Plean Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 2024 Comhairliúchán Poiblí

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag ullmhú Plean Ealaíon nua 2025-2029 ina leagfar amach an treo, na tosaíochtaí agus na spriocanna a threoróidh ár gcuid oibre sna cúig bliana amach romhainn.

Mar chuid d'fhorbairt an phlean ba mhaith linn cuireadh a thabhairt don phobal a dtuairimí a roinnt maidir le conas is féidir leis an gComhairle oibriú amach anseo chun taitneamh, rannpháirtíocht agus cleachtas na n-ealaíon i gContae Chorcaí a chur chun cinn. 

Tá tacaíocht ag an saol cultúrtha i gContae Chorcaí ó éiceachóras ealaíon a chuimsíonn ealaíontóirí atá ag cleachtadh a ngairme, eagraíochtaí ealaíon, ionaid, féilte, cleachtóirí ealaíon deonacha, agus grúpaí éagsúla a oibríonn chun cleachtas agus taitneamh na n-ealaíon a chur chun cinn i bpobail áitiúla. Cuireann a dtiomantas agus a ndíograis go mór le caighdeán na beatha atá ag ár saoránaigh agus ag na cuairteoirí a gcuirimid fáilte rompu.

Tá suim ar leith againn a chloisteáil faoin luach atá ag na healaíona i do shaol; conas a théann tú i ngleic leis na healaíona faoi láthair nó más mian leat páirt níos mó a ghlacadh i ngníomhaíocht chruthaitheach; agus conas a d’fhéadfadh rochtain fheabhsaithe ar ghníomhaíocht chruthaitheach tacú le d’fholláine agus le caighdeán do bheatha. Ba mhaith linn a fháil amach freisin an bhfuil bacainní ann a chuireann cosc ar do rannpháirtíocht sna healaíona agus conas a d’fhéadfadh an Chomhairle oibriú chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin.

Conas páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo

Sa chéad táb eile gheobhaidh tú páipéar comhairliúcháin. Tugann sé léargas ar na seirbhísí Ealaíon a sholáthraíonn Comhairle Contae Chorcaí. Tugann sé roinnt staitisticí le déanaí faoinár gcuid oibre. Leagann sé béim freisin ar ár dtosaíochtaí straitéiseacha don phlean.

Is ceistneoir gearr é an tríú táb is féidir a chomhlánú ar líne.

Is féidir leat páirt a ghlacadh freisin i gcomhairliúcháin phoiblí ag láithreacha timpeall Chontae Chorcaí i rith an tSamhraidh. Cuirfear eolas ar na himeachtaí seo ar fáil ar na meáin shóisialta de chuid na hOifige Ealaíon agus tríd an nuachtlitir ealaíon. Is féidir leat clárú don nuachtlitir.

Is féidir leat aighneacht scríofa níos mionsonraithe a dhéanamh freisin. Is féidir iad seo a chur ar ríomhphost chuig artsplan@corkcoco.ie. Is é Dé hAoine, an 16 Lúnasa an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí scríofa.

Dréacht-Tosaíochtaí Straitéiseacha do Phlean Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 2025 - 2029

Seirbhísí ealaíon agus cultúrtha a fhorbairt agus a fheabhsú

Féachann Oifig na nEalaíon le forbairt a dhéanamh ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí a sholáthraíonn sí d’ealaíontóirí, d’eagraíochtaí ealaíon agus pobail agus don lucht féachana. Is mian linn oibriú chun bonneagar agus acmhainní na n-ealaíon a fheabhsú chun cobhsaíocht agus inbhuanaitheacht níos fearr a bhaint amach d’earnáil na n-ealaíon i gContae Chorcaí. Cabhróidh do thuairimí linn ár seirbhísí reatha a dhíriú ar bhealach níos éifeachtaí agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa soláthar.

Feabhas a chur ar rochtain agus rannpháirtíocht gach cuid den phobal sna healaíona

Sonraíonn Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine (UNDHR), Alt 27a “go bhfuil an ceart ag gach aon duine páirt a ghlacadh gan chosc i saol cultúrtha an phobail, tairbhe a bhaint as na healaíona agus páirt a ghlacadh i gcur chun cinn na heolaíochta agus a sochair.’’ Tá an tSeirbhís Ealaíon ar aon dul le Beartas agus Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon Feabhsófar rochtain agus rannpháirtíocht trí thuiscint a fháil ar riachtanais na bpobal agus ar aon bhacainní a d’fhéadfadh a bheith rompu. Trí rochtain a fheabhsú féadfaidh gach cuid den phobal leas a bhaint as na healaíona. Tá sé mar aidhm ag an bPlean Ealaíon éagsúlacht a léiriú i gContae Chorcaí trí phrionsabail an chomhionannais, an chuimsithe agus an mheasa.  Tá aird ag Comhairle Contae Chorcaí ar bheartas náisiúnta arna cheapadh ag an gComhairle Ealaíon agus beartais náisiúnta eile ar chuimsiú, éagsúlacht, agus comhionannas.

Oibriú chun cabhrú leis an gCleachtóir Cruthaitheach slí bheatha inmharthana a bheith acu sna healaíona

I measc na gcleachtóirí cruthaitheacha tá ealaíontóirí, oibrithe ealaíon agus iad siúd atá ag baint slí bheatha amach sna healaíona. Tá sé mar aidhm ag an tSeirbhís Ealaíon tacú leis an ealaíontóir trína chinntiú go soláthraíonn sí bearta agus seirbhísí cuí a bhaineann le riachtanais na n-ealaíontóirí, lena n-áirítear soláthar deiseanna forbartha gairmiúla, deiseanna oibre, luach saothair cothrom, agus rochtain ar mhaoiniú agus ar dheiseanna coimisiúin. Táimid ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán chun a ndearcadh a chur ar fáil dúinn ar na tacaíochtaí, na beartais nó na gníomhartha is féidir linn a chur i bhfeidhm chun gairm sna healaíona a dhéanamh inmharthana.

Ealaín a chuimsiú i dtionscnaimh agus i bhforbairtí comhfhorbartha áite a dtugann Comhairle Contae Chorcaí fúthu nó a dtacaíonn sí leo.

Tá na healaíona agus an cultúr lárnach chun na háiteanna ina mairimid a mhúnlú. Déantar áiteanna trí chaidrimh uathúla lena n-áirítear naisc shóisialta, timpeallachtaí, cultúir agus oidhreacht. Próiseas comhoibritheach is ea comhfhorbairt áite ina mbíonn ról ag rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal, páirtithe leasmhara eile agus comhlachtaí amhail an t-údarás áitiúil. Léiríonn taighde maidir le cultúr agus comhfhorbairt áite go bhfuil “ómós áite” mar phríomhghné i bhfolláine dhearfach daoine. Is féidir áiteanna a dhéanamh trí dhea-chleachtais ealaíne poiblí a chuireann an pobal i gceartlár an phróisis.

Áirítear le Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022-2028 cuspóir chun déanamh áite a chur chun cinn. Áirítear leis an gcuspóir seo, i measc rudaí eile, méadú ar spás urláir agus áiseanna cruthaitheacha, athúsáid foirgneamh stairiúil, feabhsuithe ar an ríocht phoiblí agus luach spásanna inrochtana don chultúr.

Tá ról ag an tSeirbhís Ealaíon saothair ealaíne poiblí a éascú faoi Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí. Oibríonn an tSeirbhís Ealaíon le Treoracha ón gComhairle, mar shampla Tithíocht, agus le comhlachtaí seachtracha amhail Oifig na nOibreacha Poiblí agus Bonneagar Iompair Éireann chun é seo a bhaint amach. Is éard is saothair ealaíne poiblí ann ná na saothair a fhorbraítear nó a shuiteáiltear i gcomhthéacs ina bhfuil deis ann do rannpháirtíocht leis an bpobal. Féadfaidh an saothar a bheith sealadach nó buan, in aon fhoirm ealaíne nó meán.

A chinntiú go bhfuil bearta Forbartha Inbhuanaithe agus bearta Oiriúnaithe agus Maolaithe Aeráide leabaithe inár seirbhísí agus inár mbeartais

Tá sé mar aidhm againn tacú le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus lucht féachana chun tionchar na hearnála ealaíon ar an gcomhshaol a laghdú agus tacú le gníomhú agus feasacht aeráide, comhpháirtíochtaí agus comhoibriú. Táimid faoi threoir ag beartais náisiúnta agus áitiúla um ghníomhú aeráide. Tabharfaidh an plean seo aird ar na gníomhartha seo a leanas ó Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Contae Chorcaí:

  • Oibriú le páirtithe leasmhara chun scéal cuimsitheach, roinnte a chothú chun pobail a thabhairt ar aistear an athraithe chun dul i ngleic le gníomhú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaol idir an cultúr agus an comhshaol nádúrtha.
  • Tacú le heagraíochtaí ealaíontóirí agus le páirtithe leasmhara dea-chleachtas comhshaoil a ghlacadh ina struchtúir oibre.
Tacú le tuilleadh forbartha ar na healaíona Gaeilge

Tá dhá cheantar Gaeltachta i gContae Chorcaí, Múscraí agus Cléire. Sa chontae i gcoitinne tháinig méadú beagán os cionn 14,000 ar líon na ndaoine (trí bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt go 238,226 i nDaonáireamh 2022.

Aithnítear Ealaíona Teangabhunaithe – drámaíocht, scéalaíocht, amhránaíocht, agallamh beirte, lúibíní agus an fhilíocht labhartha i Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge de chuid an Rialtais. Is iad na réimsí tábhachtacha seo de na healaíona a mbíonn tionchar ilghnéitheach acu ar dhaoine agus ar phobail.

 Leanfaidh Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí ar aghaidh ag plé le hEalaín na Gaeltachta, leis na hOifigigh Pleanála Teanga i Múscraí agus Cléire agus le comhlachtaí Gaeilge eile. Fáiltímid roimh do thuairimí ar na bearta ba chóir do Chomhairle Contae Chorcaí a chur san áireamh, dar leat, chun rannpháirtíocht leis na hEalaíona Gaeilge-Bhunaithe a chur chun cinn cibé acu mar chleachtóirí, rannpháirtithe nó lucht féachana.

Tacú le feidhm dhaonlathach agus forbartha beartais an údaráis áitiúil

Tacaímid le feidhm dhaonlathach Chomhairle Contae Chorcaí trí chomhairliúchán gníomhach agus rannpháirtíocht i dtreo tosaíochtaí agus cuspóirí insroichte agus inbhuanaithe a fhorbairt, ag gníomhú le hionracas agus ar mhaithe le leas an phobail, ag teacht lenár n-oibleagáidí eiticiúla, dlíthiúla, rialála agus polasaí rialtais. Tá athrú suntasach sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha ag tarlú in Éirinn. Tá tionchar aige seo ar shaol daoine. Bhí ról tábhachtach ag na healaíona i gcónaí maidir le spás riachtanach a sholáthar chun athruithe a léiriú agus a thuiscint. Tá na hEalaíona ina gcuid dhílis de shochaí fheidhmeach atá idir chuimsitheach agus daonlathach. Sa chomhthéacs seo fáiltímid roimh aon tuairimí atá agat maidir le conas is féidir le Comhairle Contae Chorcaí pleanáil a dhéanamh chun a cuid oibre a fhorbairt tuilleadh chun na healaíona a leabú laistigh de phobail, agus laistigh dár sainchúram polasaí níos leithne.

Research Digest: Culture and placemaking - CultureHive

Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí

Próiseálann Comhairle Contae Chorcaí d’eolas pearsanta chun an tseirbhís Ealaíon sa Chontae a fheabhsú agus a chur chun cinn. Próiseálaimid an t-eolas pearsanta seo ar bhonn toilithe faoi Airteagal 6(1)(a) RGCS. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig: arts@corkcoco.ie

Ní roinnfimid do chuid eolais phearsanta le tríú páirtí seachtrach ar bith. Tá cosaint do shonraí pearsanta mar phríomhthosaíocht ag Comhairle Contae Chorcaí agus próiseálfar do shonraí de réir ár bPolasaí Príobháideachais, atá ar fáil ag Data Protection & Privacy Statement nó i gcóip chrua ó oifig ar bith de chuid na Comhairle. Má tá aon cheist agat faoi Pholasaí Príobháideachais na Comhairle nó faoin eolas a choimeádann Comhairle Contae Chorcaí fút, déan teagmháil leis an gComhairle trí ríomhphost a sheoladh chuig dpo@corkcoco.ie nó scríobh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí, Comhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, Éire T12 R2NC.

""

Soláthraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí raon seirbhísí a chuidíonn le cothú agus forbairt na n-ealaíon go háitiúil. Gach bliain tacaímid le raon leathan ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus pobal ar fud an chontae chun a bheith páirteach sna healaíona, chun saothar nua a dhéanamh agus é a roinnt le lucht féachana. Baintear é seo amach trí scéimeanna maoinithe, cláir ealaíon rannpháirtíochta a fhorbairt agus a phleanáil, agus dul i gcomhpháirtíocht le comhoibrithe chun rannpháirtíochtaí ardchaighdeáin a sholáthar a shaibhríonn agus a chuireann le creatlach chultúrtha, eacnamaíoch agus shóisialta an chontae. I measc na dtionscnamh tá Oíche Chultúir, Cruinniú na nÓg, cláir ealaíon don tsláinte, ealaíontóirí cónaithe, cláir ealaíon leabharlainne, forbairt agus oiliúint ealaíontóirí, ealaíona na luathbhlianta, na healaíona san oideachas, ealaín phoiblí, ealaíona pobail, agus go leor eile.

Ár bhFís:

  • Contae ina gcuirtear luach ar na healaíona, ina dtacaítear leo agus ina gcothaítear iad ar mhaithe leis an bpobal, le healaíontóirí, le pobail agus le cuairteoirí chuig an gcontae.

Ár Misean:

  • Feabhas a chur ar fholláine agus ar chaighdeán beatha mhuintir Chontae Chorcaí trí rannpháirtíocht sna healaíona agus taitneamh a bhaint as na healaíona a chur chun cinn
  • Luach a chur ar ionchur uathúil na n-ealaíon chun contae bríomhar cultúrtha a chothabháil
  • Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur i gcroílár ár gcuid oibre
  • A bheith dírithe ar dhaoine inár gcur chuige
  • Machnamh ar thionchair chomhshaoil agus aeráide a chuimsiú san obair a dhéanaimid
  • Seirbhísí a sholáthar agus a fhorbairt sna healaíona atá oscailte, inrochtana, trédhearcach agus cuntasach.

Ár Seirbhísí

Áirítear le Seirbhísí Ealaíon Chontae Chorcaí maoiniú, clársceidealú, cónaitheachtaí, coimisiúnú agus forbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon.

Maoiniú

Cuireann an tAcht Ealaíon 2003 ar chumas údarás áitiúil cúnamh airgeadais nó cúnamh eile a chur ar fáil chun críocha:

  1. spéis an phobail sna healaíona a spreagadh
  2. eolas agus léirthuiscint i leith na n-ealaíon, agus cleachtadh na n-ealaíon a chur chun cinn;
  3. cabhrú le caighdeáin sna healaíona a fheabhsú

Faoi láthair tacaíonn Comhairle Contae Chorcaí le heagraíochtaí ealaíon, grúpaí deonacha ealaíon agus ealaíontóirí aonair faoi scéim na nDeontas Ealaíon, scéim na nEalaíon Gaeilge, an clár Ealaíontóirí sna Scoileanna, ranníocaíochtaí díreacha airgid d’ionaid ealaíon, an dámhachtain idirnáisiúnta um chur chun cinn d’ealaíontóirí, agus sparánachtaí ealaíontóirí. Bainistíonn an tSeirbhís Ealaíon Sparánacht Dearcán freisin, sparánacht bhliantúil do dhearthóir lonnaithe sa chontae le Benchspace i gCathair Chorcaí. Gach bliain tugtar cuireadh d’ealaíontóirí cur isteach ar chónaitheachtaí maoinithe i bhFondúireacht Bhaile an Ghleanna i Maigh Eo agus in Ionad Tyrone Guthrie i Muineachán chun tacú lena bhforbairt chruthaitheach.

Clársceidealú

  • Ealaíona Leabharlainne Oibríonn an tSeirbhís Ealaíon leis an tSeirbhís Leabharlainne chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíon-bhunaithe a sholáthar sna 25 leabharlann bhrainse agus sna 4 leabharlann taistil. Cuimsítear leis na cláir Seachtain na Gaeilge, Bealtaine, Cruinniú na nÓg, Clár Ealaíon samhraidh, Lá na hAfraice, Lá Náisiúnta an tSúgartha agus Féile Leabhar na bPáistí.
  • Scríbhneoir Cónaithe Oibríonn an scríbhneoir cónaithe le roinnt leabharlann gach bliain chun an scríbhneoireacht agus an chruthaitheacht a chur chun cinndo dhaoine fásta agus do dhaoine óga araon. Tacaíonn siad le grúpaí scríbhneoireachta nua agus reatha agus le cur chun cinn na litríochta ar fud an chontae.
  • Na Taibh-ealaíona Cuireann Oifig na nEalaíon seirbhís tacaíochta ar fáil do chláir na dtaibh-ealaíon d’ionaid agus d’fhéilte tuaithe. Tacaíonn sé seo go mór le gníomhaíocht amharclannaíochta i gceantair thuaithe ach cuimsíonn an tseirbhís taibhiú ceoil agus rince comhaimseartha freisin.
  • Na hAmharc-ealaíona Cuireann Comhairle Contae Chorcaí clár Dhánlann LHQ ar fáil i gceanncheathrú Leabharlann an Chontae. Tacaíonn an clár le hamharc-ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmeacha beatha, lena n-áirítear an Dámhachtain d’Ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, a chuimsíonn sparánacht agus tacaíocht choimeádaíochta chomh maith. Bíonn suim i gcónaí ag foireann na Seirbhíse Ealaíon freastal ar chuairteanna stiúideonna ar fud an chontae agus comhairle choimeádaíochta a sholáthar d’ealaíontóirí an chontae atá ag ullmhú d’iarratais ar mhaoiniú, do thaispeántais, srl.

Coimisiúnú

Déanann an tSeirbhís Ealaíon a dícheall chun tacú le cruthú saothair nua a bhaineann le muintir Chontae Chorcaí agus atá ar an gcaighdeán ealaíne is airde. Áirítear leis na coimisiúin le déanaí:

  • 2019 Dráma nua “Crossword” leis an scríbhneoir ó Thuaisceart Chorcaí, Katie Holly, arna choimisiúnú ag an Oifig Ealaíon lena léiriú i leabharlanna brainse.
  • 2022 Dráma Gaeilge do Pháistí leis an Scríbhneoir/Aisteoir Grace Kiely coimisiúnaithe lena léiriú i Leabharlanna, i gcomhpháirtíocht le hOifig na Gaeilge.
  • 2021 - 2023 ‘The Score’ suiteáil ilmheán amharc-ealaíne thumthach le James L Hayes.
  • 2022 – 2023 ‘To the Letter’, tionscadal taighde amharcealaíne agus taispeántas camchuairte le Dolores Lyne, i gcomhpháirtíocht leis an Oifig Oidhreachta agus Coiste Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí.
  • 2024 Coimisiún nua i gcomhpháirtíocht le Ceol Iarthar Chorcaí (West Cork Music) chun ceiliúradh a dhéanamh ar 35 bliain ó fuarthas Cruitchlár Chontae Chorcaí.

Bainistíocht ar Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon agus ar na Cláir Ealaíne Poiblí do Chomhairle Contae Chorcaí

Oibríonn an tSeirbhís Ealaíon i gcomhpháirtíocht le stiúrthóireachtaí eile de chuid Chomhairle Contae Chorcaí chun saothair ealaíne a choimisiúnú agus a sholáthar mar chuid de na cláir Ealaíne Poiblí agus Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon Is iad aidhmeanna na gclár seo ná daoine i gCorcaigh a mhealladh le healaín chomhaimseartha ardchaighdeáin i ngach foirm ealaíne i raon comhthéacsanna, feabhas a chur ar an ríocht phoiblí agus cur le comhfhorbairt áite trí chleachtas ealaíne comhaimseartha.

Rannpháirtíocht sa Phobal, Oideachas agus Rannpháirteachas

Oibríonn Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí i gcomhpháirtíocht le rannpháirtíocht ealaíon bhríoch a sholáthar do dhaoine idir óg agus aosta i gContae Chorcaí. Ina measc seo tá:

  • Ealaíona don tSláinte, Iarthar Chorcaí: Clár comhpháirtíochta chun cur ar chumas daoine scothaosta a fhaigheann rochtain ar ospidéil agus ionaid lae Iarthar Chorcaí taitneamh a bhaint as saol cruthaitheach agus sásúil trí na healaíona le raon ealaíontóirí.
  • Fiosrúchán Cruthaitheach, Ionad Ealaíon Sirius: Tionscadal forbarthach a scrúdaíonn cuir chuige chun idirghníomhú le daoine scothaosta trí ghníomhaíocht chruthaitheach.
  • Compánaigh Chultúrtha: Tá sé mar aidhm ag an gclár seo deiseanna méadaithe a chur ar fáil do dhaoine scothaosta ar mian leo páirt a bheith acu i saol bríomhar ealaíon agus cultúir na hÉireann chun nascadh le daoine atá ar aon intinn leo i moil éagsúla ar fud an chontae.
  • BEAG: Déanann an clár tumthach seo iniúchadh ar na féidearthachtaí forbartha a bhaineann le súgradh, samhlaíocht, cruthaitheacht agus léiriú do leanaí faoi bhun trí bliana d'aois i suíomhanna cúram leanaí. Chomh maith leis sin, forbraíodh eispéiris aonuaire do leanaí idir 0-3 bliana d'aois agus a dteaghlaigh i leabharlanna.
  • Is clár ar fud an chontae é Scannánóirí Óga Chorcaí a sholáthraíonn rochtain ar scannánaíocht do dhaoine óga idir 14 agus 19 mbliana d’aois, le tacaíocht ó scannánóirí gairmiúla.
  • Is tionscadal comhpháirtíochta í Conair Ceoil Shliabh Luachra le hOifigí Ealaíon de chuid Chomhairle Contae Chiarraí agus Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo oidhreacht cheoil réigiún Shliabh Luachra a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Oideachas

  • Tuning-Up agus Composer in the Classroom: Meallann na cláir cheoil seo rannpháirtíocht do leanaí agus do dhaoine óga san oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile.
  • Theatrix. Tionscadal Sorcais i Scoileanna do Bhunscoileanna
  • Creataí (Frameworks): Gach bliain, déantar saothair ealaíne ó Bhailiúchán Ealaíne an Chontae a shuiteáil i roinnt bunscoileanna ar fud an chontae. Meallann éascaitheoir ealaíne ranganna a fhreagraíonn don bhailiúchán.

Rannpháirtíocht an Phobail

  • Oíche Chultúir Gach Meán Fómhair oibríonn Comhairle Contae Chorcaí le hoibrithe deonacha, ealaíontóirí agus eagraíochtaí chun raon ealaíon agus cruthaitheachta a léiriú ar fud an chontae. Tá sé seo saor in aisce don phobal. Déanann Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí an clár a choimeád agus a bhainistiú agus bíonn sé ar siúl i mbailte agus i sráidbhailte ar fud Chontae Chorcaí. In 2023 bhí breis agus 250 imeacht ar siúl in 21 baile agus sráidbhaile ar fud Chontae Chorcaí.
  • Tionscnamh na n-oileán is ea Áiteanna Ildánacha Oileáin Iarthar Chorcaí arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Comhairle Contae Chorcaí, ó 2022 – 2025. Forbróidh agus cothóidh sé teacht aniar cultúrtha faoi stiúir an phobail ar fud na 7 nOileán Iarthar Chorcaí a bhfuil cónaí orthu ar bhealach fadtéarmach, bríoch a thacaíonn le leas comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch na háite.
  • Éire Ildánach: I ngach ceann de na 31 údarás áitiúil, tá Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta bunaithe ag Clár Éire Ildánach a thugann le chéile saineolas áitiúil sna healaíona, san oidhreacht, sna leabharlanna, san fhiontraíocht agus i rannpháirtíocht sa phobal, chun comhoibriú a chothú agus tionscnaimh nua a spreagadh. Ceapadh Comhordaitheoir Chlár Éire Ildánach áitiúil agus Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Ildánacha do gach údarás áitiúil. Ag croílár an chláir tá an fhís bhunaidh nach mór don chruthaitheacht a bheith ag croílár an bheartais phoiblí agus go gcuirtear folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin i gcoitinne chun cinn go héifeachtach le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha.

Forbairt Ghairmiúil Ealaíontóra

  • Deiseanna oibre Tá raon deiseanna oibre ann d’ealaíontóirí i ngach foirm ealaíne ar fud an chontae, trí raon de chláir rannpháirtíochta poiblí agus oideachais na seirbhísí ealaíon. Bíonn gairm bhliantúil ann ar éascaitheoirí a gcuirtear deiseanna oibre ar fáil dóibh ansin i réimsí mar Chreataí, Bealtaine, Cruinniú na nÓg, srl.
  • Oiliúint agus Forbairt Eagraíonn Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí seimineáir ghréasáin, seimineáir, ranganna teagaisc duine le duine agus modúil oiliúna ar bhonn rialta chun tacú le forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus eagraíochtaí. I measc na samplaí is déanaí tá clár oiliúna le VAI (Amharc-Ealaíontóirí Éireann) d’amharc-ealaíontóirí.
  • Comharghrúpa Ealaíontóirí, MÓR: Thacaigh Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí le bunú agus forbairt leanúnach an Chomharghrúpa Ealaíontóirí, MÓR i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Ealaíona na Coille Léith.

Comhionannas, Éagsúlacht, Cuimsiú

  • Is clár cruthaitheach cuimsitheach é Leabharlann Rainbow do dhaoine óga LADTIAÉ+ a bhfuil suim acu i scríbhneoireacht agus i léiriú.
  • Is tionscnamh é Dioscó Uilechuimsitheach a fhaigheann tacaíocht ón gclár Éire Ildánach a chuireann eispéireas dioscó atá inrochtana ar fáil do dhaoine óga faoi mhíchumas
  • 'Rochtain ar Gach Réimse (Access All Areas)' oiliúint in inrochtaineacht, rannpháirtíocht agus cuimsiú d'eagraíochtaí gairmiúla agus deonacha ealaíon.
  • Na healaíona le pobail na hÚcráine agus IPAS (Seirbhísí Lóistín na Cosanta Idirnáisiúnta) Déantar é seo a éascú trí scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear Éire Ildánach, Lá Idirnáisiúnta an tSúgartha, Cruinniú na nÓg agus Lá Náisiúnta an tSúgartha.