Filleann Taibhithe Beo ar Mhaigh Chromtha le hOscailt Oifigiúil Amharclann agus Leabharlann Bhearna na Sceiche
Tá Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Joe Carroll mar aon leis an Aire Stáit, Colm Burke TD agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell tar éis an ribín a ghearradh le haghaidh oscailt oifigiúil Amharclann agus Leabharlann Bhearna na Sceiche (Dé Sathairn an 21ú lá de mhí Mheán Fómhair).
Bhí suíomh Bhearna na Sceiche, atá suite i gcroílár an bhaile, mar Phictiúrlann an Pháláis le breis agus 30 bliain tráth ó shin, go dtí gur cheannaigh Comhairle Contae Chorcaí é in 1987 agus go ndearnadh athchóiriú mór air sular athosclaíodh é mar leabharlann, amharclann agus phictiúrlann sa bhliain 2000. Dúnadh an foirgneamh i ndiaidh tine i mBealtaine 2016, áfach.
Chríochnaigh Cumnor Construction an tionscadal €9 milliún, a fuair maoiniú ó Chomhairle Contae Chorcaí mar aon le deontais ón An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i mí na Bealtaine na bliana seo.
Tá dearadh agus tógáil aghaidh an fhoirgnimh nua-aimseartha, agus ionchorpraíonn sé brící cré nádúrtha de dhath donnbhuí, clocha d'ardchaighdeáin agus fuinneoga cré-umha alúmanaim. Tá leabharlann ag leibhéal na talún, halla le 215 suíochán, beár agus áiseanna tacaíochta uasghrádaithe chúl stáitse ann. Tá córas closamhairc den scoth mar aon le córais soilsithe, téimh agus fuaraithe atá tíosach ar fhuinneamh mar chuid den choimpléasc amharclainne agus leabharlainne comhaimseartha.
Is spás geal, bríomhar agus inrochtana í an leabharlann nua le suíocháin chompordacha agus go leor spáis staidéir chomh maith le bailiúchán mór leabhar, closleabhar agus DVDanna. Tá limistéar do leanaí le téama coillearnaí sa leabharlann le teach crann atá ina cúinne léitheoireachta agus spás comhroinnte mór d’imeachtaí thuas staighre chun grúpaí agus gníomhaíochtaí leabharlainne a óstáil.
Dúirt an tAire Stáit, Colm Burke TD, “Tá lúcháir orm a bheith i láthair ag oscailt oifigiúil Amharclann agus Leabharlann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha. Is spreagadh maith é tógáil agus forbairt na háise cultúrtha tábhachtacha seo do Mhaigh Chromtha agus don mhórcheantar, rud a bhainfidh muintir na háite taitneamh as, agus a mheallfaidh turasóirí chuig an áit ag an am céanna. Ba mhaith liom aitheantas agus buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí an tAire Heather Humphreys agus a Roinn as €2 milliún a chur ar fáil don tionscadal.”
Sna míonna amach romhainn, cuirfidh Amharclann Bhearna na Sceiche raon de thaibhithe spreagúla, ceolchoirmeacha agus scannáin i láthair lena n-áirítear clár pictiúrlainne gach oíche Luain. Cuirfidh an clár amharclainne drámaí áitiúla agus léirithe gairmiúla ar fáil ag tosnú le ‘The Dead Letter Office’ le Mary Lou McCarthy ar an 18 Deireadh Fómhair agus beidh an ceoltóir as Corcaigh John Spillane ar cheann de bhuaicphointí an tséasúir. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.brierygap.ie
Déanann Leabharlann Mhaigh Chromtha óstáil ar éagsúlacht imeachtaí, grúpaí, cuairteanna ranga ó scoileanna áitiúla agus gníomhaíochtaí a chruthaíonn mothú taithí agus muintearas go háitiúil. Buaileann na Macroom Purlies, grúpa beochana díograiseoirí cniotála le chéile go seachtainiúil agus is dhá ghrúpa comhrá Gaeilge iad Ciorcal Cainte agus Irish Conversations a thagann le chéile chun a gcúpla focal a chleachtadh i spás compordach. I measc na n-imeachtaí rialta eile tá maidin mhíosúil ceoil leis an gCiorcal Gramafóin, club leabhar do dhaoine fásta, grúpa scríbhneoireachta cruthaitheach, Grúpa Ficheall, agus go leor eile.