Boithre Agus Iompar

Mapáil Torainn

Tá gá le Mapaí Torainn Straitéiseacha a ullmhú do cheirtleán Chorcaí faoin Treoir maidir le Torann Timpeallachta (END) agus Rialacháin Chomhphobail na hEorpa (Torann Timpeallachta) 2018 go 2021 (Na Rialacháin) do na foinsí torainn seo a leanas:

  • Trácht ar Bhóithre (Gach Bóthar agus Príomhbhóithre)
  • Trácht ar Iarnród (Gach Iarnród agus Príomh-Iarnród)
  • Tionscal, lena n-áirítear calafoirt.

Cuirtear Mapaí Torainn Straitéiseacha maidir le bóithre, iarnród agus tionscal do cheirtleán Chorcaí ina iomlán san áireamh anseo. 

Léiríonn na Mapaí Torainn Straitéiseacha comhrianta torainn don dá tháscaire torainn seo a leanas de réir riachtanais na Rialachán:

  • Lden – Is táscaire torainn é an leibhéal lá - tráthnóna - oíche do mhíshásamh foriomlán bunaithe ar mheán bliantúil de thorann fadtéarmach de réir an chuair ualúcháin A thar 24 uair an chloig le pionós 5dB(A) do thorann sa tráthnóna (19:00 – 23:00) agus pionós 10 dB(A) do thorann san oíche (23:00 – 07:00). Ní mór go dtuairisceofar leibhéil torainn  Lden atá os cionn na tairsí 55dB don Choimisiún Eorpach.
  • Lnight – Is táscaire torainn é leibhéal na hoíche do shuaitheadh codlata atá bunaithe ar mheán bliantúil de thorann fadtéarmach de réir an chuair ualúcháin A le linn na hóiche (23:00 – 07:00).  Ní mór go dtuairisceofar leibhéil torainn Lnight atá os cionn na tairsí 50dB don Choimisiún Eorpach.

Cuirtear leibhéil torainn atá ag nó os cionn na dtairseach táscaire torainn arna leagan amach thuas i láthair ag comhrianta 5dB, i. níl aon chomhrianta a léiríonn luachanna atá faoi bhun na dtairseach tuairiscithe riachtanach atá curtha san áireamh leis na mapaí.

Ní bhunaítear na comhrianta torainn ar thomhais toisc gur ullmhaíodh iad le samhaltú ar ríomhaire de réir modheolaíocht measúnaithe torainn choitianta arna glacadh ag an gCoimisiún Eorpach de réir Airteagal 6.2 de Threoir CE 2002/49/CE agus a cuireadh i bhfeidhm trí Threoir an Choimisiúin (AE) 2015/996.  Tugtar CNOSSOS – AE ar an modheolaíocht choitianta nua agus is féidir sonraí breise a aimsiú ag an nasc seo: Measúnaithe Torainn Choitianta san Eoraip (CNOSSOS-EU).

Baineadh úsáid as an modheolaíocht measúnaithe coitianta nua seo den chéad uair i mBabhta 4.

Cuireadh mapaí torainn straitéiseacha do Chorcaigh ar fáil i mBabhta 3 le modheolaíocht aitheanta eile a bhí ar fáil ag an am. Ba cheart go smaoineofaí ar an athrú seo nuair atá comparáid díreach ar bith á déanamh idir mapaí Babhta 4 agus mapaí na mBabhtaí roimhe seo toisc go mbeidh na modheolaíochtaí samhaltaithe agus na tacair sonraí ionchuir tar éis athrú.

Is é cuspóir na Mapaí Torainn Straitéiseacha ná:

  • Sonraí ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach de réir riachtanais na Treorach maidir le Torann Timpeallachta,
  • Foinse eolais a chur ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le torann timpeallachta agus na héifeachtaí a bhaineann leis,
  • Bunús a chur ar fáil chun Pleananna Gníomhaíochta Torainn a fhorbairt.
     

Is féidir na Mapaí Torainn Straitéiseacha do cheirtleán Chorcaí a íoslódáil leis an nasc thíos.

CCiC & CCC – Mapaí Torainn Straitéiseacha

Is féidir na Mapaí Torainn lasmuigh den Cheirtleán do Chomhairle Contae Chorcaí a aimsiú ar shuíomh gréasáin an TII leis an nasc thíos.

Mapaí Torainn lasmuigh den Cheirtleán