Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Carbháin agus Páirceanna Campála

Tabhair leat do phuball, carbhán turasóireachta nó veain campála chun taitneamh a bhaint as an tsaoirse a bhaineann le laethanta saoire a chaitheamh sna páirceanna campála ar fud Chorcaí!

Tá páirceanna beaga bainistithe ag teaghlaigh ann, agus páirceanna móra a bhfuil go leor áiseanna acu. Tá páirceanna eile ann nach bhfuil go leor áiseanna acu ach atá suite in áiteanna an-suaimhneacha.

Bíonn gníomhaíochtaí agus áiseanna fóillíochta ar an láthair nó in aice láimhe ag go leor páirceanna agus bíonn neart rudaí le déanamh iontu i gcónaí, agus ós rud é go bhfuil Dearbhú Cáilíochta acu ó Fáilte Éireann agus Comhairle Contae Chorcaí, is féidir brath air go mbeidh áiseanna den scoth acu. 

Liosta de na Páirceanna Carbháin i gCeantar Bardasach Dhroichead na Bandan-Cionn tSáile agus Iarthar Chorcaí

An Failleán Thiar, Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán, Cúirt Mhic Shéafraidh, Droichead na Bandan, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán Formall Dowlings, Inse an tSagairt, An Gleann Garbh, Contae Chorcaí.

Páirc Carbhán Eagle Point, Rinn an Dísirt, Béal Átha Leice, Beanntraí, Contae Chorcaí

Ag trádáil mar Hungry Hill Lodge & Camping, faoi chúram Glenbrook Lodge Limited, Eadargóil, Leithinis Bhéarra, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán Hayes, Abha na hInse, Ros ó gCairbre, Contae Chorcaí

Cill Liain, An Cruachán, Contae Chorcaí

Páirc chun Saoire, Leacain Mhic Aodha, An Cruachán, Contae Chorcaí

The Meadow, Cill Fhíonáin, Cuan Dor, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán McCarthy, An Bán Leathan, Tráigh Omna, An Sciobairín, Contae Chorcaí

An tOileán Beag, Abha na hInse, Ros Ó gCairbre, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán Sexton, An Cheathrú, Tigh Molaige, Contae Chorcaí

Inse an tSagairt, An Gleann Garbh, Contae Chorcaí

Ionad Campála, “Cuas an Uisce”, Baile Iartharach, Oileán Chléire, Sciobairín, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán agus Campála Desert House, Bóthar an Chósta, Cloich na Coillte, Contae Chorcaí

Páirc Carbhán agus Campála Hideaway, An Sciobairín

Páirc Carbhán Bowen, Garraí Lúcáis

Páirc Carbhán Glenview, Baile Mhontáin

Páirc Carbhán Cullinane, Garraí Lúcáis

Páirc Carbhán Hickey, Cill Briotáin

Páirc Carbhán Lordans, An Seancheann

Teach Garretstown, Garretstown

Páirc Carbhán Roberts Cove, Robertscove

Suíomh 1, Páirc Carbhán O’Callaghan, Garretstown

Suíomh 2, Páirc Carbhán O’Callaghan’s Ville

Páirc Carbhán Mannings, Garraí Lúcáis, Béal Átha an Spidéil

Páipéar Polasaí maidir le Forbairt Seirbhísí Veain Campála i gContae Chorcaí 2018

Tá earnáil Carbhán agus Campála na hÉireann beag i gcomparáid leis an rogha cóiríochta a úsáideann lucht saoire thar lear agus sa tír seo.  Tá roinnt srianta ar an earnáil, an príomhcheann ná an easpa áiteanna d'ardchaighdeán i suíomhanna oiriúnacha. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin doiciméad Polasaí, féach an nasc:

Páipéar Polasaí maidir le Forbairt Seirbhísí Veain Campála i gContae Chorcaí 2018 (Doiciméad le teacht)

Páirceanna Carbhán agus Campála a Cheadúnú

Is é an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) 1948. an phríomhreachtaíocht a rialaíonn soláthar sláintíochta agus seirbhísí sláinte poiblí maidir le páirceanna tithe soghluaiste, páirceanna carbhán agus ionaid champála. Faoi chuid IV den Acht sin, féadann an tÚdarás Áitiúil ceadúnas a bhronnadh ar shealbhóir na talún agus d'fhéadfadh sé go mbeadh coinníollacha áirithe le comhlíonadh maidir leis an gceadúnas sin.