Titiocht

Bainistíocht Eastáit

Is le Comhairle Contae Chorcaí níos mó ná 7500 maoin ar fud an chontae, agus bainistíonn sí iad freisin. Tá na tithe sin lonnaithe in eastáit de mhéideanna éagsúla i mbailte agus i sráidbhailte nó is tithe aonuaire iad i gceantair tuaithe. Tá dualgas cúraim ar Chomhairle Contae Chorcaí a chinntiú gur féidir le cónaitheoirí a bheith ar a suaimhneas san áit a bhfuil siad ina gcónaí.

Baineann Bainistíocht Eastáit go príomha le feabhas a chur ar eastáit de chuid an Údaráis Áitiúil mar áiteanna cónaithe. Tá Oifigigh Limistéir ann a bhíonn ag plé le Bainistíocht Eastáit, le hIompraíocht Fhrithshóisialta agus le tionóntacht a chur i bhfeidhm, agus bíonn gach duine acu ag feidhmiú i limistéar sonraithe sa chontae, agus cuireann siad réimse seirbhísí amhail na rudaí seo a leanas ar fáil:

  • Tugann siad comhairle do thionóntaí maidir le gach gné dá dtionóntacht agus Bainistíocht Eastáit, amhail Cumainn Chónaitheoirí a fhorbairt
  • Cabhraíonn siad le fadhbanna a thagann chun cinn in eastáit
  • Déanann siad iniúchadh ar ghearán um Iompraíocht Fhrithshóisialta agus sáruithe tionóntachta

Tá tuilleadh sonraí le fáil i Straitéis um Iompraíocht Fhrithshóisialta (pdf) de chuid Chomhairle Contae Chorcaí

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, 021 4285215, 021 4285332, 021 4285327, 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.