Titiocht

Cothabháil agus Deisiúcháin

Glacann Comhairle Contae Chorcaí leis an bhfreagracht maidir le gnéithe a bhaineann le struchtúr ár maoine a dheisiú agus a chothabháil agus tá tionóntaí freagrach as fadhbanna eile, lena n-áirítear aon athrú a dhéanann sé féin agus aon rud a chuireann sé leis an maoin, agus na rudaí sin uile. Má tá oibreacha deisiúcháin ag teastáil ó do theach cónaithe, ba cheart duit a fháil amach ar dtús cibé an í do fhreagracht na hoibreacha sin a dhéanamh nó nach í. Gearrfar muirear ar an tionónta as aon glaoch amach neamhriachtanach chun iniúchadh ar dhéanamh ar rudaí atá de fhreagracht ar an tionónta i ndáiríre. Más í an Chomhairle atá freagrach as na hoibreacha a dhéanamh, ba cheart duit é sin a chur in iúl don Chomhairle. Déanfaimid cúram do d'iarratas chomh luath agus is féidir. 

Tá tuilleadh eolais le fáil i Lámhleabhar an Tionónta (pdf).

Déan Teagmháil Linn:

Corcaigh Theas
, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh  Teil 021 4285302

Corcaigh Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí Teil  022 30469

Corcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí  Teil 023 8863728