Suirbhé Pobail Seolta do Mhaigh Chromtha agus do Bhaile Mhistéala

Town Centre First logo

Tá cuireadh á thabhairt do bhaill den phobal i Maigh Chromtha agus i mBaile Mhistéala a dtuairimí a thabhairt ar thodhchaí a mbaile áitiúil.

I mí na Bealtaine, leithdháileadh €10,000 ar Chomhairle Contae Chorcaí do gach ceann de na bailte ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin bPolasaí Tús Áite do Lár an Bhaile. Tá an maoiniú dírithe ar thacú le Foirne Baile a fhorbairt agus taighde a dhéanamh chun na príomhthosaíochtaí a aithint do Mhaigh Chromtha agus do Bhaile Mhistéala araon.

Is é an aidhm atá ag an bPolasaí Tús Áite do Lár an Bhaile ná lár bailte a chruthú a fheidhmíonn mar láithreacha inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine le maireachtáil iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu, agus a fheidhmíonn freisin mar mhol seirbhíse, sóisialta, cultúrtha agus áineasa don phobal áitiúil.

Cabhróidh na suirbhéanna le Comhairle Contae Chorcaí agus le geallsealbhóirí pobail agus gnó áitiúla tosaíocht a thabhairt do phleanáil tionscadal agus tionscnamh chomh maith le hiarratais ar mhaoiniú a fhorbairt chun iad a chur chun cinn.

Ag fáiltiú roimh sheoladh an tsuirbhé, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Joe Carroll, 

Beidh na suirbhéanna seo ríthábhachtach chun comhfhís gach pobal a chruthú do thodhchaí a mbaile. Molaim do mhuintir gach ceann de na bailte seo a gcuid smaointe agus moltaí a thabhairt, agus táim ag tnúth le Foirne Baile a bhunú a bheidh ionadaíoch ar na bailte seo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell, 

Moira Murrell

Chief Executive

Cork County Council Headquarters, County Hall, Carrigrohane Road, Cork, Ireland. Eircode: T12 R2NC.

Cuireann na tionscnaimh seo leis an raon bearta athghiniúna atá á gcur ar aghaidh go gníomhach ag Comhairle Contae Chorcaí ar fud an Chontae, ag tacú le forbairt i mbailte agus i sráidbhailte Chontae Chorcaí agus ag cruthú beocht a bhfuil tábhacht eacnamaíoch agus sóisialta ollmhór ag baint léi.

Is éard atá i bhFoireann Baile ná grúpa de chónaitheoirí áitiúla, gnólachtaí, ionadaithe pobail agus páirtithe leasmhara eile a thagann le chéile chun comhoibriú leis an údarás áitiúil agus chun smaointe a mheas ar mhaithe lena n-áiteanna cónaithe a dhéanamh níos fearr le maireachtáil iontu, le hobair iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

Chun an suirbhé a chomhlánú, téigh chuig suíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí www.corkcoco.ie  Sin, nó tá cóipeanna clóite den suirbhé ar fáil i leabharlanna Mhaigh Chromtha agus Bhaile Mhistéala. Ní thógann sé ach cúpla nóiméad an suirbhé a chríochnú agus beidh sé ar oscailt go dtí Dé hAoine an 6 Nollaig.

Is féidir tuilleadh eolais a iarraidh ach dul i dteagmháil le hOifig Athbheochana Baile Chomhairle Contae Chorcaí ag townregenerationoffice@corkcoco.ie