€1.8 million fund announced for the Community and Voluntary Sector in Cork County

a colourful playground

Cork County Council has announced support to the value of over €1.8million to support local communities in 2023. The Council’s Community Fund Scheme provides financial support to a range of groups and organisations right across the county annually and opens for applications on Wednesday 11th January this year.

The scheme is administered locally by the eight Municipal Districts and each year provides financial assistance to a range of community, sporting, and voluntary organisations under three distinctive fund types: The Capital Fund, Community Contract, and Amenity Fund. These funding schemes support a range of projects and initiatives, including supporting the work of Tidy Towns groups and community associations, infrastructural works, and sports and leisure facilities. 

Mayor of the County of Cork, Cllr Danny Collins, welcomed the announcement of the 2023 fund, 

“I am continually impressed by the works carried out by community groups under this scheme year on year. The Community Fund has become a vital means of support for so many worthwhile projects and initiatives right across Cork County. I encourage any groups who may have a community project in the pipeline to consider making an application to this year’s fund.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey added,

“This is the ninth year of our Community Fund Scheme which demonstrates the Council’s ongoing commitment to supporting the relentless work and commitment of our community and voluntary sector. This year, Cork County Council is making over €1.8million available through our General Municipal Allocation. These funds will bring numerous community projects to life and in doing so, encourage growth and development in towns and villages right across Cork County.”

Guidelines for the scheme and details for online applications are available at from Wednesday, 11th January 2023 and will close at 4pm on Tuesday, 14th February 2023.  

Further information, including contact details for your local Municipal District Office are also available on the Council’s website.


Ciste €1.8 milliún fógartha don Earnáil Phobail agus Deonacha i gContae Chorcaí

Tá cúnamh de luach os cionn €1.8 milliún fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí chun tacú le pobail áitiúla in 2023. Soláthraíonn Scéim Cistiúcháin Pobail na Comhairle tacaíocht airgeadais do raon grúpaí agus eagraíochtaí ar fud an chontae gach bliain agus osclaíonn sé d’iarratais Dé Céadaoin 11 Eanáir i mbliana.

Tá an scéim á riaradh go háitiúil ag na hocht gCeantar Bardasach agus cuireann sé cúnamh airgeadais ar fáil gach bliain do raon eagraíochtaí pobail, spóirt agus deonacha faoi thrí chineál ciste ar leith:  Scéim an

Chiste Chaipitil, Scéim na gConarthaí Pobail agus Scéim an Chiste Taitneamhachta. Tacaíonn na scéimeanna maoinithe seo le raon tionscadal agus tionscnamh, lena n-áirítear tacú le hobair ghrúpaí na mBailte Slachtmhara agus cumainn phobail, oibreacha bonneagair, agus áiseanna spóirt agus fóillíochta.

Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins, fáilte roimh fhógra ciste 2023,

“Bím tógtha de shíor leis na hoibreacha a dhéanann grúpaí pobail faoin scéim seo bliain ar bhliain. Is modh tacaíochta ríthábhachtach é an Ciste Pobail le haghaidh an oiread sin tionscadal agus tionscnamh fiúntach ar fud Chontae Chorcaí. Molaim do ghrúpaí ar bith a bhfuil  tionscadal pobail á phleanáil acu smaoineamh ar iarratas a dhéanamh chuig ciste na bliana seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey,

 

“Is é seo an naoú bliain dár Scéim Cistiúcháin Pobail, rud a léiríonn tiomantas leanúnach na Comhairle do thacú le hobair diongbháilte ár n-earnáil phobail agus deonacha. I mbliana, tá Comhairle Contae Chorcaí ag cur os cionn €1.8 milliún ar fáil trínár Leithdháileadh Ginearálta Bardasach. Tabharfaidh na cistí seo beocht do go leor tionscadal pobail agus trí é sin a dhéanamh spreagfaidh siad fás agus forbairt i mbailte agus sráidbhailte ar fud Chontae Chorcaí.”

Tá treoirlínte don scéim agus sonraí maidir le hiarratais ar líne ar fáil ag ón gCéadaoin, 11 Eanáir 2023 agus dúnfar é ag 4in Dé Máirt, 14 Feabhra 2023.