Bóithre Poiblí a Dhúnadh Go Sealadach

COMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ
ACHT NA mBÓITHRE, 1993
BÓITHRE POIBLÍ A DHÚNADH GO SEALADACH

De bhun Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre 1994, tugtar fógra leis seo go molann Comhairle Contae Chorcaí na bóithre seo a leanas a dhúnadh go sealadach don tréimhse agus leis an gcúis a shonraítear thíos: 

Bóithre a bheidh Faoi Réir an Dúnta Molta

R-584 Béal Átha an Ghaorthaidh Contae Chorcaí - ó Dhroichead Bhun Sílinn chomh fada leis an Forge.

Tréimhse an Dúnta Molta 

Idir 08:00am Dé Luain, an 2 Meán Fómhair 2024 agus 17:00pm Dé Luain, an 30 Meán Fómhair 2024 (Dúnadh 24 uair an chloig).

An Chúis atá leis an Dúnadh Molta

Chun suiteáil séaraigh bhréin a éascú.

Bealaí Malartacha

Trácht atá ag dul Soir: Ag an gCaolchoill, lean an R-585 soir go dtí an Gleann. Ag an nGleann, lean an R-587 ó thuaidh chomh fada le Droichead na Toinne. Ag Droichead na Toinne, lean an R-584 siar go dtí Béal Átha an Ghaorthaidh. 

Trácht atá ag dul Siar: Ag Droichead na Toinne, lean an R-587 ó dheas go dtí an Gleann. Lean an R-585 siar chomh fada leis an gCaolchoill. Lean an R-584 soir go dtí Béal Átha an Ghaorthaidh.

Coinneofar Rochtain Áitiúil fad is a bheidh an dúnadh bóthair i bhfeidhm.

Agóidí

Ba cheart agóidí in aghaidh an dúnta bóthair shealadaigh molta seo a dhéanamh i scríbhinn, chuig an té a shínigh, ag lua na Tagartha: TRC-93-2024, nach déanaí ná 5pm Dé Céadaoin, an 24 Iúil 2024. Ba cheart go gcuirfí sonraí teagmhála fóin san áireamh leis an agóid.

Stiúrthóir Seirbhísí,
Bóithre agus Iompar,
Comhairle Contae Chorcaí
Teach na Cúirte,
Sciobairín,
Contae Chorcaí.

Seoladh ríomhphoist: roadclosures@corkcoco.ie