Leas Ainmhithe
Na Cúig Shaoire
Cuirtear staid fisiciúil agus staid mheabhrach ainmhí san áireamh lena leas agus táimid den tuairim go dtugann leas maith ainmhí corpacmhainn agus folláine ghinearálta le fios. Ní mór gach ainmhí á choinneáil ag duine a chosaint ar an bhfulaingt neamhriachtanach, ar a laghad.
Creidimid gur cheart leas ainmhí, cibé acu an bhfuil an t-ainmhí ar an bhfeirm, in idirthuras, ag an margadh nó ag áit mharaithe, a mheas i dtéarmaí 'cúig shaoirse'. Leagann na saoirsí sin staideanna idéalacha amach, ní leagann siad caighdeáin maidir leis an leas inghlactha amach. Cruthaítear leo creat loighciúil cuimsitheach chun measúnú a dhéanamh ar leas laistigh d'aon chóras, chomh maith leis na céimeanna agus na comhréitigh atá riachtanach chun leas a chosaint agus a fheabhsú laistigh de shrianta cuí an tionscail éifeachtaigh beostoic.
1. Saoirse ón Ocras agus ón Tart - trí rochtain éasca ar uisce úr agus aiste bia chun sláinte iomlán agus fuinneamh a chothabháil.
2. Saoirse ó Mhíchompord - trí thimpeallacht chuí a chur ar fáil, foscadh agus áit chompordach scíthe san áireamh.
3. Saoirse ó Phian, ó Ghortú nó ó Ghalar - trí na rudaí sin a chosc nó a dhiagnóisiú agus a chóireáil go tapa.
4. Saoirse chun Gnáthiompar a Léiriú - trí spás leordhóthanach, áiseanna cearta agus comhluadar de cineál an ainmhí féin a sholáthar.
5. Saoirse ón Eagla agus ón Míshuaimhneas - trí choinníollacha agus íde a dtagann fulaingt mheabhrach astu a sheachaint.
Reachtaíocht um Leas Ainmhithe
Mar seo a leanas atá an reachtaíocht a bhaineann le leas ainmhithe in Éirinn:
- Is iad na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe, 1911 agus 1965 na príomhreachtanna um chruálacht ar ainmhithe a rialú in Éirinn. Is píosa tábhachtach reachtaíochta é an tAcht um Chosaint Ainmhithe a Choinnítear le haghaidh Feirmeoireachta, 1984 freisin.
- Baineann an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1966 agus na hOrduithe um Galar Scrathach Caorach, 1905 agus 1994 le galar scrathach caorach, ar galar eicteaparaisíte caorach é arb é psoroptes ovis is cúis leis. Cuireann sé fulaingt shuntasach ar caoirigh bhuailte. D'fhéadfadh caora bás a fháil má fhágtar an galar gan chóireáil.
- Clúdaíonn Acht na Seamlas, 1988 , agus na Rialacháin, gach gné de sheamlais, agus cuirtear dearadh agus oibriú seamlais san áireamh iontu freisin, maidir le leas ainmhithe.
- Leagtar amach san Acht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 agus i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ainmhithe a Chosaint Tráth a Maraithe), 1995 na riachtanais dlí a chuirtear i bhfeidhm ar sheamlais chun rófhulaingt ainmhithe atá á marú a chosc.
- Cuireann cur cinn san Acht um Rialú Madraí, 1986 úinéireacht agus rialú freagrach madraí, agus tá an-tábhacht ag baint leis maidir le 'maruithe caorach' mar thoradh ar phacaí neamhshrianta madraí ag ionsaí caorach a íoslaghdú.
- Sonraítear san Acht Bainne agus Déirithe, 1935 agus i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bainne Amh, Bainne Teaschóireáilte agus Táirgí bunaithe ar Bhainne a Tháirgeadh go Sláinteach agus a Chur ar an Margadh), 1996 caighdeáin sláinte d’ainmhithe a tháirgeann bainne. Áirítear caighdeáin tithíochta agus leasa leo freisin
Úinéireacht Ainmhithe
Mar thréidlianna, tá Cigirí Tréidliachta de chuid Chomhairle Contae Chorcaí inniúil go gairmiúil chun leas ainmhithe a mheas agus a chur chun cinn. Is é fulaingt ainmhithe a mhaolú príomhfhreagracht na dTréidlianna uile de réir Achtanna na Máinlia Beithíoch, 1931 go 1960.
Cuireann forfheidhmiú gníomhach na reachtaíochta uile um leas ainmhithe ag an Roinn Tréidliachta leas ainmhithe chun cinn sna bealaí seo a leanas:
- Ag seamlais, cuirtear an leas chun cinn trí Acht na Seamlas, 1988 a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le caighdeáin cheadúnaithe na seamlas. Déantar cigireacht ar chaighdeáin leasa ainmhithe roimh an mbás, le linn an mharaithe agus tar éis an bháis. Tá an chóir a chuirtear ar ainmhithe le linn idirthurais agus le linn an mharaithe rialaithe go daingean. Is feidhm de chuid údaráis áitiúil amháin é an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 a fhorfheidhmiú. Tá gach duine a dhéanann an marú ceadúnaithe maidir lena inniúlacht agus an úsáid a bhaineann sé as uirlisí, trealamh agus modhanna ceadaithe maraithe.
- Cuireann forfheidhmiú gníomhach an Achta um Rialú Madraí úinéireacht agus rialú freagrach madraí chun cinn. Is fadhb thromchúiseach é pacaí madraí gan smacht agus pacaí madraí fánacha. Is uafásach an fhulaingt a chuirtear ar chaoirigh go háirithe mar thoradh ar ionsaithe ag madraí. Gan obair na Seirbhíse Maorachta Madraí, ní bheadh roinnt feirmeoirí in ann leanúint leis an bhfeirmeoireacht caorach, mar gheall ar ionsaithe ag madraí.
- Baintear amach ionchur na Rannóga Tréidliachta ó thaobh imní maidir le leas ainmhithe a bhaineann le dianchórais táirgthe ainmhithe, amhail aonaid muca agus éanlaithe, tríd an Acht um Chosaint Ainmhithe a Choinnítear le haghaidh Feirmeoireachta, 1984 a fhorfheidhmiú. Bíonn Cigirí Tréidliachta ag súil go dtabharfar comhairle theicniúil maidir le leas ainmhithe agus saincheisteanna timpeallachta in iarratais phleanála ar dhianaonaid táirgthe ainmhithe. Bíonn an chomhairle seo á lorg ag na húdaráis phleanála níos mó na laethanta seo.
Ainmhithe a Fuair Bás
Tá sé de fhreagracht ar úinéirí ainmhithe fáil réidh le hainmhithe a fuair bás de réir na Rialachán um Sheachtháirge Ainmhí reatha. Áirítear leis sin an conablach á bhaint ag Seirbhís Bhailithe Ainmhithe cheadúnaithe agus rindreáil ina dhiaidh sin.
Déanann Cigirí Tréidliachta, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, imscrúdú ar thuairiscí ar líon méadaithe ainmhithe a fuair bás ar fheirmeacha, go háirithe chun fáil amach an bhfuil galar áirithe nó fadhb áirithe leasa ainmhithe mar chúis leis an mbásmhaireacht mhéadaithe.
Déantar imscrúdú ar chásanna ina ndéantar conablaigh ainmhithe a dhumpáil, go háirithe maidir le bunús an ainmhí agus a úinéir a rianú. Déantar seo chun aon chostas a bhaineann le fáil réidh leis an gconablach a fháil ar ais, agus maidir le himeachtaí dlí a d'fhéadfadh teacht as dumpáil den chineál sin.
AN tACHT UM BUNACHAIS PÓRÚCHÁIN Madraí, 2010 Fógra Dúnta Eisithe
AN tACHT UM FHORAIS CHREIDMHEASA (COBHSÚCHÁN), 2010 Fógra Dúnta arna eisiúint an 3 Eanáir 2023