Na hEalaíona

Oíche chultúir

Ceoltóirí ag seinm uirlisí práis amuigh faoin aer, le cúlra duilleach laistiar dóibh

Is ócáid náisiúnta í Oíche Chultúir a dhéanann ceiliúradh ar an méid a chuimsíonn saibhreas agus éagsúlacht an Chultúir in Éirinn sa lá atá inniu ann, a nascann daoine le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta agus a bhfuil sé mar aidhm aici bealaí a oscailt i dtreo rannpháirtíocht leanúnach. Beidh imeachtaí agus ceardlanna cláraithe go sonrach sna hionaid rannpháirtíochta agus tá gach gníomhaíocht ar fáil don phobal saor in aisce. Déanann an Oifig Ealaíon comhordú agus seachadadh ar ghníomhaíocht Oíche Chultúir ar fud an chontae. Tacaímid le heagraíochtaí éagsúla agus bímid i dteagmháil leo, agus clár imeachtaí á sheachadadh againn gach bliain.