Deiseanna Maoinithe sna hEalaíona Fógartha ag Contae Chorcaí
Tá sonraí fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí maidir le deiseanna maoinithe 2025 in earnáil ealaíon an chontae. Cuireann Leabharlann agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí fáilte roimh mholtaí maoinithe do thograí, do ghníomhaíochtaí agus d’imeachtaí ealaíon a bheidh ar siúl i gceantar riaracháin Chontae Chorcaí in 2025 a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do mhaoiniú faoi réimse scéimeanna cunaimh deontais atá ar fáil.
Ar na scéimeanna a fógraíodh, tá Scéim Deontais sna hEalaíona a chuirfidh tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon agus don earnáil deonach, clár chun tacú le healaíontóirí obair i scoileanna, tacaíocht do thograí ealaíne forbartha i nGaeilge, agus roinnt deiseanna sparánachta agus cónaitheachta ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla a oibríonn i ngach disciplín.
Agus é ag fógairt sonraí faoin maoiniú, bhí an méid seo le rá ag Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Joe Carroll,
Tá dhá sheisiún eolais beartaithe d'iarratasóirí ar spéis leo é. Beidh an chéad cheann ar siúl an 22 Samhain agus clúdófar Scéim Deontais do na hEalaíona (gníomhaíocht ealaíon, tionscadail agus imeachtaí ag daoine aonair nó eagraíochtaí). Clúdóidh an dara seisiún ar an Aoine an 29 Samhain Sparánachtaí d'Ealaíontóirí (Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí Ildánacha, Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna, Sparánacht Idirnáisiúnta Camchuairte agus Taispeántais, Sparánacht Ionad Tyrone Guthrie, Sparánacht Fhondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna, Sparánacht Cónaitheachta Culturel Irlandais Ionad Chomhairle Contae Chorcaí). Ba cheart dóibh siúd a bhfuil spéis acu ann teagmháil a dhéanamh le arts@corkcoco.ie chun clárú do na seisiúin eolais.
Cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí fáilte freisin roimh iarratais ar fhíseán nó clos-iarratais tríd an tairseach ar líne ar mhaithe le bacainní a bhaint le páirt a ghlacadh ann. Cuirfidh an Oifig Ealaíne cúnamh ar fáil d’iarrthóirí más rud é go bhfuil tacaíocht inrochtana bhreise ag teastáil.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ón 11 Samhain 2024 go dtí an 9 Eanáir 2025. Tá na treoirlínte agus breis eolais ar fáil ar ár shuíomh gréasáin. Dheiseanna Maoinithe sna hEalaíona
Má bhíonn ceist agat faoi na scéimeanna, seol ríomhphost chuig arts@corkcoco.ie nó glaoigh ar 021- 4346210.