Cork Economic and Community Data Monitor Goes Live

Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley has launched the Cork Economic and Community Data Monitor. This platform, which offers a variety of data on Cork County, will be of interest and use to researchers and students, businesses and employers, local community organisations, elected representatives and the citizens of County Cork.

The Cork Economic and Community Data Monitor provides reliable data on many facets of the county’s economic and social profile across a range of geographical levels, including spatial planning areas, administrative divisions, municipal districts and twenty-seven settlements across Cork County. With fifteen different themes, such as population, social deprivation, employment, income and living standards, education and the property market, the platform offers a comprehensive overview of key authoritative datasets from public agencies in Ireland.

Commissioned by Cork County Council, and built on existing in-house technology, the Cork Economic and Community Data Monitor has been designed and populated with curated datasets by socio-economic and community experts from People and Place.

In launching the monitor, Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley said, “The amount of information available in the Cork Economic and Community Data Monitor is breathtaking and will be of huge interest to anyone who is living or working in Cork. The platform provides up to date, verifiable data on a wide range of themes and I would encourage everyone to take a look and discover just how broad living and working in Cork County truly is.”

Commenting on the information available via the monitor, Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey highlighted how “Anyone who needs reliable data and information for their projects, businesses or studies, can avail of this platform, which contains verifiable data from varied sources such as the CSO, Department of Education and Skills, the Environment Protection Agency and Failte Ireland, all available in an easily digestible and understandable format. I am confident that the platform will prompt new conversations about our economic and social future, bringing data and indicators into the conversation which offers a fresh perspective and pushes the direction of our discussion from ‘anecdotal’ to ‘hard data’ evidence.”

Eoghan McCarthy of People and Place also highlighted how the platform can be applied to meet the increased demand for data and evidence based decision making, “The Cork Economic and Community Data Monitor can assist in developing supporting material for funding applications as well as provide key data to inform important strategic plans. It will also support community organisations operating within the county. A key element to the Cork Economic and Community Monitor is the ability to easily compare and contrast key data across a range of geographies such as local electoral areas to the many diverse settlements across Cork County.”

The Cork Economic and Community Data Monitor is updated on a quarterly basis, providing a current view of the economic and social status within the county for the years to come, with comparative data accessible in one place which will be of particular benefit to researchers and policy makers. All of the indicators have been carefully selected and integrated into the platform for viewing and sharing. Importantly, the underlying source data is publicly available, posing no threat to data confidentiality and does not contain any personal information relating to citizens.

Explore the Cork Economic and Community Data Monitor.

Interesting Facts

  • Cork has more farms than any other county in Ireland at 14,201 and also the highest number of people in the country engaged in agriculture, forestry and fishing at 11,653 (CSO 2016).
  • Females outnumber males in most towns except Rathcormac which had exactly the same number of each at 881 males and 881 females in 2016 and Kilumney which recorded slightly more males than females (573 vs 559).
  • The four biggest towns in the county are Carrigaline, Cobh, Midleton and Mallow according to the 2016 Census.

Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí tagtha  i bhfeidhm

Is éard ná Uirlis éifeachtach agus éasca le húsáid le haghaidh gach ní a theastaíonn uait a fháil amach faoi Chontae Chorcaí, seolta ag Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley. Tairgeann an t-ardán sonraí éagsúla faoi Chontae Chorcaí, a bheidh spéisiúil agus úsáideach do thaighdeoirí agus do mhic léinn ,  do ghnóthais agus d’fhostóirí, d'eagraíochtaí pobail áitiúla, d'ionadaithe tofa agus do shaoránaigh Chontae Chorcaí araon.

Soláthraíonn Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí sonraí iontaofa ar go leor gnéithe de phróifíl eacnamaíoch agus sóisialta an chontae thar raon leibhéal geografach, lena n-áirítear ceantair spásphleanáil, rannáin riaracháin, ceantair bhardasacha agus seacht lonnaíocht is fiche ar fud Chontae Chorcaí. Le cúig théama dhéag éagsúla, mar shampla daonra, díothacht shóisialta, fostaíocht, ioncam agus caighdeáin mhaireachtála, oideachas agus an margadh réadmhaoine, tugann an t-ardán léargas cuimsitheach ar phríomhthacar sonraí údarásacha ó ghníomhaireachtaí poiblí in Éirinn.

Arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Chorcaí, agus tógtha ar theicneolaíocht inmheánach atá ann cheana, tá Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí deartha le tacar sonraí,  coimeádaithe ag saineolaithe socheacnamaíocha agus pobail ó 'People and Place'.

Agus í ag seoladh  an mhonatóra, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley, “Tá an méid faisnéise atá ar fáil i Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí iontach agus beidh spéis mhór ag éinne atá ina chónaí nó ag obair i gCorcaigh sa mhéid atá cuimsithe ann. Soláthraíonn an t-ardán sonraí infhíoraithe cothrom le dáta ar raon leathan téamaí agus mholfainn do gach duine féachaint air agus a fháil amach cé chomh leathan is atá maireachtáil agus obair i gContae Chorcaí. "

Ag trácht dó ar an bhfaisnéis atá ar fáil tríd an monatóir, leag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Tim Lucey béim ar an gcaoi “gur féidir le duine ar bith a dteastaíonn sonraí agus faisnéis iontaofa uathu dá dtionscadail, dá ngnólachtaí nó dá staidéar, leas a bhaint as an ardán seo, ina bhfuil sonraí infhíoraithe ó fhoinsí éagsúla mar an Phríomh-Oifig Staidrimh, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ​​agus Fáilte Ireland, iad uile ar fáil i bhformáid atá sothuigthe. Táim muiníneach go spreagfaidh an t-ardán comhráite nua faoinár dtodhchaí eacnamaíoch agus sóisialta, ag tabhairt sonraí agus táscairí isteach sa chomhrá a thairgeann peirspictíocht úr agus a bhrúfaidh treo ár bplé ó fhianaise ‘starógach’ go ‘sonraí crua’. ”

Chuir Eoghan McCarthy ó 'People and Place' béim freisin ar an gcaoi ar féidir an t-ardán a chur i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh méadaithe ar chinnteoireacht bunaithe ar shonraí agus fianaise, “Is féidir le Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí cabhrú le hábhar tacaíochta a fhorbairt d’iarratais mhaoinithe chomh maith le príomhshonraí a sholáthar chun pleananna straitéiseacha tábhachtacha a threorú. Tacóidh sé chomh maith le heagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú sa chontae. Príomhghné de Mhonatóir Eacnamaíoch agus Pobail Chorcaí ná a chumas sonraí lárnacha a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht go héasca thar raon tíreolaíochta mar thoghcheantair áitiúla leis an iliomad lonnaíochtaí éagsúla ar fud Chontae Chorcaí. "

Déantar an Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí a nuashonrú gach ráithe, ag tabhairt léargas reatha ar an stádas eacnamaíoch agus sóisialta sa chontae do na blianta atá le teacht, agus beidh sonraí comparáideacha inrochtana in aon áit amháin a rachaidh chun leasa taighdeoirí agus lucht déanta polasaithe go háirithe. Roghnaíodh na táscairí go léir go cúramach agus rinneadh iad a chomhtháthú san ardán le hiad a fheiceáil agus a roinnt. Tá na bunsonraí ar fáil go poiblí, rud atá tábhachtach, mar níl aon bhagairt ar rúndacht sonraí agus níl aon fhaisnéis phearsanta ann a bhaineann le saoránaigh.

Téir anseo leis an Monatóir Sonraí Eacnamaíocha agus Pobail Chorcaí  a fheiscint

 

Fíricí Suimiúla

  • Tá níos mó feirmeacha ag Corcaigh ná aon chontae eile in Éirinn ag 14,201 agus is anseo atá an líon is airde daoine sa tír atá ag gabháil do thalmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht chomh maith, ag 11,653 (CSO 2016)
  • Tá níos mó mná ná fir i bhformhór na mbailte seachas Ráth Chormaic ina raibh an líon céanna ann le 881 fear agus 881 bean in 2016 agus i gCill na hOmnaí bhí  níos mó fear ná mná (573 vs 559).
  • Is iad na ceithre bhaile is mó sa chontae ná Carraig Uí Leighin, an Cóbh, Mainistir na Corann agus Mala - de réir Dhaonáireamh 2016.