Tá Dréacht-bheartas Áineasa agus Áiseanna ullmhaithe ag Comhairle Contae Chorcaí. Tá an cháipéis seo ullmhaithe tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar Bheartas Áineasa agus Áiseanna Chomhairle Contae Chorcaí 2006. Dréachtaíodh é chun Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022-2028 is déanaí a chur san áireamh chomh maith le beartas, treoirlínte agus dea-chleachtas náisiúnta ábhartha eile atá foilsithe ó bheartas 2006.