Cork County Council Invites Proposals for the 2023 Town and Village Renewal Scheme 

Cork County Council has announced a call for Expressions of Interest for projects under this year’s Town and Village Renewal Scheme.

Minister for Rural and Community Development, Heather Humphreys TD recently launched the 2023 Fund which is designed to revitalise and regenerate our rural towns and villages. The Fund will focus on tackling vacancy and dereliction, as well as bringing additional footfall into town centres.

Supports will also be made available for outdoor projects such as new plazas, parks, playgrounds and green spaces along with funding for towns and villages that wish to develop their own farmer or artisan markets. Funding will be ring-fenced to support projects in the island communities.

The Town and Village Renewal Scheme is administered through local authorities, who work with local communities and businesses to develop and implement proposals.Welcoming the return of the Scheme, Mayor of the County of Cork, Cllr. Frank O’Flynn,

I am thrilled to announce the call for Expressions of Interest for this year's Town and Village Renewal Scheme. This initiative has brought remarkable transformations to our rural communities in the past. This year, we are particularly encouraging towns and villages who have not yet benefitted from the scheme to share your ideas and consider making a submission.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey added,

The 2023 Fund is an exciting opportunity to revitalise and regenerate our rural towns and villages. With a focus on tackling vacancy and dereliction while attracting more footfall into our town centres, we aim to create vibrant and thriving communities. We are committed to working closely with local communities and businesses on their valuable proposals, so that we can put forward projects that will make a real difference in our communities.

The 2023 Scheme outline along with Expression of Interest forms are available from the links below.  The closing date for receipt of forms is 4:00pm on Friday, 22nd September 2023.


Tá Tograí don Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2023 á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí

D'fhógair Comhairle Contae Chorcaí gairm ar Léirithe Spéise do thionscadail faoi Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile na bliana seo.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, Ciste 2023 le déanaí atá deartha chun ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan agus a athnuachan. Díreoidh an Ciste ar dhul i ngleic le folúntas agus tréigean, chomh maith le líon na gcustaiméirí breise a thabhairt isteach i lár na mbailte.

Cuirfear tacaíochtaí ar fáil freisin do thionscadail faoin aer mar phláis nua, páirceanna, clóis súgartha agus spásanna glasa chomh maith le maoiniú do bhailte agus sráidbhailte ar mian leo a margaí feirmeoirí nó ceardaithe féin a fhorbairt. Déanfar maoiniú a chur ar leataobh chun tacú le tionscadail sna pobail oileánda.Is trí údaráis áitiúla a riartar an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, a oibríonn le pobail agus gnólachtaí áitiúla chun tograí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Ag fáiltiú roimh fhilleadh na Scéime, dúirt méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O'Flynn,

Tá an-áthas orm an ghairm ar Léirithe Spéise a fhógairt do Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile na bliana seo.Tá an tionscnamh seo tar éis claochluithe suntasacha a thabhairt dár bpobail tuaithe roimhe seo. I mbliana, táimid ag spreagadh bailte agus sráidbhailte nár bhain leas as an scéim fós go háirithe a gcuid smaointe a roinnt agus cuimhneamh ar aighneacht a dhéanamh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey,

Is deis spreagúil é Ciste 2023 chun ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan agus a athnuachan. Le béim ar dhul i ngleic le folúntas agus tréigean agus níos mó daoine a mhealladh isteach i lár ár mbailte, tá sé mar aidhm againn pobail bheoga agus rathúla a chruthú. Táimid tiomanta do bheith ag obair go dlúth le pobail agus le gnólachtaí áitiúla ar a dtograí luachmhara, ionas gur féidir linn tionscadail a chur ar aghaidh a dhéanfaidh fíordhifríocht inár bpobail.

 

Tá imlíne Scéim 2023 chomh maith le foirmeacha Léirithe Spéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí ag www.corkcoco.ie Is é an dáta deiridh chun foirmeacha a fháil ná 4:00pm Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023.