Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

An Ciste um Athghiniúint agus Fhorbairt Tuaithe

Is tionscnamh de chuid an Rialtais faoi Thionscadal Éireann 2040 é an Ciste um Athghiniúint agus Fhorbairt Tuaithe. Cuirfidh an Ciste infheistíocht ar fáil chun tacú le hathnuachan tuaithe i bhfoirm tionscadal oiriúnach i mbailte agus i sráidbhailte ag a bhfuil daonra níos lú ná 10,000, agus ceantair fhorimeallacha, bunaithe ar na spriocanna do thuath na hÉireann atá sa Chreat Náisiúnta Pleanála a bhaint amach.

Is éard is aidhm don Chiste nua ná tacú le tionscadail chomhordaithe chomhtháite idir Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, comhlachtaí poiblí eile, pobail agus, mar is iomchuí, maoinitheoirí daonchairdiúla agus/nó an earnáil phríobháideach, a bheidh tionchar acu ar fhorbairt inbhuanaithe gheilleagrach agus shóisialta i gceantair thuaithe.

Beidh an Ciste um Athghiniúint agus Fhorbairt Tuaithe i gContae Chorcaí maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus déanfaidh Comhairle Contae Chorcaí é a riar.

Agus aighneachtaí á n-ullmhú aici, ba mhian le Comhairle Contae Chorcaí comhoibriú ar an mbonn is fairsinge agus is féidir agus lorgaíonn sí léirithe spéise maidir le tograí tionscadail.

Féach na naisc leis an Leabhrán Eolais agus an bhFoirm Léirithe Spéise thíos:

  1. Leabhrán Eolais an Chiste um Athghiniúint Tuaithe (pdf)
  2. Foirm Léirithe Spéise an Chiste um Athghiniúint Tuaithe (pdf)

Is é Dé hAoine 31 Lúnasa 2018 @ 4in an spriocdháta d'fhoirmeacha comhlánaithe léirithe spéise agus ní mór iad a sheoladh ar ríomhphost chuig ruralregenerationfund@corkcoco.ie

D'fhéadfaí nach measfaí foirmeacha Léirithe Spéise a fhaightear tar éis an dáta agus an ama sin.