Athoscailt Oifigiúil Leabharlann Oileán Chléire á Ceiliúradh

Patricia Liddy, Director of Service, Municipal District Operations & Rural Development; Cork County Council; Joan Kearney, Librarian, Leabharlann Oileán Chléire; Emer O’Brien, Cork County Librarian; Mayor of the County of Cork, Cllr. Joe Carroll; Moira Murrell, Chief Executive of Cork County Council and Ruairi O’Donovan, Údarás na Gaeltachta pictured at the ribbon cutting at Leabharlann Oileán Chléire .

Tá Leabharlann Oileán Chléire athoscailte go hoifigiúil ag Méara Chontae Chorcaí, an Clr Joe Carroll agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell. Bhí ról lárnach ag an leabharlann i saol an oileáin le blianta fada, ó bunaíodh den chéad uair i 1978 í sa Halla Glas, an tInbhear.

Rinneadh an leabharlann a athlonnú roinnt uaireanta le linn na mblianta agus dúnadh í i mí Lúnasa 2023, ach tá sí athoscailte anois i spás geal, nua-aimseartha i gCuan Trá Chiaráin atá mar chuid d’áitreabh Chomharchumann Chléire Teo., in aice le Mol Digiteach an oileáin.

Chuir an Méara Carroll fáilte roimh an áis nua agus dúirt,

Sampla é Leabharlann nua Oileán Chléire den iliomad bealaí ina dtacaíonn Comhairle Contae Chorcaí lenár bpobail oileánda. Bíonn ról lárnach ag leabharlanna inar dtabhairt le chéile, i gcothú na foghlama agus i gcaomhnú an chultúir áitiúil. Tús ré nua é seo do leabharlann an oileáin, agus cuirfidh sé deiseanna nua ar fáil do mhuintir Oileán Chléire agus do chuairteoirí araon.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell, leis sin agus dúirt,

Moira Murrell

Príomhfheidhmeannach

Ceannceathrú Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, Éire. Eirchód: T12 R2NC.

Ní do leabhair amháin an leabharlann seo, ach is spás comhroinnte don phobal é a chuirfidh le forbairt shóisialta agus oideachais in Oileán Chléire.

Trí úsáid na nuatheicneolaíochta, lena n-áirítear nascacht satailíte Starlink, beidh fáil ar sheirbhísí leabharlainne, ar ríomhairí, ar phriontáil agus ar WiFi mar a bhíonn i ngach leabharlann de chuid Chomhairle Contae Chorcaí. Chomh maith le seirbhís luachmhar a sholáthar don 120 duine a chónaíonn ar an oileán ó cheann ceann na bliana, bheidh cuairteoirí agus scoláirí in ann an leabharlann a úsáid le linn an tsamhraidh.

Beidh rogha iontach leabhar do dhaoine fásta agus do leanaí ar fáil ann agus beifear in ann leabhair a iarraidh ó leabharlanna eile ar fud na tíre, ach anuas air sin beidh spás beag cruinnithe ar fáil ann d’imeachtaí na leabharlainne, mar shampla club leabhar fadbhunaithe an oileáin, cuairteanna ó údair, agus grúpa cniotála atá le bunú go gairid. Cuireadh suim in athuair sa chniotáil le taispeántas Gheansaí Chléire - patrún do gheansaí olla a bhaineann go sonrach le hOileán Chléire, agus as sin d’eascair pleananna chun grúpa cniotála a bhunú ar an oileán.

Tá bailiúchán Chartlann Oileán Chléire, bronntanas ó Éamon Lankford, le feiceáil sa leabharlann nua freisin. Faightear léargas faoi leith ar shaol an oileáin sa bhailiúchán, ina n-áirítear Cartlann Chuimhneacháin Idirnáisiúnta Uí Dhrisceoil agus Cartlann Chéile Lankford. 87 imleabhar agus 60 bosca d’ábhar cartlainne ar fad atá sa chartlann.

Beidh Leabharlann Oileán Chléire ar oscailte Dé Céadaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn ón 2.00in go 4.30in agus Déardaoin ón 11.00rn go 1.30in.  Beidh an leabharlann dúnta ar an Satharn gach deireadh seachtaine saoire bainc. Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le (021) 4546499 nó r-phost: corkcountylibrary@corkcoco.ie