthas in imeachtaí na bliana seo an réimse leathan soláthar cultúrtha atá ar fáil sa Chontae, lena n-áirítear damhsa traidisiúnta Gaelach agus ceol agus léirithe nuálaíocha, arna gcur i láthair ag daoine de gach aois agus ó gach cineál cúlra. Agus an mórtas pobail agus bua ealaíonta le brath go soiléir, is léiriú é Oíche Chultúir Chontae Chorcaí ar an talann agus ar na nuálaíochta atá i bpobal cruthaitheach an chontae agus ní dhéanfaidh an lucht freastail dearmad go brách air.

D’aon duine a bhain taitneamh as imeachtaí an deiridh seachtaine, moltar dó/di coinneáil orthu ag freastal ar a n-ionaid, a stiúideonna, a n-eagraíochtaí agus a ngailearaithe áitiúla le linn na bliana.

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí Oíche Chultúir Chontae Chorcaí i láthair le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta.