Funding Available for Festival Organisers in County Cork
Welcoming the return of live festivals and events, Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan said “Cork County is internationally renowned as a festival haven and the return of live music and entertainment to our towns and villages has been much anticipated. The Local Festival Fund has enabled the hosting of some of our finest and most unique festivals over the years, such as Youghal Medieval Festival, Ballydehob Jazz Festival and A Taste of Fermoy to name but a few. It is also important to note the many social gains from festivals; they entertain, they celebrate, they encourage participation within our communities, and they offer a snapshot of the unique cultural identity of our county. I strongly encourage festival and event organisers to take a look at the criteria and consider making an application.”
The fund, which is targeted at festivals that drive domestic tourism in Cork County, forms an important part of the Council’s financial support of festivals, resulting in investment by the Local Authority to the value of €1.6 million between the period 2018-2021.
Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey added “While the hosting of physical festivals and events over the last two years was considerably limited by the Covid-19 pandemic, Cork County Council has been committed to the continued support of local festivals. We have supported the development of virtual festival programmes and digital platforms, as well as hosting a series of Festival Development Workshops and providing funding to a smaller number of festivals that successfully hosted physical events during this period. The Local Festival Fund will be an important boost to local festivals and will be instrumental in this critical stage of recovery from the pandemic. Festivals and events will help to regenerate the economies of our towns and villages and will be a further incentive for visitors to make that return trip to Cork County.”
Ciara Sugrue, Head of Festivals at Fáilte Ireland said “Festivals and events play a key role in delivering brilliant visitor experiences, providing a unique reason for visitors to choose a destination and increasing footfall for local businesses, supporting jobs and revenue generation. Domestic tourism will be hugely important again this year as we work towards recovery. Managed by Cork County Council, the Local Festival Fund will support festivals that drive domestic demand across Cork County.”
Formerly known as the ‘Fáilte Ireland Regional Festival Fund’, Cork County Council took over management of the Local Festival Fund in 2018, allocating a total of €220,000 between 2018-2021 to the support of local festivals and events.
The application process has been streamlined to a digital and paper-free process this year, enabling applicants to complete all steps from application to drawdown on the Council’s online customer service portal. The Local Festival Fund criteria and online application is now available on www.yourcouncil.ie and will close on Tuesday 8 of March at 5.00 pm.
For further information, email local.festivalfund@corkcoco.ie
Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí go bhfuil Ciste na bhFéilte Áitiúil 2022 oscailte anois d’iarratais. Tá €65,000 san iomlán ar fáil trí chiste na bliana seo agus is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar shuimeanna idir €500 agus uasmhéid de €6,000 in aghaidh na féile.
Ag fáiltiú roimh fhéilte agus imeachtaí beo, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comh. Gillian Coughlan “Tá cáil idirnáisiúnta ar Chontae Chorcaí mar áit fhéile agus táthar ag súil go mór le ceol beo agus siamsaíocht a thabhairt ar ais chuig ár mbailte agus sráidbhailte. Cuireann Ciste na bhFéilte Áitiúil ar ár gcumas roinnt dár bhféilte is fearr agus is uathúla óstáil thar na blianta, mar shampla Youghal Medieval Festival, Ballydehob Jazz Festival agus A Taste of Fermoy gan ach cuid acu a lua. Tá sé tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara na buntáistí sóisialta iomadúla a thugann féilte dúinn; déanann siad siamsaíocht, ceiliúrann siad, spreagann siad rannpháirtíocht laistigh dár bpobail, agus cuireann siad léargas ar fhéiniúlacht chultúrtha uathúil ár gcontae. Molaim go láidir d’eagraithe féilte agus imeachtaí breathnú ar na critéir agus machnamh a dhéanamh ar iarratas a dhéanamh.”
Tá an ciste, atá dírithe ar fhéilte a spreagann turasóireacht intíre i gContae Chorcaí, ina chuid thábhachtach de thacaíocht airgeadais na Comhairle d’fhéilte, as a dtagann infheistíocht de luach €1.6 milliún ón Údarás Áitiúil idir an tréimhse 2018-2021.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Tim Lucey freisin “Cé go raibh óstáil na bhféilte agus imeachtaí fisiceacha le dhá bhliain anuas teoranta go mór ag paindéim Covid-19, tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta do thacaíocht leanúnach a thabhairt d’fhéilte áitiúla. Thugamar tacaíocht d’fhorbairt clár fíorúla féilte agus ardáin dhigiteacha, chomh maith le sraith Ceardlanna Forbartha Féilte a óstáil agus maoiniú a chur ar fáil do líon níos lú féilte ar éirigh leo imeachtaí fisiceacha a óstáil le linn na tréimhse seo. Beidh Ciste na bhFéilte Áitiúla ina spreagadh tábhachtach d’fhéilte áitiúla agus beidh sé lárnach sa chéim ríthábhachtach seo den téarnamh ón bpaindéim. Cabhróidh féilte agus imeachtaí le heacnamaíocht ár mbailte agus ár sráidbhailte a athbheochan agus beidh siad ina spreagadh breise do chuairteoirí an turas fillte sin go Contae Chorcaí a dhéanamh.”
Dúirt Ciara Sugrue, Ceannasaí na bhFéilte ag Fáilte Éireann “Tá ról lárnach ag féilte agus imeachtaí maidir le heispéireas iontacha a sheachadadh do chuairteoirí , ag soláthar cúis uathúil dóibh chun ceann scríbe a roghnú agus i líon na ndaoine a théann i mbun gnóthaí áitiúla a mhéadú , ag tacú le poist agus giniúint ioncaim. Beidh turasóireacht intíre thar a bheith tábhachtach arís i mbliana agus muid ag obair i dtreo an téarnaimh. Fé bhainistiú na Comhairle, tacóidh Ciste na bhFéilte Áitiúil le féilte a spreagann éileamh intíre ar fud Chontae Chorcaí.”
Thugtaí ‘Ciste Fhéilte Réigiúnach Fáilte Éireann’ roimhe seo, ghlac Comhairle Contae Chorcaí seilbh ar bhainistíocht Chiste na bhFéilte Áitiúil in 2018, ag leithdháileadh €220,000 idir 2018-2021 mar thacaíocht d’fhéilte agus d’imeachtaí áitiúla.
Rinneadh cuíchóiriú ar an bpróiseas iarratais go dtí próiseas digiteach agus saor ó pháipéar i mbliana, rud a chuir ar chumas iarratasóirí gach céim a chur i gcrích ó iarratas go tarraingt anuas ar thairseach seirbhíse custaiméara ar líne na Comhairle. Tá critéir Chiste na bhFéilte Áitiúil agus an t-iarratas ar líne ar fáil anois ar www.yourcouncil.ie agus glacfaimid le hiarratas go dtí Dé Máirt 8ú Márta ag 5.00in.
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig local.festivalfund@corkcoco.ie