A-A AGORA

Treoirphlean do Agora an Atlantaigh an Artaigh ar Chomhoibriú Trasearnála chun Éiceachórais Mara agus Cósta a Athbhunú agus Athléimneacht Mhéadaithe Aeráide trí Nuálaíocht Bhunathraitheach

Arna mhaoiniú ag clár Horizon Europe de chuid an Aontais Eorpaigh, is clár ceithre bliana ar fiú 9.8 milliún é A-A Agora atá struchtúrtha chun tacú leis na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach i Misean an Choimisiúin Eorpaigh ar “ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030” trí laghdú a chur ar na brúnna i gceantair chósta chun borradh a chur faoi athléimneacht ar athrú aeráide agus a thionchair a mhaolú.

Tá tionscadal Horizon Europe Agora an Atlantaigh an Artaigh (A-A Agora) struchtúrtha chun tacú leis na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach i Misean an Choimisiúin Eorpaigh ar “ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030” agus, ar an mbealach seo, freagra a thabhairt ar na riachtanais ar athrú nuálach agus bunathraitheach chun “teach solais an Atlantaigh-an Artaigh” a chumasú.

Tá tionscadal A-A AGORA ag freagairt ar an ngá:

  • Le héiceachórais agus bithéagsúlacht mhara agus úruisce a chosaint agus a athbhunú, cosc a chur le truailliú ár n-aigéan, ár bhfarraigí agus ár n-uiscí agus fáil réidh leis, agus an eacnamaíocht ghorm inbhuanaithe a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de agus ciorclach.
  • Le héiceachórais atá suite i bpobail chósta atá i mbaol de bharr tionchair an athraithe aeráide, a chosaint, is é sin na rioscaí a bhaineann le hardú ar leibhéal na farraige agus an caillteanas bithéagsúlachta de bharr mhéadú ar thruailliú.
  • Le maolú a chur ar thionchair an athraithe aeráide, tá tábhacht ar leith le cur le rannpháirtíocht saoránach, agus ag an am céanna leas na sochaí a chur chun cinn.

Tá trí limistéar Taispeána laistigh den tionscadal seo; is é sin, an Phortaingéil, an Iorua agus Éire, a léiríonn pointí tosaithe difriúla agus atá mar eagráin phíolótacha ar ghníomhaíochtaí nuálacha, agus a chuireann sonraí tábhachtacha ó Theach Solais an Atlantaigh-an Artaigh ar fáil chun eolaíocht aigéin domhanda a chur chun cinn agus taighde i réigiúin eile mara agus cósta a threorú. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá sé mar aidhm ag Limistéar Taispeána na hÉireann an t-idirphlé idir cosaint an chósta, oiriúnú i leith na haeráide, agus athbhunú bunaithe ar an nádúr a iniúchadh, ag tógáil ar shaoránaigh atá gafa chun cur chuige ar bhainistíocht agus phleanáil chósta atá imeasctha agus rannpháirtíoch a spreagadh. Tá sé i gceist leis an tionscnamh feabhas a chur ar an mbonn eolais chun tacú le cinnteoireacht agus comhpháirtithe a éascú ag leibhéil áitiúla agus réigiúnacha. Cuirfear an obair seo i gcrích trí hoibriú i gcomhar agus trí chomhoibriú idir Comhairle Contae Chorcaí agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh (MaREI).

Tá áthas ar Chomhairle Contae Chorcaí a bheith ag obair i dteannta le MaREI (Lárionad Taighde Fuinnimh, Aeráide agus Mara de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann) ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus mar bhall de chuibhreannas comhpháirtíochta le 29 eagraíocht eile ó ocht dtír Eorpach. Déanfaidh an cuibhreannas A-A AGORA an tionscadal a sheachadadh agus iad ag obair le chéile trí 7 bPacáiste Oibre comhlántacha, agus ar an mbealach sin tacóidh sé leis na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach i Misean an Choimisiúin Eorpaigh ar “ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030” . Tá sé i gceist ag an bpacáiste oibre an tionscadal a sheachadadh trí na brúnna ar limistéir chósta a laghdú chun borradh a chur faoi athléimneacht ar athrú aeráide agus a thionchair a mhaolú.

Féach nasc le láithreán gréasáin AA Agora - A-A Agora
 

AA Agora Logo.