Cork County Council Invites Applications for Cruinniú na nÓg 2023 (Bilingual)

a child in school uniform playing with arts and crafts

Cork County Council’s Library and Arts Service is inviting arts facilitators, arts organisations and community groups to submit an application to participate in this year’s Cruinniú na nÓg. Taking place on Saturday 10th June, Cruinniú na nÓg is Ireland’s national day of free creative activity for children and young people.

Launched in 2018, Cruinniú na nÓg has become a key date in Ireland’s cultural calendar, providing opportunities for Ireland’s 1.2 million children and young people to explore new ventures. In previous years the programme has included circus skills, animation, live music gigs, contemporary dance, youth theatre and so much more. All events are free to attend.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins is encouraging those involved in the arts to apply,

For many young people their first creative experiences can develop into a lifelong hobby, passion, or career. Cruinniú na nÓg can play a big part in that first step towards nurturing the creative talents of our young people. We welcome innovative and exciting proposals for activities to include in this year’s celebration of young people’s creativity in Cork County.

Cruinniú na nÓg addresses a wide range of themes including all art forms, heritage, craft, coding, climate change, and design. While there must be a key event that will take place on Saturday, June 10th, applicants are encouraged to make proposals that will offer a longer period of engagement beyond that one day.  Projects may begin in advance of June 10th and culminate in an event on that day or begin with an introductory event and continue for an extended period thereafter. 

Cruinniú na nÓg County Cork is organised by Cork County Council and is funded by Creative Ireland. 

The deadline for applications is 5pm on Sunday 26th February 2023. Further details are available at CreativeIreland@corkcoco.ie

 


 

Cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Chorcaí roimh Iarratais do Chruinniú na nÓg 2023

Tá Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag tabhairt cuireadh d’éascaitheoirí ealaíon, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail iarratas a chur isteach le bheith páirteach i gCruinniú na nÓg na bliana seo. Ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh, is éard atá i gceist le Cruinniú na nÓg ná lá náisiúnta na hÉireann de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do pháistí agus do dhaoine óga.

Arna sheoladh in 2018, tá Cruinniú na nÓg ina phríomhdháta i bhféilire cultúrtha na hÉireann, ag cur deiseanna ar fáil do 1.2 milliún páiste agus daoine óga na hÉireann chun fiontair nua a aimsiú. Sna blianta roimhe seo chuimsigh an clár scileanna sorcais, beochan, gigeanna ceoil bheo, damhsa comhaimseartha, amharclannaíocht óige agus go leor eile. Tá gach imeacht saor in aisce le freastal orthu.

Tá Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Danny Collins ag spreagadh na ndaoine a bhfuil baint acu leis na healaíona iarratas a dhéanamh,

Do go leor daoine óga féadann a gcéad eispéireas chruthaitheacha forbairt ina chaitheamh aimsire, paisean nó slí bheatha dóibh. Is féidir le Cruinniú na nÓg páirt mhór a ghlacadh sa chéad chéim sin i dtreo cumas cruthaitheacha ár ndaoine óga a chothú. Fáiltímid roimh mholtaí nuálacha spreagúla le haghaidh gníomhaíochtaí a chuimseofar i gceiliúradh na bliana seo ar chruthaitheacht daoine óga i gContae Chorcaí.

Tugann Cruinniú na nÓg aghaidh ar raon leathan téamaí lena n-áirítear gach foirm d'ealaíne, oidhreacht, ceardaíochta, códú, athrú aeráide, agus dearadh. Cé go gcaithfidh príomhimeacht a bheith ar siúl ar an Satharn, 10 Meitheamh, spreagtar iarratasóirí chun moltaí a dhéanamh a thairgfidh tréimhse rannpháirtíochta níos faide thar an lá amháin sin. D'fhéadfaí tionscadail a thosnú roimh an 10 Meitheamh agus críoch a chur leis ar an 10 Meitheamh nó, de rogha air sin,  d'fhéadfaí tús a chur le himeacht ar an lá sin a leanfaidh ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada ina dhiaidh sin.

Is í Comhairle Contae Chorcaí a eagraíonn Cruinniú na nÓg Chontae Chorcaí agus tá sé maoinithe ag Éire Ildánach.

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5in Dé Domhnaigh 26 Feabhra 2023. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais dein teagmháil le CreativeIreland@corkcoco.ie