Cork County Council Announces Funding of €136,000 for Arts Organisations and Artists (Bilingual)

81 Artists and Arts Organisations are set to receive funding totalling €136,000 from Cork County Council Arts Grants Scheme 2021. Following a very difficult year for the Arts Sector, the Council hopes that the funding provided in this year’s Arts Grants Scheme will help to revitalise arts in the county and pave the way for a return to cultural spaces and events later this year, in line with public health guidelines

Welcoming the announcement, the Mayor of the County of Cork, Cllr. Mary Linehan Foley said,

“Over the past twelve months we have seen the detrimental impact of Covid-19 on the Arts Sector and on our social, cultural and everyday lives. While current restrictions mean that some festivals will continue with online programmes, many have moved their programmes to the Autumn in anticipation of live events resuming safely.  This need to innovate and work creatively to overcome difficulties and create meaningful opportunities for public engagement in the Arts is clear from the projects that have been awarded as part of this year’s Arts Grants Scheme. This funding will enable festivals, artists and voluntary arts organisations to deliver projects that will have a real impact on revitalising local communities and putting art at the heart of 2021.”

The Arts Grants Scheme provides funding for a range of arts and cultural activities while also supporting festivals, voluntary arts groups, professional artists and youth arts, as well as a range of inclusive arts programmes reaching the elderly and those with disability.  Cork County Council is one of the few local authorities that has a specific scheme supporting Irish Language Arts and will provide funding to four projects in this area. This recent initiative was developed to support Irish language use by encouraging arts organisations and artists to develop creative projects that are Irish language based.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey echoed the importance of these supports to ensure the Arts remains accessible to all in Cork County,

“While the annual economic benefit of the Arts events funded by this scheme is estimated to have been in excess of €5 million prior to Covid-19, the social, cultural and community impact is invaluable.” Last year, Cork County Council’s support of the Arts enabled many groups to continue their work through a particularly challenging period. Arts funding has helped organisations and artists to adapt and improvise in 2020 and we will see the benefits of this as further funding is made available this year. For 2021, our aim is to see the Arts thrive and in turn help revitalise our towns and public spaces by allowing all our citizens to actively participate in the creative arts.”

Cork County Council’s Arts Grants Scheme is designed to support events, activities and new initiatives that enhance public access to the Arts and will support cultural development in all eight of the county’s Municipal Districts. The announcement of the 2021 Arts grant recipients signals the first steps towards plans for a safe resumption of many cultural activities in communities across the county.


Fógraíonn Comhairle Contae Chorcaí Maoiniú €136,000 d’Eagraíochtaí Ealaíon agus d’Ealaíontóirí

Tá sé beartaithe go bhfaighidh 81 Ealaíontóirí agus Eagraíochtaí Ealaíon maoiniú dar luach €136,000 san iomlán ó Scéim Deontas Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 2021. Tar éis bliana an-deacair don Earnáil Ealaíon, tá súil ag an gComhairle go gcabhróidh an maoiniú a chuirtear ar fáil i Scéim Deontas Ealaíon na bliana seo leis na healaíona a athbheochan sa chontae agus an bealach a réiteach le filleadh ar spásanna agus imeachtaí cultúrtha níos déanaí i mbliana, de réir threoirlínte sláinte poiblí

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Mary Linehan Foley,

“Le dhá mhí dhéag anuas chonaiceamar tionchar díobhálach Covid-19 ar Earnáil na nEalaíon agus ar ár saol sóisialta, cultúrtha agus laethúil. Cé go gciallaíonn srianta reatha go leanfaidh roinnt féilte ar aghaidh le cláir ar líne, bhog a lán acu a gcláir go dtí an Fómhar agus iad ag súil le himeachtaí beo a atosnú go sábháilte ag an am sin. Léiríonn na tionscadail ar a bhfuil deontais bronnta orthu mar chuid de Scéim Deontas Ealaíon i mbliana an gá atá ann le bheith nuálaíoch agus oibriú go cruthaitheach chun deacrachtaí a shárú agus deiseanna fiúntacha a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí sna hEalaíona. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas d'ealaíontóirí agus eagraíochtaí deonacha ealaíon agus féilte tionscadail a sheachadadh a mbeidh tionchar dáiríre acu ar phobail áitiúla a athbheochan agus ealaín a chur i gcroílár 2021. ”

Soláthraíonn an Scéim Deontas Ealaíon maoiniú do raon leathan de ghníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha agus tacaíonn sí freisin le féilte, grúpaí deonacha ealaíon, ealaíontóirí gairmiúla agus ealaíona óige, chomh maith le raon clár ealaíon uilechuimsitheach a fhreastalaíonn ar dhaoine scothaosta agus iad siúd faoi mhíchumas. Tá Comhairle Contae Chorcaí ar cheann de bheagán údarás áitiúil a bhfuil scéim shonrach aici a thacaíonn le hEalaíona trí mheáin na Gaeilge agus a chuirfidh maoiniú ar fáil do cheithre thionscadal sa réimse seo i mbliana. Forbraíodh an tionscnamh seo le déanaí chun tacú le húsáid na Gaeilge trí eagraíochtaí agus ealaíontóirí ealaíon a spreagadh chun tionscadail chruthaitheacha atá bunaithe ar Ghaeilge a fhorbairt.

Labhair Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey fé tábhacht na dtacaí seo lena chinntiú go mbeidh na hEalaíona inrochtana do chách i gContae Chorcaí,

“Cé go meastar go raibh tairbhe eacnamaíoch bhliantúil na n-imeachtaí Ealaíon arna mhaoiniú ag an scéim seo níos mó ná € 5 milliún roimh Covid-19, tá an tionchar sóisialta, cultúrtha agus pobail fíorluachmhar." Anuraidh, chuir tacaíocht Chomhairle Contae Chorcaí do na hEalaíona ar chumas go leor grúpaí leanúint lena gcuid oibre trí thréimhse an-dúshlánach. Chabhraigh maoiniú ealaíon le heagraíochtaí agus le healaíontóirí oiriúnú agus seiftiú a dhéanamh in 2020 agus cífimid na buntáistí a bhaineann leis seo de réir mar a chuirfear tuilleadh maoinithe ar fáil i mbliana. Do 2021, is é an aidhm atá againn ná go n-éireoidh leis na hEalaíona agus go gcabhróidh siad lenár mbailte agus ár spásanna poiblí a athbheochan trí ligean dár saoránaigh go léir páirt ghníomhach a ghlacadh sna healaíona cruthaitheacha. "

Tá Scéim Deontas Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí deartha chun tacú le himeachtaí, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nua a fheabhsaíonn rochtain phoiblí ar na hEalaíona agus a thacóidh le forbairt chultúrtha i ngach ceann de na hocht gCeantar Bhardasach sa chontae. Léiríonn fógra fhaighteoirí deontais Ealaíon 2021 na chéad chéimeanna i dtreo pleananna chun go leor gníomhaíochtaí cultúrtha a atosnú go sábháilte i bpobail ar fud an chontae.