Storyteller in Residence and Ocean & Environment Commission announced for West Cork Islands

Dursey Island  Cable Car 2

Cork County Council is delighted to announce two opportunities for artists as part of the Creative Places: West Cork Islands programme. Creative Places West Cork Islands is an ambitious three-year culture-based community development programme for and about the West Cork islands. Creative Places aims to connect with people, artists, and places, to allow ideas to develop into creative actions that are inspired by and enrich our island communities. The islands are: Oileán Chléire, Sherkin, Heir, Long, Whiddy, Bere and Dursey. This programme is funded by the Arts Council and Cork County Council.

The Storyteller in Residence programme runs from January to October 2025 and will be managed by Creative Places West Cork Islands. Collaborative, multi-disciplinary applications are welcome. The remuneration for this residency is €15,000, plus a stipend of €1000 for ferry travel and accommodation. Accommodation is not provided as part of this residency; the successful applicant will visit the islands when necessary and the accommodation stipend is for engagements and events. This opportunity is ideal for a storyteller with an interest in learning about the rich and diverse cultures of storytelling across the seven islands. The Storyteller in Residence is in association with Storytellers of Ireland and the Cape Clear International Storytelling Festival. 

The Ocean and Environment Commission welcomes creative submissions from socially engaged artists, designers, craft-makers, or creative teams in relation to a new socially engaged commission that will respond to all the seven inhabited islands of West Cork under the theme Ocean and Environment. This socially engaged commission will run from January 2025 to Summer 2026 and will be managed by Creative Places West Cork Islands. The remuneration is €35,000. 

The aim of the Ocean and Environment commission is for art to create a space for dialogue and understanding, promoting social progress and cultural innovation in response to contemporary challenges. The climate crisis represents one of the greatest challenges of our time, requiring collective efforts to mitigate its impacts and ensure sustainability for future generations. The arts can foster a sense of urgency around the need for environmental stewardship and connect communities in an increasingly divided world. This open call is looking for applicants to respond to the theme of Ocean and Environment by exploring concerns relating to the West Cork Islands.

Launching the initiatives, Mayor of County Cork Cllr. Joe Carroll stated:
 

Since it began in late 2022, the Creative Places: West Cork islands programme has supported creativity across the seven inhabited West Cork Islands, nurturing talent, and ambition. From working with once-off workshops to arts festivals, and primary school pupils to active retired groups, the scope of this programme continues to be ambitious. The Storyteller in Residence and Ocean & Environment commission will showcase the islands, their people and creativity on an international platform.

Applicants can find further information and application details in the link at the top of this news article.


Coimisiún do Scalar Cónaithe agus do Aigéan & Timpeallacht, fógartha d'Oileáin Iarthar Chorcaí

Cúis áthais do Chomhairle Contae Chorcaí dhá dheis a fhógairt d'ealaíontóirí mar chuid den chlár Chumas Ceantar: Oileáin Iarthar Chorcaí. Is clár forbartha pobail cultúrbhunaithe uaillmhianach trí bliana é Cumas Ceantar Oileáin Iarthar Chorcaí le haghaidh agus maidir leis na hoileáin in Iarthar Chorcaí. Is é an aidhm atá le Cumas Ceantar nasc a bhunú le daoine, le healaíontóirí agus le háiteanna, chun deis a thabhairt chun smaointe a fhorbairt mar ghníomhartha cruthaitheacha atá á spreagadh ag agus ag cur le saol ár bpobal oileáin. Seo a leanas na hoileáin atá i gceist: Oileán Chléire, Inis Arcáin, Inis Uí Drisceoil, Inis Fada, Faoide, an tOileán Mór agus Oileán Baoi. Tá an clár seo á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Contae Chorcaí.

Beidh clár an Scéalaí Chónaithe á reáchtáil idir Eanáir agus Deireadh Fómhair 2025 agus á bhainistiú ag Cumas Ceantar Oileáin Iarthar Chorcaí. Fáiltítear roimh iarratais chomhoibríocha, ildisciplíneacha. Tá luach saothair €15,000 curtha ar fáil don chlár cónaitheachta seo, móide stipinn luach €1000 do thaisteal ar an mbád farantóireachta agus do chóiríocht. Ní chuirtear cóiríocht ar fáil mar chuid den chlár cónaitheachta seo; tabharfaidh an t-iarratasóir a n-éiríonn leis nó léi cuairt ar na hoileáin nuair is gá agus is féidir leis nó léi an stipinn chóiríochta a úsáid nuair a bhíonn sé nó sí ag freastal ar ócáidí agus ar imeachtaí. Bhainfeadh scéalaí ar spéis leis nó léi foghlaim faoi chultúir shaibhre agus éagsúla scéalaíochta na seacht n-oileán tairbhe as an deis seo. Scéalaí Cónaitheach i gcomhar le Scéalaithe na hÉireann agus Féile Scéalaíochta Idirnáisiúnta Chléire.

Fáiltíonn An Coimisiún Aigéin agus Timpeallachta roimh aighneachtaí cruthaitheacha ó ealaíontóirí, ó dhearthóirí, ó cheardaithe nó ó fhoirne cruthaitheacha pobalghníomhacha, nó ó fhoirne cruthaitheacha i ndáil le coimisiún pobalghníomhach a fhreagróidh do gach ceann den seacht n-oileán áitrithe in Iarthar Chorcaí a bheidh bunaithe ar an téama Aigéan agus Timpeallacht. Beidh an coimisiún pobalghníomhach seo á reáchtáil idir Eanáir 2025 agus Samhradh 2026 agus á bhainistiú ag Cumas Ceantar Oileáin Iarthar Chorcaí. Tá an luach saothair cothrom le €35,000. 

Is é an aidhm atá leis an gcoimisiún Aigéan & Timpeallacht deis a thabhairt d'ealaín spás a chruthú d'idirphlé agus do thuiscint, tacú le dul chun cinn sóisialta agus le nuáil chultúrtha chun freagairt do dhúshláin chomhaimseartha. Is ionann an ghéarchéim aeráide agus ceann de na dúshláin is mó atá le sárú againn, dúshlán a éilíonn comhiarrachtaí chun a tionchair a mhaolú agus chun inbhuanaitheacht a chinntiú le haghaidh na nglún amach anseo. Is féidir leis na healaíona tuiscint ar an bpráinn a bhaineann le ceannaireacht timpeallachta agus le pobail nasctha i ndomhan atá ag éirí níos deighilte a chruthú. Tá an ghairm oscailte seo ag iarraidh ar iarratasóirí freagairt don téama Aigéan & Timpeallacht trí scrúdú a dhéanamh ar na hábhair imní a bhaineann le hOileáin Iarthar Chorcaí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Chontae Chorcaí, an Comh. Joe Carroll ag seoladh na dtionscnamh: 

Ó cuireadh tús leis ag deireadh 2022, thacaigh Cumas Ceantar: Oileán Iarthar Chorcaí, le cruthaitheacht ar na seacht n-oileán áitrithe in Iarthar Chorcaí, agus spreag sé daoine cumasacha agus uaillmhianacha. Idir ceardlanna aonuaire agus féilte ealaíon, agus daltaí bunscoile agus grúpaí gníomhaíochta lucht scoir, is clár uaillmhianach atá ann fós. Deis a bheidh sna coimisiúin, an Scéalaí Cónaithe agus Aigéan & Timpeallacht, chun aird a tharraingt ar na hoileáin, ar phobail na n-oileán agus ar a gcumas cruthaitheach ar ardán idirnáisiúnta.