Titiocht

Céard ba cheart dom a dhéanamh chun go gcuirfear mo theach comhairle in oiriúint?

Tá an Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas (pdf) ar fáil chun cabhrú le hoibreacha a dhéanamh atá riachtanach le réasún chun go mbeidh teach níos oiriúnaí chun freastal ar dhuine atá faoi mhíchumas a bhfuil lagú fisiceach, céadfach, meabhairshláinte nó intleachta air.

San áireamh leis na cineálacha oibreacha atá ceadaithe faoin scéim, tá rampaí rochtana a chur ar fáil, áiseanna leithris thíos staighre, cathaoireacha staighre, cithfholcadáin inrochtana, oiriúnuithe chun bealach isteach do chathaoireacha rothaí a éascú, agus aon obair eile atá riachtanach le réasún chun go mbeidh teach níos oiriúnaí chun freastal ar dhuine ata faoi mhíchumas.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh

Teil 021 4285501, 021 4285215, 021 4285332, 021 4285327, 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.

Divisional Operations West Cork, Housing Dept, Cork County Council, Kent Street, Clonakilty, Co. Cork.

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.