Titiocht

Freagrachtaí an Tionónta

Ní mór réamhchead na Comhairle a fháil i scríbhinn le haghaidh aon athrú ar an teach, mias satailíte a shuiteáil san áireamh, agus d'fhéadfaí go mbeidh cead pleanála ag teastáil i gcásanna ar leith. Is é an tionónta atá freagrach as na costais a bhaineann le haon damáiste a dhéantar do thíleanna dín agus mias satailíte nó aeróg teilifíse á shuiteáil a dheisiú.

Cinnteoidh an tionónta go ndéanfar aon tionscadal/obair/obair thógála/chothabháil/obair dheisiúcháin ar an áit chónaithe a thagann chun cinn i gcomhréir le freagrachtaí an Tionónta de réir an Chomhaontaithe Ligin, nó atá de fhreagracht an tionónta ar aon bhealach eile, agus arb é an Tionónta féin, nó Conraitheoir/Tríú Páirtí a dhéanann iad, i gcomhréir le riachtanais na Rialachán um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht), 2013 (pdf).

Ba cheart duit eolas a chur ar ábhar do chomhaontaithe ligin, Sceideal 1 go háirithe.

Deisiúcháin Inmheánacha:

Tá an tionónta freagrach as deisiúcháin, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

  • Glais, insí agus hanlaí doirse inmheánacha
  • Scoilteanna ar phlástar inmheánach
  • Deisiúcháin ar dhamáiste d'aonaid chistine, do chófraí, do vardrúis, hanlaí, doirse, glais, agus insí san áireamh, nach é gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt is cúis leis an damáiste
  • An simléar a ghlanadh, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad
  • Damáiste don teach, teallaigh agus cúlteallaigh agus do gach maisiúchán inmheánach, d'eisiatóirí seoidire lena n-áirítear an gloiniú, na hearraí sláintíochta, fál na teorann lasmuigh agus na fánphíobáin uile
  • Deisiúcháin a thagann chun cinn mar gheall ar dhamáiste arna dhéanamh ag sceo comhdhlúite
  • Adhmad inmheánach amhail urláir, doirse, frámaí dorais, fuinneoga, cláir sciorta, imchásálacha, cláir fuinneoige
  • Tíleanna balla agus urláir, clúdaigh urláir agus clúdaigh gaothairí

Fuinneoga agus Doirse:

Ba cheart fuinneoga a oscailt go rialta ar mhaithe le haeráil agus chun go mbeidh aer in ann imshruthú. Tá an tionónta freagrach as oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar fhuinneoga agus ar dhoirse, lena n-áirítear na rudaí seo a leanas:

  • Damáiste d'fhuinneoga agus do dhoirse, nach é gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt is cúis leis 
  • Séideandíonadh 
  • Má bhristear aon cheann de do phánaí fuinneoige, tusa atá freagrach as é a athsholáthar.
  • Glais, insí agus hanlaí doirse inmheánacha agus seachtracha
  • Gloiní, tíleanna inmheánacha ar leaca agus ar chláir fuinneoige, boscaí litreach, teanntáin, laistí agus sriantáin fuinneoige a athsholáthar, obair phéinteála nó adhmad cóireáilte ar fhuinneoga agus ar dhoirse seachtracha (uair amháin gach dara bliain ar a laghad), gach maisiúchán inmheánach, lena n-áirítear péinteáil agus aon damáiste a dhéantar do dhaingneáin agus d'fheistis an tí
  • Sceo comhdhlúite a rialú

Nuair a dheisíonn Comhairle Contae Chorcaí damáiste den chineál sin, beidh an tionónta freagrach as an gcostas a bhaineann leis na deisiúcháin agus aisíocfaidh sé an costas leis an gComhairle láithreach.

Pluiméireacht:

Tá an tionónta freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • Gaistí lintéir a ghlanadh agus clúdaigh gaiste a athsholáthar.
  • Píobáin inmheánacha fuíollábhair, babhlaí agus sistéil leithris agus suíocháin leithris a athsholáthar 
  • Báisín níocháin, stopalláin agus slabhraí d'fholcadáin agus do dhoirtil a athsholáthar 
  • Aerbhaic sa chóras téimh lárnaigh a scaoileadh amach.
  • Draein tí tachta a ghlanadh i gcás go bhfreastalaíonn draein amháin ar áit chónaithe agus an costas leithroinnte a bhaineann le comhdhraein a ghlanadh.  

Tabhair do d'aire go bhfuil diantoirmeasc ar ábhar do-bhithmhillte (.i. ceirtíní agus clúidíní, srl.) a shruthlú síos leithris agus draenacha do mhaoine. Gearrfar ar an tionónta an táille glaoch amach agus costas an deisiúcháin a bhaineann le haon fhadhb a thagann chun cinn mar gheall ar ábhar do-bhithmhillte a shruthlú.

Oibreacha seachtracha:

Tá an tionónta freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • Cosáin, gairdíní agus fálta a chothabháil agus a choinneáil i ndea-riocht
  • Fálta agus ballaí teorann gairdín, atá tógtha ag an gComhairle agus/nó ag an Tionónta, a dheisiú nó a athsholáthar
  • Geataí tosaigh nó taobhgheataí nó doirse a osclaíonn ar cheantair gairdín a dheisiú, a athsholáthar nó a atógáil
  • Botháin bhreosla nó bóithigh, nuair a chuirtear ar fáil iad, a chothabháil
  • Damáiste a dhéantar do bhailchríocha ballaí seachtracha a dheisiú

Leictreach

Tá an tionónta freagrach as na rudaí seo a leanas:  bolgáin solais, fiúsanna, feadáin solais, scáthláin lampa agus plocóidí caite agus córais aláram buirgléireachta a athsholáthar agus ceallraí i mbrathadóirí deataigh ceallra a athsholáthar.

Is é an BSL atá freagrach as príomhfhiúsanna. Níor chóir duit cur isteach ar phríomhfhiúsanna ná ar fheistithe leictreacha, .i. soicéid, lasca, rósanna síleála nó téitheoirí stórála leictreacha gan cead na Comhairle a fháil i scríbhinn. Tusa a bheidh freagrach as aon obair deisiúcháin is gá a dhéanamh mar gheall ar chur isteach ar fhearas leictreach.

Tá an tionónta freagrach as trealamh braite dóiteáin leordhóthanach a chur ar fáil agus a chothabháil.

Tá ar an tionónta a chinntiú gur conraitheoir cáilithe inniúil leictreachais a dhéanann gach suiteáil leictreach teaghlaigh agus deisiúchán ceadaithe.  

Tá an tionónta freagrach as fearais breosla soladach agus gáis agus fearais eile téimh/chócaireachta arna suiteáil ag an tionónta, an gráta i ngach tinteán, damáiste a dhéantar to théitheoirí trína mí-úsáid, tíleanna tinteáin nó teallaigh a dheisiú agus a athsholáthar agus cothabháil bhliantúil gach fearais atá suiteáilte aige féin.

An tábhacht a bhaineann lenár dtithe a aeráil

Bileog

Cabhróidh an treoirleabhar ar aeráil seo leat tuiscint níos fearr a fháil ar an aeráil i do theach. Níl sé ag teacht in ionad treoracha an déantóra, treoracha ar cheart duit a leanúint i gcónaí. Tugann sé míniú ar aeráil, cad ar cheart duit a bheith ar an eolas faoi más úinéir tí tú nó más ar cíos atá an teach agat agus má tá sé i gceist agat tabhairt faoi athchóirithe.

An fáth ar cheart duit aeráil cheart a bheith i do theach