Thomas Francis Meagher
(3 Lúnasa, 1823 - 1 Iúil, 1867)
Nuair a tugadh na Dúnta i gCuan Chorcaí ar ais do phobal na hÉireann ar an 11 Iúil 1938 cinneadh iad a ainmniú i gcuimhne ar phearsana cáiliúla Éireannacha seachas iad a ainmniú i gcuimhne ar phearsana cáiliúla Briotanacha. Athraíodh an t-ainm Dún Camden go dtí Dún Uí Mheachair, i gcuimhne ar Thomas Francis Meagher. Athraíodh Dún Westmooreland (Inis Píc) go dtí Dún an Mhistéalaigh, agus athraíodh Dún Carsile go dtí Dún an Dáibhisigh.
Ba i bPort Láirge, in Éirinn, sa bhliain 1823 a rugadh Thomas Francis Meagher, nó “Ó Meachair An Claíomh” mar ab fhearr aithne air. Is ó na hÍosánaigh i gColáiste Choill Chluana Gabhann, Contae Chill Dara, a fuair sé a chuid oideachais, áit ar tarraingíodh aird ar a scileanna óráidíochta nuair a bhí sé an-óg, an bua a d’fhág a lorg ar a ghairm. Ina dhiaidh sin, lean sé leis an staidéar faoi threoir Íosánach eile i gColáiste Stonyhurst, in Lancashire, Sasana, áit ar chuir sé críoch lena chuid oideachais sa bhliain 1843.
Ghlac sé páirt i ngluaiseacht Aisghairme Dhónall Uí Chonaill ag tús na 1840idí agus baineadh tairbhe as a scileanna óráidíochta chun argóint ar son Éire ceannasaí a dhéanamh. Cuireadh i gcomparáid é, go dearfach, le Wolfe Tone agus Robert Emmet. Sa bhliain 1846, thug Ó Meachair a chéad óráid ar ardán polaitiúil plódaithe, sa Halla Comhréitigh i mBaile Átha Cliath. Chuaigh a óráid i bhfeidhm go mór ar an mball d’Éire Óg, William Smith O’ Brien, a rinne cathaoirleacht ar an imeacht. Nuair a bunaíodh na ‘réitigh shíochána’, bhíothas ag súil go nglacfadh Ó Meachair leis an dúnghaois go bhfuil úsáid arm dochosanta agus mímhorálta i gcónaí, dúnghaois nár thaitin leis. Seachas sin, thug sé óráid níos fearr ná óráid ar bith eile a tugadh riamh mar gheall ar a ardéirim agus maorgacht liriciúil. Is fianaise é an sliocht gonta seo a leanas ar an gcúis ar tugadh “Ó Meachair An Claíomh” air. “Abhor the sword – stigmatize the sword? No, for at its blow a giant nation started from the waters of the Atlantic, and by its redeeming magic, and in the quivering of its crimsoned light, the crippled colony sprang into the attitude of a proud Republic.”
Sa bhliain 1849 thug sé dhá óráid frith-Aontais a thrascríobh beirt ghníomhairí Shasanacha. Dá thoradh, gabhadh é, cúisíodh é as tréas agus cinneadh go raibh sé le crochadh, le tarraingt agus go raibh ceathrúna le déanamh de. Bhí an chorp le diúscairt de réir mar a chinn banríon Shasana. Bhain gobharnóir coilíneach na hÉireann tairbhe as an rogha iompair, agus ar an 29 Iúil 1849, seoladh é féin, agus Ó Briain, Mac Mánais agus Ó Donnchadha, chomh fada le Críoch Van Diemen (An Tasmáin), san Astráil. Ag tús 1852 d’éalaigh sé ón Tasmáin agus bhain sé Nua-Eabhrac amach i mí Bealtaine trí thaisteal trí San Francisco. Bhain sé cáil amach mar léachtóir go gairid ina dhiaidh sin, agus sa bhliain 1853 d’fhoilsigh sé imleabhar dá óráidí faoi “Neamhspleáchas Reachtach na hÉireann.” Rinne sé go leor taistil i rith na tréimhse sin agus bhíodh na sluaite ag teacht chun éisteacht leis ag caint ar son shaoirse na hÉireann.
Glaodh chun Barra Nua-Eabhrac Ó Meachair in 1855. In 1856, i dteannta le John Savage, bhunaigh sé “The Irish News”, a bhí á fhoilsiú ar feadh roinnt mhaith blianta.
Ag tús an chogaidh cathartha in 1861, roghnaigh sé tacú le cúis an Aontais agus bhunaigh sé cuideachta de “Zouaves Éireannacha” do 69ú Reisimint. Nua-Eabhrac. Ag an gcéad chath de Rás Tarbh d’fheidhmigh sé mar Mhaor na reisiminte agus thug sé féin agus a chuid fear faoin gcath go cróga mar ba dhual dóibh. Ina dhiaidh sin, d’eagraigh sé Briogáid na hÉireann, a raibh breis is 7,000 fear páirteach inti. I mí na Samhna sa bhliain 1861 d’fhág sé Nua-Eabhrac agus thug sé aghaidh ar Washington agus an chéad reisimint de Bhriogáid na hÉireann ina theannta; agus reisimintí eile gan mhoill ina dhiaidh sin. In 1862, ceapadh é mar Bhriogáidireghinearál.
Bhain Briogáid na hÉireann Uí Mheachair cáil amach di féin ag Mechanicsville, Fair Oaks, Peach Orchard, Malvern Hill agus ag Antietam ina dhiaidh sin. In Iarthar Maryland, dhírigh Briogáid Uí Mheachair de chúig reisimint ar fhórsa Cónaidhmeach dea-chosanta i lána a raibh balla cloiche mar theorainn mórthimpeall air, rud ba chúis le comhrac fíochmhar a d’fhág na céadta daoine marbh agus leonta ar an dá thaobh, rud ba chúis leis an ainm, The Bloody Lane, a bhaisteadh ar an áit. Rinne breathnóir amháin cur síos ar na trúpaí Éireannacha, na bratacha glasa ar foluain (déanta ag Tiffany, ar a raibh manaí ársa Fíníneacha agus Gaelacha bróidnithe, agus atá ar taispeáint fiú sa lá inniu ann san Armory ar Ascaill Lexington i Nua-Eabhrac), agus chuir sé i gcomparáid iad le briogáid a bhí i mbun paráide, a gcuid beaignití socraithe, i gcéimeanna taobh lena chéile agus ag dul i ngiorracht do na Cónaidhmigh, agus é mar aidhm acu dul idir fir Stonewall Jackson iontach agus feachtasóirí cróga an Ghinearáil Longstreet. Fiú amháin nuair a bhí siad faoi ionsaí, stop an Ginearál Uí Meachair na hÉireannaigh chun deis a thabhairt dá Séiplíneach neamhbhásmhar, William Corby ó Notre Dame, a chuid fear a choisreacan. Leagadh, cailleadh nó leonadh thart ar 30% de bhriogáid chróga Uí Mheachair an lá sin. Aimsíodh an ceathrar gaiscíoch a adhlacadh faoi dheifir trí thimpiste agus dí-adhlacadh iad ionas go bhféadfaí searmanas adhlactha foirmiúil a eagrú sa bhliain 1994 sa reilig mhíleata in aice láimhe. In 1997 suiteáladh leacht cuimhneacháin cogaidh deiridh Antiem, in onóir Bhriogáid na hÉireann, agus tá íomhá chré-umha bhreá, rílíf-íseal, de Ó Meachair anois ag breathnú amach ar na garraithe inar bhain a fhir throdaíochta dhílse cáil neamhbhásmhar amach dóibh féin d’airm Mheiriceánacha. Nuair a bhí an cogadh thart, ceapadh é mar Rúnaí agus mar Ghobharnóir Gníomhach Montana ina dhiaidh sin.
Ar an 1 Iúil, 1867, bádh Ó Meachair An Claíomh in imthosca mistéireacha i rith na hoíche nuair a bhí sé ag taisteal ar an ngaltán ar a tugadh an Thompson, ar Abhainn Missouri trasna ó Fort Benton. Tá séadchomhartha in onóir Uí Mheachair le fáil ar thailte Montana State Capitol. Ó Meachair agus an Trídhathach Nuair a bhí Tomás Proinsias Ó Meachair sna fichidí, sheol sé chomh fada leis an bhFrainc sa bhliain 1848, ag lorg tacaíochta míleata d’éirí amach a bhí beartaithe ag Éire Óg, ach níor éirigh lena iarrachtaí. Fad is a bhí sé sa Fhrainc, áfach, thug sé suntas don éifeacht aontaitheach a bhí ag bratach na Fraince ar an bpobal agus bhí sé den tuairim go raibh siombail aontaitheach den chineál céanna ag teastáil in Éirinn – chruthaigh sé ceann.
Ba é Tomás Proinsias Ó Meachair a dhear bratach náisiúnta ghlas, bhán agus oráiste na hÉireann sa bhliain 1848. Seasann an dath Glas don ghné Ghaelach agus Angla-Normannach níos sine den daonra, seasann an dath Oráiste do thacaíochtaí Protastúnacha Liam Oráiste, agus seasann an dath Bán don tsíocháin idir an dá cheann acu sin. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Hearne, “Is coincheap seanbhunaithe é an trídhathach — bhí sé de nós ag lucht leanúna Uí Chonaill é a chaitheamh mar chnaipe nó mar shais”. “Ní rabhthas ag glacadh leis mar shiombail náisiúnta an tráth sin, áfach. Thuig Ó Meachair na féidearthachtaí a bhain leis an trídhathach a úsáid mar shiombail náisiúnta agus mar fhórsa aontaitheach idir Caitlicigh agus Protastúnaigh in Éirinn.” Ina dhiaidh sin, is léir gur spreag Ó Meachair ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916, agus sa bhliain 1937 glacadh lena thrídhathach mar an bhratach náisiúnta.