Cork County Council launches Commemorative Documentary Series
Cork County Council has launched a series of short videos featuring the people behind four key centenary commemorative events held this year. Launched as part of Cork County Council’s Commemorations Programme, the videos examine pivotal historic moments that took place in Cork in 1922, giving an insight into this significant time in our history.
Welcoming the launch of the series, Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins commented,
The series includes Garrett Kelleher, Chair of the Michael Collins Béal na Bláth Commemoration Committee, as he describes the significance of the 2022 Commemoration on Sunday August 21st, when thousands gathered to commemorate the centenary of the death of Irish patriot and revolutionary hero Michael Collins,
Jamie Murphy, Manager of Michael Collins House in Clonakilty is also featured, discussing the importance of Michael Collins and how he shaped Irish history. The museum tells the story of the life of Collins and features his death mask and the recently digitised Michael Collins Diaries (1918-1922).
2022 saw Passage West Maritime Museum commemorate the 100-year anniversary of the Passage West Landings and the Battle of Rochestown and Douglas which took place in August 1922. In this video, Gavin Murphy and Jim Murphy from Passage West Maritime Museum speak about the landings and Passage West’ standing at the birthplace of Ireland’s steamship industry.
A further episode commemorates the 100-year anniversary of the looting and burning of Mitchelstown Castle which took place in August 1922. Journalist and author Bill Power discusses his recent book and the history conference held by St. George’s Arts and Heritage Centre to mark the centenary.
The short video series is now available to view on Cork County Council’s You Tube Channel, supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media and produced by Cork County Council, working with Lunasa PR and Frameworks Films.
Launched in 2021, a video documentary titled, ‘Evidence on Conditions in Ireland Commemorative Documentary – The County Cork Connection’ highlighting the importance of the role people in County Cork played in the hearings given on hardships endured during the War of Independence is also available to view on the Council’s YouTube channel.
Tá sraith físeán gearr seolta ag Comhairle Contae Chorcaí ag léiriú na ndaoine a bhí taobh thiar de cheithre phríomhimeacht comórtha céad bliain a reáchtáladh i mbliana. Arna sheoladh mar chuid de Chlár Comórtha Chomhairle Contae Chorcaí, scrúdaíonn na físeáin na heachtraí tábhachtacha stairiúla a tharla i gCorcaigh in 1922, ag tabhairt léargas ar an am suntasach seo dár stair.
Ag fáiltiú roimh sheoladh na sraithe, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Danny Collins, “Tá sé tábhachtach tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcaoi ar mhúnlaigh ár stair ár sochaí inniu. Reáchtáladh imeachtaí comórtha i bpobail ar fud an chontae chun cuid de na heachtraí stairiúla is tábhachtaí a bhí againn a chomóradh, rud a ligeann dúinn machnamh agus cuimhneamh orthu siúd a chaill a mbeatha le linn na tréimhse seo. Aithníonn an tsraith seo le Clár Comórtha Chomhairle Contae Chorcaí cuid de na daoine a bhí taobh thiar den iliomad imeachtaí comórtha céad bliain a tharla.”
Sa tsraith beidh Garrett Kelleher, Cathaoirleach Choiste Chomóradh Mhichíl Uí Choileáin, agus é ag cur síos ar thábhacht an chomóraidh in 2022 ar an Domhnach 21 Lúnasa, nuair a bhailigh na mílte chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bhás Mhichíl Uí Choileáin, tírghráthóir Éireannach agus laoch réabhlóideach.
Beidh Jamie Murphy, Bainisteoir Theach Mhichíl Uí Choileáin i gCloich na Coillte i láthair chomh maith, chun tábhacht Mícheál Ó Coileán i stair na hÉireann a phlé. Insíonn an músaem scéal shaol Uí Choileáin agus tá masc mairbh Mhichíl Uí Choileáin ann chomh maith lena dhialanna (1918-1922), a digitíodh le déanaí.
In 2022 dhein Músaem Muirí an Phasáiste comóradh 100 bliain ar Thuirlingtí an Phasáiste agus Cath Bhaile an Róistigh agus Dhúglas a tharla i mí Lúnasa 1922. San fhíseán seo, labhraíonn Gavin Murphy agus Jim Murphy ó Mhúsaem Muirí an Phasáiste faoi na tuirlingtí agus seasamh an Phasáiste mar áit bhreithe thionscal long ghaile na hÉireann.
Déanann clár eile comóradh 100 bliain ar chreach agus dó Chaisleán Bhaile Mhistéala a tharla i Lúnasa 1922. Pléann an t-iriseoir agus an t-údar Bill Power a leabhar le déanaí agus an chomhdháil staire a reáchtáladh ag Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Naomh Seoirse chun an céad bliain a chomóradh.
Tá an tsraith ghearr físeáin ar fáil anois le feiscint ar chainéal YouTube Chomhairle Contae Chorcaí, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus léirithe ag Comhairle Contae Chorcaí, ag obair le Lunasa PR agus Frameworks Films.
Seoladh físchlár faisnéise dar teideal, ‘Evidence on Conditions in Ireland Commemorative Documentary – The County Cork Connection’ a aibhsíonn an ról a bhí ag daoine i gContae Chorcaí sna héisteachtaí a tugadh ar chruatan a tharla le linn Chogadh na Saoirse ar fáil freisin le feiscint ar chainéal YouTube na Comhairle.