Boithre Agus Iompar
An Tionscadal Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh maidir le Soilsiú Poiblí

Beifear ag déanamh uasghrádú ar shoilsiú poiblí faoin Tionscadal Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh maidir le Soilsiú Poiblí (TNÉFSP). Déanfar an t-uasghrádú seo i dtrí réigiún geoghrafacha agus iad á stiúradh ag Údarás Áitiúil Conarthach ar a dtugtar an Príomhúdarás.
Is iad seo a leanas na Príomhúdaráis:
- Réigiún an Iardheiscirt – Comhairle Contae Chorcaí
- Réigiún an Oirthir – Comhairle Contae Chill Chainnigh
- Réigiún an Iarthuaiscirt – Comhairle Contae Mhaigh Eo
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tionscadal náisiúnta, tabhair cuairt ar publiclighting.ie.