FÓGRA I dTAOBH RÁTAÍ TRÁCHTÁLA A THOBHACH (10-01-2025)

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO faoi Alt 3(1) de na Rialacháin um Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gur é 81.27 an Ráta Bliantúil ar Luacháil do gach réadmhaoin inrátaithe laistigh d’údarás rátúcháin Chomhairle Contae Chorcaí don bhliain airgeadais ó 01 Eanáir 2025 go 31 Nollaig 2025, arna ghlacadh ag Cruinniú Buiséid an údaráis áitiúil thuasluaite a tionóladh an 4 Nollaig 2024.

Beidh an ráta arna ríomh faoi alt 4(1) den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, arna leasú, dlite agus iníoctha ón 1 Eanáir 2025.

Sínithe: Moira Murrell,
Príomhfheidhmeannach,
Comhairle Contae Chorcaí,
Halla an Chontae,
Corcaigh.

Dáta: 10th Eanáir 2025.