Ciste Féilte & Imeachtaí Áitiúla 2025
Critéir & Treoir d’Iarratasóirí
RÓL CHOMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ
Tá Comhairle Contae Chorcaí ina ceannródaí go fóill chun táirge turasóireachta Chorcaí a fhorbairt agus chun Corcaigh a chur chun cinn thar lear mar cheann scríbe den chéad scoth do chuairteoirí agus is ranníocóir tábhachtach airgeadais í leis an iliomad féilte agus imeachtaí a reáchtáiltear ar fud Chontae Chorcaí gach bliain. Tugtar an-aitheantas anois don ról tábhachtach atá ag Údaráis Áitiúla sa turasóireacht i mBeartas Náisiúnta, Réigiúnach agus Áitiúil.
Tá réimse buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha ag baint le féilte agus imeachtaí. Cuirtear siamsaíocht ar fáil iontu, déantar ceiliúradh ar ár gcuid pobal, cuirtear ár sráidbhailte agus ár mbailte os comhair an phobail, agus is minic a léirítear féiniúlacht agus ómós áite iontu freisin. Bíonn siad ina gcuidiú chun gníomhaíocht gheilleagrach áitiúil a spreagadh agus chun an t-eispéireas cuartaíochta a fheabhsú. Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí d'fhéilte a chur chun cinn agus de thacaíocht a thabhairt dóibh ar fud an Chontae.
CAD É AN CISTE FÉILTE & IMEACHTAÍ ÁITIÚLA?
Feabhsaíodh an clár seo, a dtugtaí Ciste na bhFéilte Áitiúla air roimhe seo, chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na riachtanais a bhaineann le féilte agus imeachtaí ar fud Chontae Chorcaí de réir mar a thagann siad chun cinn.
Beartaíodh é chun níos mó ná cúnamh airgeadais amháin a chur ar fáil d'fhéilte agus d'imeachtaí agus feidhmíonn sé mar chlár forbartha iomlánaíoch lena gcothaítear forbairt agus inbhuanaitheacht féilte. Is léiriú í an athfhorbairt seo ar an aitheantas a thugann Comhairle Contae Chorcaí don tábhacht a bhaineann le tacaíocht d'imeachtaí beoga éagsúla agus le hacmhainní a chur ar fáil d'eagraithe chun cur leis an séasúr turasóireachta agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a fhorbairt.
Tá méadú tagtha ar an gcistiú don chlár agus raon níos leithne ag baint leis, agus tá meicníochtaí ann anois chun tacú le réimse leathan imeachtaí, imeachtaí spóirt san áireamh. Tá deontas breise ar fáil freisin le haghaidh tionscnaimh ina dtugtar tús áite don inbhuanaitheacht agus ina bhfuil an cumas ag na heagraithe cleachtais a ghlacadh atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.
Dearadh an tionscnamh feabhsaithe seo chun cuidiú le féilte/imeachtaí éagsúlacht a chur ina gcuid gnóthaí, lucht féachana níos leithne a mhealladh agus a rathúlacht a chinntiú don todhchaí.
CAD IAD NA COINNÍOLLACHA CÁILITHEACHA & NA TAIRSEACHA ÍOSTA INCHÁILITHEACHTA?
- Ní mór go mbeidh an fhéile/an t-imeacht ar siúl laistigh de limistéar geografach Chontae Chorcaí.
- Ba chóir go gcuirfí an-bhéim san fhéile/imeacht ar chuairteoirí in Éirinn a mhealladh.
- Ní mór go n-íocfaidh cuairteoirí as 150 oíche lóistín ar a laghad mar gheall ar an bhféile/imeacht.
- Ba chóir go mbeadh caiteachas íosta €7,500 ag baint leis an tionscadal.
- Ní mór go n-áireofar ábhar ardchaighdeáin le clár na féile/an imeachta agus go mbeidh achoimre sa chlár seo ar na himeachtaí atá beartaithe agus ar na suíomhanna agus na sonraí a bhaineann leo.
CÉ MHÉAD MAOINITHE ATÁ AR FÁIL ÓN gCISTE SEO?
Is é €6,000 an deontas is mó is féidir a bhronnadh ar fhéile/imeacht.
CAD IAD NA CRITÉIR MHEASTÓIREACHTA (100 Marc san Iomlán)?
- Clár na Féile/an Imeachta (30 Marc)
Ní mór go n-áireofar ábhar ardchaighdeáin le clár na féile/an imeachta. Is é seo cumas na féile/an imeachta cuairteoirí a mhealladh, cuidiú le fad an tséasúir turasóireachta a mhéadú agus tuilleadh cuairteoirí a mhealladh chuig ceantar na féile/an imeachta, agus iad scaipthe lasmuigh de phríomhshuíomh na féile/an imeachta.
- Margaíocht, Cúrsaí Digiteacha & Comhoibriú (30 Marc)
Conas a chuirfear an fhéile/an t-imeacht chun cinn chun spéis a spreagadh agus turasóirí a mhealladh? Déanfaimid meastóireacht ar conas a chuirfear an fhéile/an t-imeacht i láthair ar líne agus trí chainéil margaíochta digití, ar conas a chruthófar agus a roinnfear ábhar digiteach spreagthach san áireamh. Chomh maith leis sin, déanfar meastóireacht ar an méid comhoibrithe idir an fhéile/an t-imeacht agus pobal na háite agus eagraíochtaí/comhpháirtithe/líonraí eile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an bhféile/imeacht do mhuintir na háite agus do chuairteoirí.
- Acmhainn & Buiséid na Foirne Soláthair (20 Marc)
Déanfar measúnú ar an leibhéal cumais eagraíochtúil atá léirithe ag an bhféile/imeacht chun an fhéile/an t-imeacht a chur i láthair agus ar fheabhas an bhuiséid atá beartaithe. Cuirfear taithí agus cumas na n-eagraithe san áireamh agus scrúdófar inbhuanaitheacht airgeadais na féile/an imeachta freisin.
- Oiriúnacht don Eispéireas Cuartaíochta (10 Marc)
Déanfar meastóireacht ar an méid a chuirfidh féilte/imeachtaí leis an eispéireas cuartaíochta. Sa chuid seo, ba chóir d'iarratasóirí béim a chur ar chumas na féile/an imeachta turasóirí in Éirinn a mhealladh, fad an tséasúir turasóireachta a mhéadú agus aird a tharraingt ar ghnéithe agus sineirgí áitiúla an réimse ábhartha de chár Fáilte Éireann.
- Slí an Atlantaigh Fhiáin – an chéad bhealach turasóireachta fadraoin in Éirinn, feadh chósta an Atlantaigh ó Dhún na nGall go hIarthar Chorcaí. Is é aidhm fhoriomlán an tionscadail seo ná bealach a fhorbairt ionas go mbeidh cósta thiar na hÉireann níos feiceálaí i margaí turasóireachta thar lear.
Tuilleadh eolais ag: Wild Atlantic Way - Sean-Oirthear na hÉireann – is é an aidhm fhoriomlán atá leis seo ná cuairteoirí a mhealladh chuig oirthear agus deisceart na hÉireann. Tarraingeoidh sé aird idirnáisiúnta ar an bhflúirse taitneamhachtaí cultúrtha agus oidhreachta atá suite anseo. Dearadh é chun freastal ar mhargadh na dturasóirí atá ar thóir ciúnais agus cultúir agus tá an stair, an oidhreacht agus an seanchas ag croílár an bhranda.
Tuilleadh eolais ag: Ireland's Ancient East - Croílár Ceilte na hÉireann – níl aon teorainn leis na rudaí éagsúla is féidir le daoine idir óg agus aosta a dhéanamh ar feadh na Sionainne agus ar Shlí Bhéara-Bréifne. D'fhorbair Fáilte Éireann clár atá sainmhínithe go soiléir i gcomhair Chroílár Ceilte na hÉireann, branda atá bunaithe ar phobail tuaithe agus ar a stíl mhaireachtála agus ar an líon mór áiteanna eachtraíochta agus suaimhnis sa réigiún seo.
Tuilleadh eolais ag: Ireland's Hidden Heartlands
- Tiomantas do Chleachtais Inbhuanaithe (10 Marc)
Tá Comhairle Contae Chorcaí thar a bheith tiomanta dul i ngleic leis an athrú aeráide, mar a achoimrítear i Straitéis Oiriúnaithe Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí. Molaimid d'fhéilte/d'imeachtaí tionchar a gcuid gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a mheas agus tiomantas a léiriú do chleachtais inbhuanaithe. Iarrfar ar iarratasóirí achoimre a dhéanamh ar na céimeanna a ghlacfaidh siad le go mbeidh a bhféile/a n-imeacht glas agus ba chóir dóibh díriú ar dhá cheann ar a laghad de na cúig réimse seo a leanas:
- Dramhaíl a íoslaghdú agus athúsáid ábhar a mhéadú.
- Scaradh dramhaíola agus athchúrsáil.
- Bainistiú bruscair.
- Ídiú fuinnimh agus uisce a laghdú.
Dea-chleachtais chomhshaoil a chur in iúl agus a chur chun cinn don lucht freastail.
IARRATAS ROGHNACH AR DHEONTAS BREISE CHUN TACÚ LE TIONSCNAIMH INBHUANAITHE
Is féidir iarratas roghnach a chur isteach ar dheontas breise chun cuidiú leis an gcostas a bhaineann le tionscnaimh inbhuanaithe a chur i bhfeidhm do d'fhéile/d'imeacht. Dearadh an cistiú seo chun tacú le hiarrachtaí an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn. Is é €1,500 an deontas is mó atá ar fáil ón gciste seo chun féilte/imeachtaí a spreagadh le bearta a ghlacadh ar nós dramhaíl a laghdú, acmhainní a chaomhnú agus cleachtais nach ndéanann dochar don timpeallacht a chur chun cinn. Is léiriú é an tionscnamh seo ar thiomantas Chomhairle Contae Chorcaí inbhuanaitheacht a chothú laistigh d'earnáil na bhféilte/na n-imeachtaí.
CÉ ATÁ IN ANN IARRATAS A CHUR ISTEACH?
Grúpaí, comhlachtaí agus daoine aonair a bhfuil seoladh gnó agus Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach acu i bPoblacht na hÉireann.
CATAGÓIRÍ
Chun bheith incháilithe don chistiú seo, ní mór go mbainfidh féilte/imeachtaí le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
- Féilte Oidhreachta.
- Féilte Teaghlaigh.
- Féilte Litríochta.
- Féilte Ceoil.
- Féilte Bia .
- Féilte Oíche Shamhna.
- Imeachtaí Spóirt.
- Féilte Ealaíon.
- Féilte Ginearálta.
FÉILTE/IMEACHTAÍ NEAMH-INCHÁILITHE
Níl na féilte agus na himeachtaí seo a leanas incháilithe do chistiú:
- Imeachtaí ar imeachtaí tráchtála iad ina n-iomláine.
- Imeachtaí atá teoranta ó thaobh turasóirí in Éirinn a mhealladh de.
- Seónna talmhaíochta agus aontaí tuaithe atá teoranta ó thaobh turasóirí a mhealladh de.
- Imeachtaí spórt atá bunaithe ar lucht féachana agus atá teoranta ó thaobh turasóirí a mhealladh de.
- Sorcais agus carnabhail.
- Aontaí agus margaí Nollag, imeachtaí soilsithe Nollag san áireamh.
- Féilte Lá Fhéile Pádraig.
COSTAIS INCHÁILITHE
Tá na costais seo a leanas incháilithe faoin gciste seo:
- Ábhar an chláir agus Léiriú an Imeachta – gníomhaíochtaí agus imeachtaí atá san áireamh le clár na féile.
- Margaíocht – gníomhaíocht mhargaíochta agus phromóisin, costais a bhaineann le fógraíocht, margaíocht ar líne agus caidreamh poiblí san áireamh.
- Oiliúint agus Forbairt – costais a bhaineann le cúrsaí oiliúna, brandáil na féile agus staidéir féidearthachta.
COSTAIS NEAMH-INCHÁILITHE
I measc na gcostas nach gclúdaítear faoin gciste seo tá:
- An costas ar earraí atá le hathdhíol.
- Caiteachas neamhíoctha.
- Fíneálacha, íocaíochtaí pionóis, costais dlí, táillí iniúchóireachta, táillí sainchomhairle airgeadais, táillí árachais, ceadúnú.
- Caiteachas neamhdhearbhaithe.
- Costais a bhaineann le struchtúir bhuana, tógáil nó athchóiriú.
SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
Is féidir iarratas a chur isteach ar an gcistiú idir 9am Dé hAoine, 13 Nollaig 2024, agus 5pm Dé Luain, 20 Eanáir 2025.
CEISTEANNA
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le localfestivalfund@corkcoco.ie.
Nóta: Ní dheimhnítear cistiú i gcás iarratais a shásaíonn na riachtanais cháilitheachta íosta. Tá teorainn leis an gciste agus measúnófar gach iarratas incháilithe ar bhonn iomaíochta in aghaidh na gcritéar arna leagan amach.