Dialann Mhichíl uí Choileáin ar Taispeáint go Poiblí Arís i gCloich na Coillte i Mí Lúnasa

One man and three women to the left of a glass case containing pages from Michael Collin's Diaries, with one woman and one man standing to the right of the glass case.

Tar éis rath an taispeántais i Lúnasa 2022 agus 2023, tá Comhairle Contae Chorcaí ag obair i gcomhar leis na Cartlanna Náisiúnta chun taispeántas Dhialann Mhichíl Uí Coileáin 1918-1922 a oscailt arís i Músaem Theach Mhichíl Uí Coileáin i gCloich na Coillte i mí Lúnasa 2024.

Díreofar i dtaispeántas na bliana seo ar Lúnasa 1922, agus beidh na bunleathanaigh dhialainne don chéad sé lá de mhí Lúnasa 1922 le feiceáil ann.

Áirítear sna leathanaigh seo a sceideal laethúil, cruinnithe agus liostaí ‘le déanamh’, rud a thugann léargas domhain ar shaol laethúil an Choileánaigh. Tá nóta ann maidir le teagmháil a dhéanamh leis an máistir ceathrún faoi thochtanna airm, cruinnithe a raibh sé le freastal orthu, glaonna a bhí le déanamh aige, agus liosta a d’fhéadfadh a bheith ina liosta earraí riachtanacha le pacáil do thuras a bhí beartaithe.

Chomh maith leis na leathanaigh dhialainne beidh beart dréacht-theileagram a scríobh an Coileánach ar an 15 Lúnasa 1922 ar taispeáint, a bronnadh ar na Cartlanna Náisiúnta le deireanaí.

Ar an 15 Lúnasa, chuir Mícheál Ó Coileáin tús le hobair an lae le cruinniú i gCeanncheathrú Luimnigh chun sonraí iompair a chinntiú tar éis a thurais ó dheas nuair a chlis ar a charr. Is léir ó théacs na dteileagram seo go raibh an-fhrustrachas ar Ó Coileáin faoin am ar bhain sé Corcaigh amach an tráthnóna sin. Is dóigh go raibh deifir air filleadh ar Bhaile Átha Cliath do shochraid Uí Ghríobhtha an lá arna mhárach. 

Rinneadh obair shuntasach chaomhnaithe ar na dialanna chomh maith le próiseáil chartlainne agus digitiú sna Cartlanna Náisiúnta. Tá gléas scáileán tadhaill mar chuid den taispeántas ar ar féidir breathnú ar na cúig dhialann ar fad.

Tá na dialanna ar iasacht chuig na Cartlanna Náisiúnta ó mhuintir Liam agus Betty Collins, nach maireann, Cloich na Coillte, Corcaigh.

Tá na Cartlanna Náisiúnta thar a bheith buíoch as na nótaí teileagraim a bhronn Maureen Coughlan Uas., Florida, SAM ar an Stát.

Agus é ag cur fáilte roimh an taispeántas in Iarthar Chorcaí, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr Joe Carroll, 
 

Tá ríméad orm go mbeidh na dialanna ar taispeáint don phobal do mhí Lúnasa i Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin. Cuireann taispeántais mar seo beocht sa stair agus tugann sé deis do dhaoine pearsantacht an Choileánaigh a fheiceáil.

Beidh tréimhse an taispeántais teoranta do mhí Lúnasa. Beidh cead isteach SAOR IN AISCE ann agus cuirfidh Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin síneadh lena uaireanta oscailte, ag oscailt Máirt go Satharn 9rn go 6in, Domhnach 10rn go 5in. Tuilleadh eolais ó www.michaelcollinshouse.ie