Plans for Béal na mBláth unveiled to mark centenary of the death of Michael Collins

Mayor of the County of Cork, Cllr Gillian Coughlan, is delighted to announce that a significant project for Béal na mBláth will be completed in advance of the national event to commemorate the centenary of the death of Michael Collins in August 2022.  The project is supported by the Department of the Taoiseach, Department of Defence and Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media as part of the centenary programme of commemorations.

The site will be restored to reveal its heritage value in the most sensitive and appropriate manner, serving as a legacy thereafter of the centenary itself.  A design for the project has been developed by key experts in archaeological historic landscapes, memorial historic landscapes, historical analysis of the battlefield and ambush area, and drawing from an historic landscape assessment.

This design has guided the proposed interventions to the area resulting in a Section 38 application under the Roads Traffic Act 1994 to introduce traffic calming measures adjacent to the Michael Collins Memorial by the reduction of the carriageway width, renewal of surfacing and road markings, the addition of car parking spaces and associated works

Commenting on the project, Mayor Coughlan highlighted how, “Thanks to our partners, Cork County Council, in consultation with the local Béal na mBláth Commemoration Committee, will develop a project that is both sensitive and features minimal intervention but will increase the memorial's legibility and that of its context. Through quality design, the Beal na mBláth project will reveal and re-establish this historic route through our heritage landscape. The site's historical authenticity and integrity will be maintained while ensuring this national monument remains a legacy for future generations.”

This sensitive development at the monument will ensure its universal accessibility and will allow the visitor a chance to experience the landscape and feel what it was like in 1922 when the ambush took place.  A map guide of the site and wider ambush area will enhance the overall visitor experience.

Welcoming the project, Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey commented, “The commitment of all the partners is evident through the funding and expertise brought to this project, ensuring the restoration of the landscape affords the appropriate commemoration of the events here in 1922, for the centenary year and for years to come.”


Tá lúcháir ar Mhéara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan, a fhógairt go mbeidh tionscadal suntasach do Bhéal na Blá curtha i gcrích roimh an imeacht náisiúnta chun comóradh céad bliain ó bhás Mhichíl Uí Choileáin , a chomóradh i mí Lúnasa 2022.  Tá Roinn an Taoisigh, an Roinn Cosanta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú leis an tionscadal mar chuid de chlár comórtha céad bliain.

Déanfar an láithreán a athchóiriú chun a luach oidhreachta a nochtadh ar an mbealach is íogaire agus is cuí, ag seasamh as sin amach, ina slí féin, mar ghné d'oidhreacht an comóradh céad bliain. Tá dearadh don tionscadal seo forbartha ag daoine atá bpríomhshaineolaithe i dtaobh tírdhreacha stairiúla seandálaíochta, tírdhreacha stairiúla cuimhneacháin, anailís stairiúil ar pháirc an chatha agus limistéar an luíocháin. Beidh seo ag tarraingt ar mheasúnú tírdhreacha stairiúil chomh maith.

Mar thoradh ar na hidirghabhálacha atá beartaithe don cheantar seo faoin dearadh, tá iarratas Alt 38 faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 chun bearta maolaithe tráchta a thabhairt isteach cóngarach do Chuimhneachán Mhichíl Uí Choileáin trí leithead an charrbhealaigh a laghdú, dromchlaí agus marcálacha bóthair a athnuachan, níos mó spásanna páirceála gluaisteán a sholáthar,  agus oibreacha gaolmhara.

Agus í ag tagairt don tionscadal, d’aibhsigh an Méara Coughlan conas, “A bhuíochas lenár gcomhpháirtithe, forbróidh Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhairle le Coiste Comórtha Bhéal na Blá, tionscadal atá íogair agus nach bhfuil mórán idirghabhála ag baint leis,  ach a mhéadóidh inléiteacht an séadchomhartha agus a chomhthéacs. Nochtfar agus athbhunófar an bealach stairiúil seo trínár dtírdhreach oidhreachta trí dhearadh ardchaighdeáin an tionscadail. Coinneofar barántúlacht agus sláine stairiúil an tsuímh agus cinnteofar go bhfanfaidh an séadchomhartha náisiúnta seo ina oidhreacht do na glúine atá le teacht.”

Cinnteoidh an fhorbairt seo ag an séadchomhartha a inrochtaineacht uilíoch agus tabharfaidh sé deis don chuairteoir taithí a fháil ar an tírdhreach agus mothú cé mar a bhí sé in 1922 nuair a tharla an luíochán. Feabhsóidh treoir léarscáile den láithreán agus limistéar níos leithne an luíocháin eispéireas iomlán an chuairteora.

Ag fáiltiú roimh an togra, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Tim Lucey an méid seo, “Tá tiomantas na gcomhpháirtithe go léir le feiscint tríd an maoiniú agus an saineolas a tugadh don tionscadal seo, ag cinntiú go dtugann athchóiriú an tírdhreacha cuimhneachán cuí ar na himeachtaí a tharla ann in 1922, do bhliain na gcuimhneachán  seo, agus dar ndóigh sna blianta amach romhainn.”