Cork County Council Announces County Cork Commemorations Grant Scheme 2021
The 2021 Scheme will support local groups, organisations and individuals to commemorate significant local events, through a range of projects targeted at all ages. Particular consideration will also be given to initiatives that demonstrate local connections to significant historical events that occurred in 1921, including the Signing of the Truce, the Anglo-Irish Treaty Negotiations and Debates, and the Signing of the Treaty.
Mayor of the County of Cork, Cllr. Mary Linehan Foley welcomed the fund saying;
“The County of Cork played a pivotal role in the Anglo-Irish War of Independence and the ensuing Civil War. These events form part of our living history, informing who we are as a nation today and providing us with a way to reflect on where we have come from. It is thanks to the many amateur and professional scholars and volunteers that we can enrich our understanding of our history and share it with the world. This scheme aims to support the community groups who allow us to connect with the hundred-year history of our nationhood. The range of projects that can be applied for is considerable, including endeavours of an artistic and creative nature. I encourage all those with an idea to consider making an application to the scheme.”
Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey noted;
“Cork County Council and its Commemorations Committee, through the Commemoration Grant Scheme 2021, seeks to ensure that County Cork’s participants in the War of Independence and Civil War are remembered. We look forward to building on the successes of the 2020 Scheme, which saw 50 groups saw support in the region of €80,000 for a variety of commemorative projects within the county. Thanks to the many community groups supported by the Council, our shared heritage provides an excellent cultural resource for residents of Cork County and for visitors seeking to learn more about us.”
Full details of the County Cork Commemorations Fund 2021 and the application form are available online at www.corkcoco.ie/arts-heritage and on www.yourcouncil.ie. The closing date for proposals and application forms is 17:00 on Monday 17th May 2021, which can be made online; emailed to commemorations@corkcoco.ie, or posted to ‘County Cork Commemorations Fund 2021, Cork County Council, Floor 3, County Hall, Cork.
Details of the Decade of Centenaries Second Phase Guidance 2018–2023 is available online at www.chg.gov.ie and a timeline of centenary events in County Cork is available on www.corkcoco.ie/arts-heritage in the upcoming events page of the Heritage Section.
Fógraíonn Comhairle Contae Chorcaí Scéim Deontais Cuimhneacháin Chontae Chorcaí 2021
Tá Scéim Deontais Cuimhneacháin Chontae Chorcaí seolta ag Comhairle Contae Chorcaí do 2021, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Aithníonn scéim na bliana seo an tábhacht a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus le Cogadh na gCarad agus tacóidh sí leis an díograis atá ann sa chontae chun comóradh céad bliain na tréimhse sainmhínithe seo de stair na hÉireann a chomóradh.
Tacóidh Scéim 2021 le grúpaí, eagraíochtaí agus daoine áitiúla chun imeachtaí suntasacha áitiúla a chomóradh, trí raon tionscadal atá dírithe ar gach aois. Tabharfar aird ar leith freisin ar thionscnaimh a léiríonn naisc áitiúla le himeachtaí suntasacha stairiúla a tharla in 1921, lena n-áirítear Síniú an tSos Cogaidh, Idirbheartaíochtaí agus Díospóireachtaí an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus Síniú an Chonartha.
D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Mary Linehan Foley roimh an scéim ag rá;
“Bhí ról lárnach ag Contae Chorcaí i gCogadh na Saoirse Angla-Éireannaigh agus i gCogadh na gCarad ina dhiaidh sin. Tá na himeachtaí seo mar chuid dár stair bheo, ag cur in iúl cé sinne mar náisiún inniu agus tugann sé bealach dúinn machnamh a dhéanamh ar an áit as a dtángamar. A bhuí leis an iliomad scoláirí agus saorálaithe amaitéaracha agus gairmiúla is féidir linn ár dtuiscint ar ár stair a shaibhriú agus a roinnt leis an domhan. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacú leis na grúpaí pobail a ligeann dúinn ceangal a dhéanamh le stair céad bliain ár náisiúntachta. Tá réimse leathan tionscadal ar féidir iarratas a dhéanamh orthu, lena n-áirítear saothair de chineál ealaíonta agus cruthaitheach. Molaim dóibh siúd go léir a bhfuil smaoineamh acu iarratas a dhéanamh ar an scéim. "
Dúirt Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí ;
“Tríd an Scéim Deontais Cuimhneacháin 2021 tá iarracht á dhéanamh ag Comhairle Contae Chorcaí agus a Coiste Cuimhneacháin lena cinntiú go gcuimhneofar ar rannpháirtithe Chontae Chorcaí i gCogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Táimid ag tnúth le tógáil ar éachtaí na Scéime 2020, ina bhfuair 50 grúpa tacaíocht de thart ar €80,000 i gcomhair tionscadail chuimhneacháin éagsúla sa chontae. A bhuíochas leis an iliomad grúpaí pobail a dtacaíonn an Chomhairle leo, soláthraíonn ár n-oidhreacht chomhroinnte acmhainn chultúrtha den scoth do chónaitheoirí Chontae Chorcaí agus do chuairteoirí atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim fúinn. "
Tá sonraí iomlána Chiste Cuimhneacháin Chontae Chorcaí 2021 agus an fhoirm iarratais ar fáil ar líne ag www.corkcoco.ie/arts-heritage agus ar www.yourcouncil.ie. Is é an dáta deiridh le haghaidh tograí agus foirmeacha iarratais ná 17:00 Dé Luain 17 Bealtaine 2021, ar féidir é a dhéanamh ar líne; trí r-phost chuig commemorations@corkcoco.ie, nó tríd an bpost chuig ‘Ciste Cuimhneacháin Chontae Chorcaí 2021, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 3, Halla an Chontae, Corcaigh.
Tá sonraí faoi 'Deich mBliana na gCuimhneachán Treoir an Dara Céim 2018–2023' ar fáil ar líne ag www.chg.gov.ie agus tá amlíne d’imeachtaí céad bliain i gContae Chorcaí ar fáil ar www.corkcoco.ie/arts-heritage ar an leathanach imeachtaí atá sa chuid maidir leis an Rannóg Oidhreachta.