Leabharlann Mhainistir Fhear Maí
Mo Leabharlann ar oscailt
Tá Leabharlann Mhainistir na Corann anois ina Leabharlann ar Oscailt.
Má’s mian leat níos mo eolais a fháil no cinne a dhéanamh le haghaidh ionduchtú, níl ort ach teagmháil a dhéanamh le Leabharlann Mhainistir na Corann nó ríomhphost sheoladh chuig MOLFermoy@corkcoco.ie
Uaireanta Oscailte
Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.
Dúnta ar an Luan.
Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.
Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.
Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Mhainistir Fhear Maí. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin.
Tá na nuachtáin agus na tréimhseacháin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: the Irish Examiner, The Irish Times, Avondhu, Consumer Choice agus Which.
Rochtain Idirlín
Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.
Priontáil cianda
Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Mainistir Fhear Maí. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach
Daite A4 60 cent san leathanach.
** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.
1.) Le ríomhphost
Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.
- A4 Dubh & Bán: fermoybwa4@printspots.com
- A4 Daite: fermoycola4@printspots.com
2.) Ó do bhrabhsálaí
Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!
3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)
- Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play Store nó iTunes App Store.
- Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
- Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.
* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.
** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.
***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
Conas pas bordála a phriontáil
Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive
Imeachtaí
Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.