Iarratas ar Dheimhniú Díolúine le haghaidh Madra den chineál Bulaí Ollmhór (Bully XL)

Ón 1 Deireadh Fómhair, 2024, cuirfidh rialacháin nua toirmeasc ar mhadraí den chineál Bulaí Ollmhór (Bully XL) a iompórtáil, a phórú, a dhíol agus a aistriú chuig malairt áitribh.

Ní mór d’úinéirí madra den chineál Bulaí Ollmhór iarratas a dhéanamh chuig a nÚdarás Áitiúil ar Dheimhniú Díolúine roimh 1 Feabhra 2025 más mian leo a madra a choimeád. Ligfidh sé seo dóibh a m(h)adra a choimeád in áitreabh áirithe go dtí deireadh a shaoil nádúrtha.

Beidh an teastas seo uathúil do gach madra agus dá úinéir, lena n-áireofar sonraí cheadúnas an mhadra, micrishlis, neodrú, aois agus cur síos. Beidh sonraí an úinéara san áireamh chomh maith.

Is féidir le húinéirí i gceantar Chomhairle Contae Chorcaí na foirmeacha riachtanacha agus na treoirlínte a ghabhann leo a íoslódáil san ‘Achoimre Doiciméid’ thíos.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gcosc ar mhadraí den chineál bulaí ollmhór (XL) ar fáil ag an nasc seo a leanas: www.gov.ie.