Leabharlann na Scoile
Uaireanta Oscailte
Dé Céadaoin 9.30 r.n. - 1.00 i.n. & 2.00 i.n. - 5.30in
Dé Deardaoin 9.30 r.n. - 1.00 i.n. & 2.00 i.n. - 5.30in
Dé hAoine 9.30 r.n. - 1.00 i.n. & 2.00 i.n. - 5.30in
Dé Sathairn 9.30 r.n. - 1.00 i.n. & 2.00 i.n. - 5.30in
Dúnta ar an Luan agus ar an Máirt
Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.
Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.
Is féidir le daoine fásta agus páistí rogha leabhar, idir ficsean agus neamhfhicsean (leabhair ar théipeanna san áireamh), a fháil ar iasacht ó Leabharlann na Scoile.
Is féidir cóipeanna den Irish Examiner, The Irish Times agus The Southern Star a léamh taobh istigh den leabharlann.
Priontáil cianda
Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Baile Mhistéala. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach
Daite A4 60 cent san leathanach.
** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.
1.) Le ríomhphost
Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.
A4 Dubh & Bán: [email protected]
A4 Daite: [email protected]
2.) Ó do bhrabhsálaí
Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!
3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)
- Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play Store nó iTunes App Store
- Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
- Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.
* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.
** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.
***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)
Rochtain Idirlín
Tá an t-idirlíon ar fáil ar ríomhaire amháin. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil do bhaill na leabharlainne.
Treoracha go dtí an leabharlann
Tá an leabharlann suite ag barr na príomhshráide i sráidbhaile na Scoile. Tá sí suite ag coirnéal na Sráide Móire Uachtaraí agus Bóthar an Chalaidh agus tá sí díreach os comhair an Bunratty Inn.