Open Call for Applications from Artists & Arts organisations: Cruinniú na nÓg, County Cork.

Cruinniú na nÓg, Ireland’s national day of creativity for children and young people, takes place on Saturday 12th June 2021, providing opportunities for young people to be inquisitive and curious, to be inventive and innovative, and to learn a new skill, to fulfil a creative ambition or showcase an inner creative talent.

Cork County Council Library and Arts Service, responsible for programming events and activities for the celebration, has issued an open call for applications from artists and arts organisations in Cork County.

Launching the call, Mayor of the County of Cork, Cllr. Mary Linehan Foley said:
“Cruinniú na nÓg is a fantastic celebration of the voice of the child and young person in our culture. We welcome ambitious and innovative proposals by artists, designers, historians, voluntary groups and cultural organisations that shine a light on the creativity of our younger population and showcase ongoing initiatives in the youth arts and cultural sector. The children and young people of Ireland have demonstrated amazing resilience over the past year, this is an opportunity to create, play and celebrate.”

Cruinniú na nÓg addresses a wide range of themes including all art forms, heritage, craft, coding, climate change, and design. This year, due to uncertainty over lockdown measures that may be in place in June, a blended approach of online and live in-person programming is anticipated to comply with public health guidelines.

Artists and arts organisations are invited to propose a project or event for children and/or young people. While there must be a key event taking place on June 12th, applicants are encouraged to make proposals that offer a longer period of engagement beyond that one day.  Therefore, projects may begin in advance of June 12th and culminate in an event on that day or begin with an introductory event and carry on for an extended period thereafter.

Successful applicants will be responsible for the development and management of their proposed projects and events. The maximum amount awarded will be €3,000.

Applications may be submitted at www.YourCouncil.ie before 5pm on Friday 2nd April 2021. For queries please contact Cork County Council Arts Office at arts@corkcoco.ie or phone 021 4285995.

Cruinniú na nÓg County Cork is organised by Cork County Council Library and Arts Service and is funded by Creative Ireland.

 



Glao Oscailte ar Iarratais ó Ealaíontóirí & Eagraíochtaí Ealaíon: Cruinniú na nÓg, Contae Chorcaí.

Beidh Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheachta náisiúnta do pháistí agus do dhaoine óga, ar siúl i mbliana Dé Sathairn 12ú Meitheamh 2021, ag soláthar deiseanna do dhaoine óga a bheith fiosrach, a bheith airgtheach agus nuálach, ag tabhairt seans dóibh scil nua a fhoghlaim, agus a n-uaillmhian nó tallann chruthaitheach a thaispeáint.

D'eisigh Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, atá freagrach as imeachtaí agus gníomhaíochtaí a clársceidealú don ócáid, glao oscailte ar iarratais ó ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon i gContae Chorcaí.

Ag seoladh an ghlao, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Mary Linehan Foley:
“Is ceiliúradh iontach é Cruinniú na nÓg ar ghuth na bpáistí agus na daoine óga inár gcultúr. Cuirimid fáilte roimh thograí uaillmhianacha agus nuálacha ó ealaíontóirí, dearthóirí, staraithe, grúpaí deonacha agus eagraíochtaí cultúrtha a thugann léargas ar chruthaitheacht ár ndaonra óga agus a thaispeánann tionscnaimh leanúnacha in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir óige. Tá athléimneacht iontach léirithe ag páistí agus daoine óga na tíre le bliain anuas, is deis iontach é seo dóibh le bheith ag cruthú, ag imirt agus ag ceiliúradh. "

Pléann Cruinniú na nÓg le raon leathan téamaí lena n-áirítear gach foirm d'ealaíne, oidhreacht, ceardaíocht, códú, athrú aeráide agus dearadh. I mbliana, mar gheall ar éiginnteacht faoi bhearta dianghlasála a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm fós i mí an Mheithimh, táthar ag súil le cur chuige cumaiscthe de chláir ar líne agus beo do dhaoine, a chomhlíonfaidh treoirlínte sláinte phoiblí.

Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon tionscadal nó imeacht a mholadh do pháistí agus / nó do dhaoine óga. Cé go gcaithfear príomhimeacht a bheith ar siúl an 12ú Meitheamh, spreagtar iarratasóirí tograí a dhéanamh a thairgeann tréimhse rannpháirtíochta a mhaireann níos faide ná an lá sin chomh maith. Mar sin, d'fhéadfadh tionscadail tosnú roimh an 12ú Meitheamh agus críoch a chur leis le hócáid ar an lá, nó ar a mhalairt , d'fhéadfadh tús a cur le tionscadal ar an 12ú agus é a leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse áirithe ina dhiaidh sin.

Beidh iarratasóirí rathúla freagrach as forbairt agus bainistíocht a dtionscadal agus a n-imeachtaí beartaithe féin. Is é an t-uasmhéid a bhronnfar ná €3,000.

Is féidir iarratais a chur isteach ag www.YourCouncil.ie roimh 5in Dé hAoine 2ú hAibreán 2021. Dein teagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag arts@corkcoco.ie nó glaoigh ar 021 4285995 má tá aon cheist agat.

Is é Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí a eagraíonn Cruinniú na nÓg do Chontae Chorcaí agus tá sé maoinithe ag Éire Ildánach.