Titiocht

Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh (Croí Cónaithe)

Please note, that as of 1st December 2024, in order to comply with Article 17(15) of the Energy Performance of Buildings Directive (EU/2024/1275), the Vacant Property Refurbishment Grant will no longer provide funding for the installation of a standalone fossil boiler for new applications. 

  1. Cad é an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh
  2. Conas cáiliú
  3. Rátaí íocaíochta
  4. Cuir iarratas isteach

1. Cad é an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh?

Is íocaíocht é an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh is féidir leat a fháil má tá teach nó foirgneamh folamh á n-iompú agat ina theach buan nó ina réadmhaoin ar cíos.

Tá deontas suas le €50,000 ar fáil.

Má sháraíonn na costais athfheistithe an deontas caighdeánach de suas le €50,000, tá deontas breisithe suas le €20,000 ar fáil. Féach thíos.

2. Conas cáiliú?

Chun cáiliú don deontas, ní mór duit;

  • cruthúnas úinéireachta a bheith agat nó fianaise ar chaibidlíocht gníomhacha chun an réadmhaoin a cheannach (is é sin, deimhniú fostaíochta ón ngníomhaire eastáit nó ó úinéir na maoine) i gcás ina bhfuil ceadú i bprionsabal á lorg agat le haghaidh deontais;
  • cónaí sa réadmhaoin mar do phríomháit chónaithe phríobháideach nó é a chur ar fáil ar cíos;
  • cruthúnas a bheith agat go bhfuil an réadmhaoin folamh le 2 bhliain ar a laghad agus gur tógadh roimh 2008 í.

Conas a bheidh a fhios an bhfuil an mhaoin incháilithe don scéim?

Baineann an deontas le réadmhaoin fholamh incháilithe i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus i gceantair thuaithe na tíre.

Fianaise agus doiciméid eile a chaithfidh tú a sholáthar:

  • luachan(anna) maidir leis na hoibreacha atá beartaithe.
  • tuarascáil neamhspleách ag dearbhú go bhfuil an réadmhaoin chontúirteach ó thaobh struchtúir de agus dainséarach (má tá deontas breise á lorg le haghaidh oibreacha ar réadmhaoin thréigthe) nó deimhniú go bhfuil sé ar Chlár na Láithreán Tréigthe, nuair is infheidhme.
  • aon cháipéisíocht tacaíochta eile a d’fhéadfadh d’údarás áitiúil a iarraidh chun tacú le d’iarratas.

Rátaí íocaíochta

Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh

Tá deontas suas le €50,000 ar fáil. Tá sé seo faoi réir uasteorainneacha do chineálacha éagsúla oibre, ag cur san áireamh measúnú costais réasúnta ón údar áitiúil. Tá costas CBL na n-oibreacha san áireamh sa deontas.

Deontas Breisithe Réadmhaoine Tréigthe

Má sháraíonn na costais athfheistithe an deontas caighdeánach de suas le €50,000, tá deontas breisithe suas le €20,000 ar fáil. Chun an deontas breise seo a fháil, ní mór duit a dheimhniú go bhfuil an réadmhaoin tréigthe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an réadmhaoin chontúirteach ó thaobh struchtúir de agus dainséarach. An deontas iomlán atá ar fáil do mhaoin thréigthe dá bhrí sin é €70,000.

Ní mór duit tuairisc neamhspleách arna ullmhú ag gairmí cáilithe a chur isteach, chomh maith leis an iarratas a dheimhníonn go bhfuil an mhaoin tréigthe.

Cuir iarratas isteach

Riarann na húdaráis áitiúla an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh. Tabharfaidh údaráis áitiúla tosaíocht d’iarratais i gceantair ina bhfuil leibhéal ard folúntais nó tréigthe.

Is féidir leat dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil freisin agus iarraidh labhairt leis an Oifigeach Tithe Folamh. Beidh siad in ann cabhrú leat le haon cheisteanna a bheidh agat.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le do thoil:

Croi Conaithe,
An tAonad um Ghníomhachtú agus Athghiniúint Maoine,
Comhairle Contae Chorcaí,
Urlár 14 Halla an Chontae
Corcaigh. T12 R2NC.

Fón: (021) 4285328 nó (021) 4285313.

Ríomhphost: [email protected]