Ciarsúr Mhichíl Uí Choileáin le dul ar taispeáint i Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin

micheal collins' handkerchief

Tá ciarsúr línéadaigh i seilbh Comhairle Contae Chorcaí, a bhí i bpóca Mhichíl Uí Choileáin ag am a bháis agus beidh sé ar taispeáint go buan i Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin, Cloich na Coillte.  

Deartháir Mhichíl Uí Choileáin, Seán, a bhronn an ciarsúr ar an nGinearál Seán MacMahon, a bhí ina Ard-Mháistir ar Arm Shaorstát Éireann ag an am agus dlúthchomhlach leis an gCoileánach a ba é. In éineacht leis an déantán tá nóta gairid dar dáta an 31 Lúnasa 1922 a léann; 'A Cara, accept enclosed as souvenir of Miceál - in his pocket at time of death'. Seán Ó Coileáin’

Beidh an ciarsúr línéadaigh mar aon leis an litir ó Sheán Ó Coileáin ar taispeáint agus ar fáil le feiceáil saor in aisce in áit fáiltithe Theach Mhichíl Uí Choileáin don chuid eile den bhliain. Ansin déanfaidh sé a bhealach isteach i dtaispeántas buan an mhúsaeim.  

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Joe Carroll, 

Shortly after his death, Michael Collins’ siblings gave several of his close friends and colleagues similar personal items to remember him by.  Luckily, a number of these items have found their way into the Michael Collins House collection including the necktie worn by Collins during the Anglo-Irish Treaty negotiations and a small personal prayer book, among other items. These items are hugely important for the museum in telling the personal story of Michael Collins and in bringing history to life.

Cuireann an ciarsúr le bailiúchán déantán atá ag fás sa mhúsaem agus tá súil go meallfaidh sé níos mó cuairteoirí chuig an músaem móréilimh seo. Ag fáiltiú roimh idir fiche agus tríocha míle cuairteoir gach bliain, tá an músaem ina áit nach mór a fhecieáil do chuairteoirí chuig an réigiún chomh maith le mol cultúrtha agus tiománaí eacnamaíoch tábhachtach a chur ar fáil do phobal áitiúil Chloich na Coillte. 

Osclaíonn Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin ó cheann ceann na bliana ó Mháirt go Satharn ó 10.00r.n go 5.00i.n. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.michaelcollinshouse.ie